iPhone nua

Níos lú agus níos saoire

D’fhógair Apple inniu go bhfuil siad ag eisiúint iPhone nua, an ceann is saoire a bheidh ar an margadh acu.

Beidh an iPhone SE ar fáil le nordú ó Dé hAoine 17 Aibreán ar €499 nó $399 ó suíomh gréasáin Apple.

iPhone dathanna, dubh, bán agus dearg

Beidh 3 dhath ar fáil; dubh, bán nó dearg agus tá rogha stóras freisin, ach íocfaidh tú níos mó as na GB breise. Is 64 GB stóras atá i gceist nó leagan 128 GB nó 256 GB a roghnú.

Sna toise fisiceach, roimhe seo ba é an iPhone 11 Pro, an ceann is lú i measc na cinn nua a bhí ar fháil leis an scáileán 5.8 horlaí. Tá scáileán 4.7 horlaí ag an SE, ag cur iPhone níos sine 6, 6S, 7 agus 8 i gcuimhne.

Is leagan nua é den iPhone SE a d’eisigh siad i 2016 agus glacfaidh an ceann seo áit an iPhone 8 a bheidh anois ar scor acu. Cosúil freisin leis an iPhone 8 tá an cnaipe baile agus aitheantas tadhaill, níl aghaidh-aithint mar a bhí ar na iPhone nua go léir go dtí seo.

Níl ach lionsa amháin leathanuilleach ag an ceamara 12-meigiphicteilín. Is 7-meigiphicteilín an ceamara éadain atá mód portráide ar fáil freisin, rud nach raibh leis an iPhone 8.

Tá port tintrí agus níl aon seac cluasán. Seolfaidh Apple amach na iPhone nua SE seo ón 24 Aibreán 2020 ar aghaidh.

Beidh iTunes á scriosadh

Tar éis 18 bliana ar an bhfód, d’fhógar Apple go mbeidh iTunes á scriosadh acu sa chéad uasdátú córas oibriúchán eile. Tháinig an scéal amach ag Comhdháil bhliantúil Apple (WWDC 2019) in San Jose, California, Meiriceá.

Craig Federighi ag wwdc2019

Tiocfaidh an córas oibriúchán macOSCatalina isteach agus scriosfar an iTunes ón Mac, ina áit, beidh na aipeanna seo:
– Apple Music
– Apple TV
– Apple Podcasts

Beidh aon ceol agus seinnliostaí a bhí agat, ar fáil go uathoibríoch ar an Aip ‘Apple Music’, beidh do chuid podchraoltaí ar ‘Apple Podcasts’ agus beidh na físeán agus scannáin ar fad ar ‘Apple TV’.

Ní hé iTunes (mar ní bheidh sé ann) ná aon ceann de na aipeanna seo a dhéanfaidh an cúltaca nó sionc leis an iPhone duit, mar a rinneadh roimhe seo. Beidh an rogha seo le fáil sa Finder.

Beidh an córas oibriúcháin nua; macOS Catalina, ar fáil, go forleathan, san Fhómhar. Mura bhfuil fonn ort fanacht go dtí Meán Fómhar, is féidir teacht ar roimhe sin – Beidh leagan beta ar fáil go poiblí an mhí seo chugainn, Mí Iúil 2019. Cláraigh anois, agus nuair a bheidh an leagan seo ar fáil duit cuirfear ar an eolas thú.

Is féidir triail a bhaint as níos túisce ná sin fiú:

Anois díreach, is féidir le forbróirí Apple, macOS Catalina (agus iOS 13) a úsáid. (Mholainn gan do phríomh gaireas a úsáid más féidir, leis an leagan beta beidh neart fabhtanna ar ndóigh.) Ní gá ach $99 a íoc le clárú mar forbróir.

Más PC atá in úsáid agat, ní bheidh aon athrú ar an iTunes seo agus fanfaidh rudaí mar an gcéanna.

5 giuirléide

An chéad rogha atá déanta againn sa tsraith seo, beidh samplaí eile ag teacht, de giuirléidí a d’fhéadfá a cheannacht i gcóir bronntanas Nollag.

