iPhone nua

Níos lú agus níos saoire

D’fhógair Apple inniu go bhfuil siad ag eisiúint iPhone nua, an ceann is saoire a bheidh ar an margadh acu.

Beidh an iPhone SE ar fáil le nordú ó Dé hAoine 17 Aibreán ar €499 nó $399 ó suíomh gréasáin Apple.

iPhone dathanna, dubh, bán agus dearg

Beidh 3 dhath ar fáil; dubh, bán nó dearg agus tá rogha stóras freisin, ach íocfaidh tú níos mó as na GB breise. Is 64 GB stóras atá i gceist nó leagan 128 GB nó 256 GB a roghnú.

Sna toise fisiceach, roimhe seo ba é an iPhone 11 Pro, an ceann is lú i measc na cinn nua a bhí ar fháil leis an scáileán 5.8 horlaí. Tá scáileán 4.7 horlaí ag an SE, ag cur iPhone níos sine 6, 6S, 7 agus 8 i gcuimhne.

Is leagan nua é den iPhone SE a d’eisigh siad i 2016 agus glacfaidh an ceann seo áit an iPhone 8 a bheidh anois ar scor acu. Cosúil freisin leis an iPhone 8 tá an cnaipe baile agus aitheantas tadhaill, níl aghaidh-aithint mar a bhí ar na iPhone nua go léir go dtí seo.

Níl ach lionsa amháin leathanuilleach ag an ceamara 12-meigiphicteilín. Is 7-meigiphicteilín an ceamara éadain atá mód portráide ar fáil freisin, rud nach raibh leis an iPhone 8.

Tá port tintrí agus níl aon seac cluasán. Seolfaidh Apple amach na iPhone nua SE seo ón 24 Aibreán 2020 ar aghaidh.

Beidh iTunes á scriosadh

Tar éis 18 bliana ar an bhfód, d’fhógar Apple go mbeidh iTunes á scriosadh acu sa chéad uasdátú córas oibriúchán eile. Tháinig an scéal amach ag Comhdháil bhliantúil Apple (WWDC 2019) in San Jose, California, Meiriceá.

Craig Federighi ag wwdc2019

Tiocfaidh an córas oibriúchán macOSCatalina isteach agus scriosfar an iTunes ón Mac, ina áit, beidh na aipeanna seo:
– Apple Music
– Apple TV
– Apple Podcasts

Beidh aon ceol agus seinnliostaí a bhí agat, ar fáil go uathoibríoch ar an Aip ‘Apple Music’, beidh do chuid podchraoltaí ar ‘Apple Podcasts’ agus beidh na físeán agus scannáin ar fad ar ‘Apple TV’.

Ní hé iTunes (mar ní bheidh sé ann) ná aon ceann de na aipeanna seo a dhéanfaidh an cúltaca nó sionc leis an iPhone duit, mar a rinneadh roimhe seo. Beidh an rogha seo le fáil sa Finder.

Beidh an córas oibriúcháin nua; macOS Catalina, ar fáil, go forleathan, san Fhómhar. Mura bhfuil fonn ort fanacht go dtí Meán Fómhar, is féidir teacht ar roimhe sin – Beidh leagan beta ar fáil go poiblí an mhí seo chugainn, Mí Iúil 2019. Cláraigh anois, agus nuair a bheidh an leagan seo ar fáil duit cuirfear ar an eolas thú.

Is féidir triail a bhaint as níos túisce ná sin fiú:

Anois díreach, is féidir le forbróirí Apple, macOS Catalina (agus iOS 13) a úsáid. (Mholainn gan do phríomh gaireas a úsáid más féidir, leis an leagan beta beidh neart fabhtanna ar ndóigh.) Ní gá ach $99 a íoc le clárú mar forbróir.

Más PC atá in úsáid agat, ní bheidh aon athrú ar an iTunes seo agus fanfaidh rudaí mar an gcéanna.

5 giuirléide

An chéad rogha atá déanta againn sa tsraith seo, beidh samplaí eile ag teacht, de giuirléidí a d’fhéadfá a cheannacht i gcóir bronntanas Nollag.

1. Callaire Cliste

Echo nó Google Home

Roinnt bliant ó shin, ba táirge Amazon, an Echo a bhí i bhfad chun tosaigh ar aon callaire cliste eile ach anois tá táirge Google, an GoogleHome tagha suas leis agus san iomaíocht.