1. Callaire Cliste

Echo nó Google Home

Roinnt bliant ó shin, ba táirge Amazon, an Echo a bhí i bhfad chun tosaigh ar aon callaire cliste eile ach anois tá táirge Google, an GoogleHome tagha suas leis agus san iomaíocht.

Amazon Echo (Alexa)

Cosúil le Siri an Apple nó Cortana, Microsoft tá ainm tugtha ag Amazon don ghlór a chabhraíonn linn agus muid ag úsáid an callaire cliste seo – Alexa. Tosaíonn Alexa nuair a labhraíonn muid an t-ainm ‘Alexa’ agus leantar leis an ordú nó an cheist atá againn.

GoogleHome (‘Assistant’)

Difríocht ollmhór le ‘Assistant’ nó an cúntóir / glór an GoogleHome seachas cinn eile, níl aon pearsantacht nó ainm tugtha dóibh don ghlór céanna. Úsáidtear na focail ‘Ok Google’ nó ‘Hey, Google’ chun an cúntóir seo a thosú.

Amazon Echo Products
Echo €99.99 / £79.99

Má tá callaire níos lú uait (agus costas níos lú) Echo Dot €49.99 / £29.99. Más ceol atá uait, b’fhéidir go mbeadh callaire ar chaighdeán níos fearr ag teastáil. Is féidir Bluetooth nó an seac fuaime 3.5mm a úsáid chun callairí níos fearr a shocrú suas.

Más teach cliste atá uait, tagann an Echo Plus €149.99 / £140), le Zigbee hub ionsuite chun gléasanna a rialú, mar shampla bolgán Philips Hue. Smaoineamh maith ach an bhfuil an ceann seo réidh i gcóir na tithe ar fad os rud nach bhfuil na gléasanna ar fad againn, seans nach bhfuil.

Tá scáileán tadhaill san áireamh leis an Echo Show, €229.99 / £200 mar sin tá an idirghníomhú leis an chúntóir go hiomlán difriúil, is féidir ábhar físeach mar shampla fotha ó ceamara slándála a fheiceáil.

San iomaíocht le táirgí Amazon luaite, tá táirgí ag Google.
Google Home Products
Home an príomh táirge €99 / £89 in iomaíocht an Echo.
Google Home Mini €59/ €39, in iomaíocht an Echo Dot agus tá sé sách saor chun a scaipeadh tríd do theach. Níl aon aschur fuaime faraor, mar sin ní féidir é a cheangailt go héasca le córas Hi-Fi seachtrach. (Seachas an haic seo a rinneadh duine agus a roinn ar líne seac fuaime 3.5mm a chur leis)
Google Home Max, is callaire dírithe ar ceol.
Google Home Hub le scáileáin cliste san iomaíocht leis an Echo Show.

Ba bhreá linn cloisteáil uait má tá aon ceann de na táirgí seo in úsáid agat. Céard a cheapann tusa?

Haiceatón COBÁC 2018

Tháinig Cumann Gaelach an Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath le chéile arís i mbliana agus d’eagair ‘Hackathon na Gaeilge’

Bhí Haiceatón na bliana seo ar siúl i mBanc na hÉireann Montrose ar an 17ú d’Aibreán

Tá an ghrúpa a bhuaigh an comórtas anuraidh théis an aip a chruthaigh siad ar an lainseáil agus is féidir teacht ar anseo -> LOINNIR

Céard is Haiceatón ann?
Is comórtas é an Haiceatón, tagann daoine le chéile chun teacht ar réiteach ar fhadhb. (Mar shampla, tuilleadh seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge agus a bheadh úsáideach i gnáth shaol muintir na Gaeilge.) Bíonn grúpaí daoine ag obair le chéile ag úsáid scileanna ríomhaireachta, margaíochta srl. agus an am a chaitheamh go dtí deireadh an Haiceatón ag obair ar an tionscnamh.