Amazon Echo (Alexa)

Cosúil le Siri an Apple nó Cortana, Microsoft tá ainm tugtha ag Amazon don ghlór a chabhraíonn linn agus muid ag úsáid an callaire cliste seo – Alexa. Tosaíonn Alexa nuair a labhraíonn muid an t-ainm ‘Alexa’ agus leantar leis an ordú nó an cheist atá againn.

GoogleHome (‘Assistant’)

Difríocht ollmhór le ‘Assistant’ nó an cúntóir / glór an GoogleHome seachas cinn eile, níl aon pearsantacht nó ainm tugtha dóibh don ghlór céanna. Úsáidtear na focail ‘Ok Google’ nó ‘Hey, Google’ chun an cúntóir seo a thosú.

Amazon Echo Products
Echo €99.99 / £79.99

Má tá callaire níos lú uait (agus costas níos lú) Echo Dot €49.99 / £29.99. Más ceol atá uait, b’fhéidir go mbeadh callaire ar chaighdeán níos fearr ag teastáil. Is féidir Bluetooth nó an seac fuaime 3.5mm a úsáid chun callairí níos fearr a shocrú suas.

Más teach cliste atá uait, tagann an Echo Plus €149.99 / £140), le Zigbee hub ionsuite chun gléasanna a rialú, mar shampla bolgán Philips Hue. Smaoineamh maith ach an bhfuil an ceann seo réidh i gcóir na tithe ar fad os rud nach bhfuil na gléasanna ar fad againn, seans nach bhfuil.

Tá scáileán tadhaill san áireamh leis an Echo Show, €229.99 / £200 mar sin tá an idirghníomhú leis an chúntóir go hiomlán difriúil, is féidir ábhar físeach mar shampla fotha ó ceamara slándála a fheiceáil.

San iomaíocht le táirgí Amazon luaite, tá táirgí ag Google.
Google Home Products
Home an príomh táirge €99 / £89 in iomaíocht an Echo.
Google Home Mini €59/ €39, in iomaíocht an Echo Dot agus tá sé sách saor chun a scaipeadh tríd do theach. Níl aon aschur fuaime faraor, mar sin ní féidir é a cheangailt go héasca le córas Hi-Fi seachtrach. (Seachas an haic seo a rinneadh duine agus a roinn ar líne seac fuaime 3.5mm a chur leis)
Google Home Max, is callaire dírithe ar ceol.
Google Home Hub le scáileáin cliste san iomaíocht leis an Echo Show.

Ba bhreá linn cloisteáil uait má tá aon ceann de na táirgí seo in úsáid agat. Céard a cheapann tusa?

Fadhbanna Facebook

B’feidir go raibh do cheann faoi cloch éigin le do méaracha i do chluasa, nó bhí tú sa phub agus ní fhaca tú an spéir don deireadh seachtaine, ach bhí cúpla lá gnóthach ag Facebook. Tháinig sé chun cinn go raibh comhlacht anailís sonraí darbh ainm Cambridge Analytica, ag déanamh rudaí amhrasach le sonraí ó Facebook le dhá bliain anuas (agus b’fhéidir go raibh fios ag Facebook cad a bhí á dhéanamh acu an t-am ar fad). Tháinig an scúp ón NY Times, agus an Observer, agus bhí scéal freisin déanta ag Channel 4 cúpla lá ina dhiaidh sin. Tharraing an scéal ó C4 aird an phobail in Éireann agus sa UK, mar bhí taifead déanta acu gan fhios do Cambridge Analytica agus a CEO Alexander Nix. Bhí sé ag déanamh gaisce faoi caimiléireacht a bhí á dhéanamh acu i gcúrsaí polaitíochta, le cúnamh sonraí ó Facebook. Bhí tionchar polaitiúil bainte amach acu i tíortha éagsúla agus ní raibh aon náire aige faoi.

Bhuel, bhí a lán daoine an-míshásta le sin. Agus cad é an uirlis is láidre sa domhain inniu? Tá an ceart agat. An haischlib. Thosaigh #deleteFacebook ag treochtáil ar Twitter. B’fhéidir nach raibh an íoróin caillte ar gach duine a bhí ag úsáid suíomh meán shóisialta chun gearán a dhéanamh faoi na fadhbanna suíomh meáin shóisialta.

Leis an ngreann a fhágáil inár ndiaidh b’fhéidir gur chabhraigh an haischlib! Ghlaodh Comhdháil na Stát Aontaithe agus coiste parlaiminteach san Ríocht Aontaithe ar Mark Zuckerberg chun ceisteanna a chuir air.

Ní rud mór é go Mark Zuckerberg mar, tá sé éasca leithscéal a dhéanamh os comhair an pobal (mar a dhéanamh BP tar éis an timpiste i 2010, ach is féidir dúinn praghas a chuir ar an droch poiblíocht. Thit luach margaidh Facebook thart ar $50 Billiún idir Dé hAoine agus Dé Máirt. Cobhsaigh an phraghas Dé Céadaoin, ach bhí 10% imithe ón luach margadh. Ag an tráth is measa bhí timpeall ar 12.5% imithe($162 don scair vs $185 don scair).

Chun é a chur i gcomhthéacs… ag an am a scríobhadh an alt seo, tá caipitliú margaidh Facebook timpeall ar $492 Billiún. Is é $61.5 Billiún timpeall ar 12.5% don caipitliú margaidh (beagnach). Is é $61.5 Billiún – agus ná dearmad, tharla sé sin i 2 lá;
– Timpeall ar 60% don “bailout” in Éireann i 2010 (aisíocaíocht a thógann tríocha bliain
– Níos mó ná an GDP ón 117 Tíortha
– Níos mó ná an ioncam iomlán don gach comhlacht sa domhain seachas timpeall ar an 350 is airde
– Níos mo ná brabús glan gach aon comhlacht eile sa domhain
-dá mbeadh a dhotain €50 nótaí, agus thosaigh tú á dhíol amach ar ráta nóta amháin in aghaidh an soicind, ní bheadh tú críochnaigh an $61.5 Billiún chun Lá ‘le Pádraig an bhliain 2044.

Ach ná bíodh aon trua agat do Mark bocht, ní leis ach 28% do Facebook, agus mar sin ní laghdaigh a luach margaidh ach $17.3 Billiún. Tá sé sin coisiúl le GDP an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin.

Lá na Meán Sóisialta 2018

Arís i mbliana rinneadh bolscaireacht ar Lá na Meán Sóisialta – 16ú Márta 2018. Úsáid do chuid Gaeilge ar na Meáin Shóisialta leis an haischlib #LNMS18

Bhí ambassadóirí Seachtain na Gaeilge i DCU i mBaile Átha Cliath:

Bhí Pop-Up Gaeltacht ar an oíche:

Bhain Gaeilgeoirí ar fud na cruinne úsáid as an haischlib céanna chun pobal ar fad a tharraing le chéile ar líne.

Is iontach an smaoineamh agus ba bhreá linn níos mó den cineál seo nascú agus cuimsiú a fheiceáil níos minice. Maith sibh!

Slán iPod

Bhí an iPod ar an margadh beagnach 16 bliana agus dhíol ós cionn 400 milliúin ach ó an lá inniu ar aghaidh, ní bheidh fáil ar an iPod Nano ná Shuffle mar tá Apple tar éis iad a bhaint amach as na siopaí.

Tá fáil ar an iPod Touch fós.. Is féidir ceann 32 GB a fháil ar €229.00 nó má íocann tú €349.00 is féidir 128 GB a fháil (sin CBL san áireamh) Ach ní iPod i ndáiríre atá ann. Is cineáil ‘iPhone-lite’. Is é inniu deireadh ré an seinnteoir ceol neamhspleách Apple..

Seo an chéad fógra a bhí ag an iPod i 2001:

Faduda

Tá an haischlib #FADUDA le feiceáil ar líne le Mí anuas agus físeán YouTube beomhar bríomhar ag dul leis.

Is sraith vlaganna é Faduda do BBC Gaeilge curtha le chéile ag an chomhlacht léiriúcháin ‘Paper Owl Films‘.

Tá vlagálaithe óga spleodracha ag déanamh taifid ar fhíseáin iad féin don sraith. Tá go leor le rá agus go leor le tairiscint acu, ag cur ábhar úr digiteach ar líne do dhaoine atá 18-30 bliain d’aois.

Bíonn siad ag caint ar achan rud ó bhia go taisteal go smideadh go yoga. Ní sna 6 chondae amháin atá na físbhlagalaithe lonnaithe ach i gCeanada, sa Spáinn agus ar fud na cruinne.

Faigh amach mar a thagann Ian MacGabhann chun réitigh leis an sneachta i gCeanada agus bí ag coimhéad ar Amy Ní Cholgáin ag giollacht bia veigeánach óna hárasán sa Spáinn.

Is duine de na físbhlagalaí í Caoimhe Ní Chathail agus tá físeáin in airde aici faoi a céad turas i dtacsaí dubh, nodanna chun tú féin a choinneáil sásta agus cén dóigh sailéid ghasta a dhéanamh don obair.