Fadhbanna Facebook

B’feidir go raibh do cheann faoi cloch éigin le do méaracha i do chluasa, nó bhí tú sa phub agus ní fhaca tú an spéir don deireadh seachtaine, ach bhí cúpla lá gnóthach ag Facebook. Tháinig sé chun cinn go raibh comhlacht anailís sonraí darbh ainm Cambridge Analytica, ag déanamh rudaí amhrasach le sonraí ó Facebook le dhá bliain anuas (agus b’fhéidir go raibh fios ag Facebook cad a bhí á dhéanamh acu an t-am ar fad). Tháinig an scúp ón NY Times, agus an Observer, agus bhí scéal freisin déanta ag Channel 4 cúpla lá ina dhiaidh sin. Tharraing an scéal ó C4 aird an phobail in Éireann agus sa UK, mar bhí taifead déanta acu gan fhios do Cambridge Analytica agus a CEO Alexander Nix. Bhí sé ag déanamh gaisce faoi caimiléireacht a bhí á dhéanamh acu i gcúrsaí polaitíochta, le cúnamh sonraí ó Facebook. Bhí tionchar polaitiúil bainte amach acu i tíortha éagsúla agus ní raibh aon náire aige faoi.

Bhuel, bhí a lán daoine an-míshásta le sin. Agus cad é an uirlis is láidre sa domhain inniu? Tá an ceart agat. An haischlib. Thosaigh #deleteFacebook ag treochtáil ar Twitter. B’fhéidir nach raibh an íoróin caillte ar gach duine a bhí ag úsáid suíomh meán shóisialta chun gearán a dhéanamh faoi na fadhbanna suíomh meáin shóisialta.

Leis an ngreann a fhágáil inár ndiaidh b’fhéidir gur chabhraigh an haischlib! Ghlaodh Comhdháil na Stát Aontaithe agus coiste parlaiminteach san Ríocht Aontaithe ar Mark Zuckerberg chun ceisteanna a chuir air.

Ní rud mór é go Mark Zuckerberg mar, tá sé éasca leithscéal a dhéanamh os comhair an pobal (mar a dhéanamh BP tar éis an timpiste i 2010, ach is féidir dúinn praghas a chuir ar an droch poiblíocht. Thit luach margaidh Facebook thart ar $50 Billiún idir Dé hAoine agus Dé Máirt. Cobhsaigh an phraghas Dé Céadaoin, ach bhí 10% imithe ón luach margadh. Ag an tráth is measa bhí timpeall ar 12.5% imithe($162 don scair vs $185 don scair).

Chun é a chur i gcomhthéacs… ag an am a scríobhadh an alt seo, tá caipitliú margaidh Facebook timpeall ar $492 Billiún. Is é $61.5 Billiún timpeall ar 12.5% don caipitliú margaidh (beagnach). Is é $61.5 Billiún – agus ná dearmad, tharla sé sin i 2 lá;
– Timpeall ar 60% don “bailout” in Éireann i 2010 (aisíocaíocht a thógann tríocha bliain
– Níos mó ná an GDP ón 117 Tíortha
– Níos mó ná an ioncam iomlán don gach comhlacht sa domhain seachas timpeall ar an 350 is airde
– Níos mo ná brabús glan gach aon comhlacht eile sa domhain
-dá mbeadh a dhotain €50 nótaí, agus thosaigh tú á dhíol amach ar ráta nóta amháin in aghaidh an soicind, ní bheadh tú críochnaigh an $61.5 Billiún chun Lá ‘le Pádraig an bhliain 2044.

Ach ná bíodh aon trua agat do Mark bocht, ní leis ach 28% do Facebook, agus mar sin ní laghdaigh a luach margaidh ach $17.3 Billiún. Tá sé sin coisiúl le GDP an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin.

Lá na Meán Sóisialta 2018

Arís i mbliana rinneadh bolscaireacht ar Lá na Meán Sóisialta – 16ú Márta 2018. Úsáid do chuid Gaeilge ar na Meáin Shóisialta leis an haischlib #LNMS18

Bhí ambassadóirí Seachtain na Gaeilge i DCU i mBaile Átha Cliath:

Bhí Pop-Up Gaeltacht ar an oíche:

Bhain Gaeilgeoirí ar fud na cruinne úsáid as an haischlib céanna chun pobal ar fad a tharraing le chéile ar líne.