 

Deir Karen Kirby, Léiritheoir Feidhmiúcháin, BBC Gaeilge, go bhfuil an fhoireann ar fad ar bís go bhfuil said “ag tabhairt deis do Ghaeilgeoirí óga dul i gceann agus i bpáirt le hábhar a bhaineann leo féin, ina dteanga féin agus é ar líne go heisiach.

“tá súil againn go spreagfaidh sé Gaeilgeoirí óga, díograiseacha eile a bheith páirteach ann.”

Is féidir teacht ar Faduda fríd an haischlib #FADUDA, bbc.co.uk/gaeilge ar leathanach Facebook BBC Gaeilge agus ar liosta BBC Gaeilge ar chainéal YouTube BBC TÉ.

Tandem

Aip Teanga Tandem Logo
Céard é?
Is Aip saor in aisce í Tandem atá ar fáil ó AppleGooglePlay ar féidir cleachtadh a dhéanamh ar (beagnach) teanga ar bith, Gaeilge san áireamh.

Labhair Teic na nGael le oifigeach caidrimh phoiblí agus teagmhála Tandem, Susanna, a thug gach eolas dúinn faoi. Ár mbuíochas léi as ucht a cuid ama agus as teagmháil a dhéanamh linn.

Úsáidtear an Aip chun teagmháil ‘one-on-one’ Tandem a bheith ag duine chun go múinfear teanga dhúchais saor in aisce, trí comhrá teacs, fuaim agus físeán.

Tá tuairim is 5,000 úsaideoir sa phobal Gaeilge tandem, idir Gaeilgeoirí agus foghlaimeoirí, ag cleachtadh na teanga. Tá an Aip seo áisiúil go háirithe do dhaoine taobh amuigh d’Éireann agus tugtar deis dóibh an teanga a labhairt agus a chloisteáil.

EOLAS:
1.       Is aip móibíleach saor in aisce í Tandem le tuairim is 150 teanga ar fáíl faoi láthair na huaire chun malartú
2.       Á fhorbairt ó 2015 le níos mó ná 1.8 milliún íoslódálacha domhanda
3.       Ar an aip, cuirtear beirt baill le chéile mar páirtnéirí teanga bunaithe ar suimeanna comónta, teangach líofa labhartha agus na teangacha ar mhaith leo a fhoghlaim
4.       Bíonn gach duine a dhéanann iarratais ar an aip measartha, ag cinntiú go bhfanann an pobal fáiltiúil agus cáirdiúil, agus díríthe ar foghlaim teanga
5.       Cuireann Tandem ceachtanna ar fáíl le teagascóirí deimhnithe. Is féidir le foghlaimeoirí coinne a dhéanamh, ceachtanna a fháil agus íoctar go huathoibríoch ar seo tríd an aip.

Íoslódáilte níos mó ná 1.8 milliúin uair ar fud na cruinne agus tá 148 teanga anois ar fáil trí pobal, Gaeilge, Béarla, Fraincís, Mongolian, Dothraki agus fiú 11 teanga chomharthaíochta.

Ar bhain tusa triall as Tandem go fóill? Ba bhreá linn bhur gcuid tuairimí faoi a chloisteáil.

Nuashonrúchán Windows 10

Amárach a bheidh Windows 10 nuashonraithe. Má tá uasdátú as féin roghnaithe agat, beidh an nuashonrúchán seo agat chomh luath agus a bheidh sé ar fáil, Aibreán 11. Is cosúil go bhfuil roinnt béim ar an chruthaíocht san uasdátú.

Anuraidh a bhí an uasdátú comóradh, gan rogha, a chur gnéithe cosúil leis an Bash Shell, téama dorcha, Windows Ink, Xbox Play Anywhere, agus tuilleadh, leis an córas oibriúcháin Windows 10.

Scríofa ar blog.windows.com tá an méid seo a leanas:

“The Creators Update is designed to spark and unleash creativity, bringing 3D and mixed reality to everyone and enabling every gamer to be a broadcaster.”

“Beyond creativity, it brings new features to Microsoft Edge, additional security capabilities and privacy tools, and so much more.”

Tá sé ráite go bhfuil an 3D go mór leis seo, go leor caint ar réaltacht bhreisithe agus ríomhaireacht holagrafach (HoloLens). Mar go bhfuil Microsoft ag cur síos ar turas ó 2d go 3D, tá uirlisí breise chun tacaíocht le inneachar 3D.
Demo ar stáitse ag ócáid Microsoft i Meiriceá 2016
Ag ócáid a bhí acu roimh deireadh na bliana 2016 i Meiriceá, taispeánú ar stáitse an chaoi go féidir le duine scan 3D de caisleán gainimh a ghlacadh ar fón cliste, a uaslódáil go Paint, deasaigh nó athraithe beaga a dhéanamh, a scrúdaigh i réaltacht bhreisithe ag úsáid HoloLens, agus ansin a sheoladh chuig chara le go féidir leo féachaint ar i réaltacht fhíorúil.

“We want you to move around a 3D world as naturally as you scroll through a document,” a dúirt Microsoft.

Má bhí deachrachtaí agat ag socrú suas PC nua, nó fuair an próiséas uasdátú nó suiteáil deacair le thuiscint, tá cúntóir cliste guthbheoite Microsoft ann chun cabhrú leat. Tá uasdátú déanta ag Microsoft ar Cortana, sa chaoi go bhfuil an seirbhís anois ábalta cabhrú leat ag socrú suas do ghléas nuair a bhíonn tú ag íoslódáil nó ag suiteáil bogearra nua.

Bíonn Cortana díchumasaithe de réir réamhshocraithe mar sin is gá duit Cortana cuir i ngníomh le go féidir úsáid a bhaint as.

Cliceáil an bosca cuardaigh ar an tascbharra. Nuair atá an fuinneog cuardaigh agat, cliceáil an deilbhín Notebook ar taobh na lámha clé den fhuinneog.
seat den scáileán ag cur Cortana i ngníomh ar Microsoft
Cliceáil ar an deilbhín socruithe ‘Settings’ ar taobh na lámha clé den fhuinneog. (Ach tabhair faoi deara má chliceáileann tú ar an deilbhín do socruithe roimh a bhíonn Notebook ar oscailt, osclóidh sin socruithe córas in áit na socruithe i gcóir Cortana)

Anois, ag úsáid an ríomhaire mar go hiondúil, ach má theastaíonn Cortana uait, ní gá ach ‘Hé, Cortana’ a rá agus an ordaigh nó ceist. Ach ná fan ar Cortana tar éis duit an leid gníomhachtú ‘Hé, Cortana’ a thabhairt, lean ort leis an cuid eile den abairt, ní gá fanacht chun deimhniú a bhfuil Cortana ‘ag éisteacht’.

Beidh muid ag tnúth le cloisteáil ó dhaoine faoi na cuid tuairimí a bheidh agat ar Windows 10 nua ‘Creators Update’.

CoderDojo (as Gaeilge)

Céard é CoderDojo?

Togra a thosaigh in Éireann (as Béarla) ach tá anois ar fud an domhain á reáchtáil i dteangacha éagsúla agus trí chultúir éagsúla ach leis an bunphrionsabal céanna.

Ba James Whelton, a bhí ina dhéagóir agus i gCorcaigh ag an am, a chur tús le club ríomhaireachta ina scoil, a thug faoi deara go raibh bearna ann do dhaoine óga a raibh suim acu i códú. D’aimsigh sé infheisteoir aingil, fiontraí Astrálach Bill Liao, a chabhraigh leis méadú scála a dhéanamh ar a chlub. Trí bliana ina dhiaidh sin, bhí níos mó ná 100 Club CoderDojo in Éireann, 360 ar fud an domhan agus an cuid is fearr den scéal ná go raibh seo ar fad saor in aisce agus á reáchtáil ag oibrithe deonach.
CoderDojo Logo
CoderDojo as Gaeilge

Tá Club láidir CoderDojo i nGaoth Dobhair ag feidhmiú trí Ghaeilge go leanúnach. D’iarr Teic na nGael ar Andy Caomhanach, a bhíonn i mbun an chlub seo, cén saghas rudaí a bhíonn ar siúl acu.

“I mbliana tá muid ag obair ar roinnt tograí spéisiúl. I measc na nithe sin ná “Arcade Machine” déanta as sean teilifís, raspberry pi zero agus neart mdf. Tá muid ag iarraidh raspberry pi a chur suas chuig an stratosphere.”

Tá siad freisin ag déanamh cluiche iOS/Android agus súil acu go mbeidh seo ar fáil go poiblí i Mí Meitheamh.

Tá Andy ag obair le Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaoth Dobhair, chomh maith le CoderDojo bíonn sé freisin ag déanamh ranganna códáil leis na bunscoileanna áitiúil.

An bhfuil aon CoderDojo eile ag feidhmiú trí Ghaeilge? Ba bhreá linn cloisteáil uaibh.

Nó, an mbeadh spéis agat ina leithéid? Scríobh teachtaireacht thíos nó seol ríomhphost chugainn.

Buíochas le Kevin Scannell, tá code.org ar fáil trí Ghaeilge.