Is iontach an smaoineamh agus ba bhreá linn níos mó den cineál seo nascú agus cuimsiú a fheiceáil níos minice. Maith sibh!

Giuirléid 2017

Na giuirléidí is mó a díoladh anuraidh

5. Nintendo Switch – 15M aonaid
nintendo switch console

4. Uaireadóir Apple – 20M aonaid
Apple Watch
Táirge réasúnta nua, gan ar an margadh ach ó 2015, tháinig an 3ú sraith amach i 2017 agus is léir ón díolacháin nach bhfuil am na uaireadóirí cliste caite.

3. Amazon Echo Dot – 24M aonaid
Amazon Echo
2014 thug Amazon amach Echo ar dtús. Anois tá sí níos lú. An bhfuil callaire cliste guthghníomhachtaithe agat fhéin sa bhaile?

2. Samsung Galaxy – 33M aonaid
Samsung Galaxy
Tháinig Samsung Galaxy S8 & Samsung Galaxy Note 8 amach gan ceachtar acu pléascadh.

1. iPhone Apple – 223M aonaid
 iPhone 8, iPhone 8 Plus
iPhone X
Bhí 3 iPhone éagsúil amuigh ag Apple na bliana seo caite. iPhone 8, iPhone 8 Plus agus iPhone X. Níl iontas mar sin gurb iad an giuirléid is mó a díoladh.

Figiúirí de réir anailísí ‘GBH Insights’ Daniel Ives a chuir le chéile ar son USA TODAY.

Ach, an raibh giuirléidí eile nach raibh ar an liosta seo? Céard a cheannaigh tusa i 2017? Mar de ghnáth ba bhreá linn cloisteáil uaibh! Táimid ag tnúth go mór le bhur smaointe a fháil i 2018.

Teic na Mara

Nuair a thosaigh na meáin shóisialta agus soláthraí nuachta ar fad ag tagairt don stoirm / spéirling Ophelia, bhí níos mó den teicneolaíocht a bhíonn in úsáid ag meitéareolaithe le feiceáil don ghnáth duine ar líne.

hurricaneOphelia

Níl go leor taithí agam sna bogearraí dinimic ríomhaireachtúil na sreabhán a bhíonn in úsáid chun pátrún an aimsir a réamh-mheas ach chuir mé an-suim sa méid seo a leanas.

Tá baoi san fharraige amach ón chósta ag taifead eolas agus á chur ar fáil go poiblí ag Foras na Mara:
marine map Irish Weather Buoy Network
Ar gach baoi tá baraiméadar ag tomhais brú atmaisféarach agus uirlisí ‘s braiteoirí eile ag tomhais luas na gaoithe, treo na gaoithe, teocht agus bogthaise na farraige, ina measc, agus úsáidtear iad chun feabhas a dhéanamh ar tuar na haimsire.

Míle fáilte romhat aon eolas eile a roinnt linn anseo.

Slán iPod

Bhí an iPod ar an margadh beagnach 16 bliana agus dhíol ós cionn 400 milliúin ach ó an lá inniu ar aghaidh, ní bheidh fáil ar an iPod Nano ná Shuffle mar tá Apple tar éis iad a bhaint amach as na siopaí.

Tá fáil ar an iPod Touch fós.. Is féidir ceann 32 GB a fháil ar €229.00 nó má íocann tú €349.00 is féidir 128 GB a fháil (sin CBL san áireamh) Ach ní iPod i ndáiríre atá ann. Is cineáil ‘iPhone-lite’. Is é inniu deireadh ré an seinnteoir ceol neamhspleách Apple..

Seo an chéad fógra a bhí ag an iPod i 2001:

An Aip is fearr liom…

Beatrice Ní Bhroin – Cé hí?

Beatrice Ní BhroinTógadh Beatrice i gConamara ó bhí sí 11 bliain d’aois. Tá sí ina chónaí anois i Londain lena páirtnéir Brian le 6 bliana anuas. Bíonn Beatrice ag obair i léiriúcháin teilifíse ar chláir faisnéise. I 2015, d’fhág sí fostaíocht chun obair di féin. Is fíor scéalta den cuid is mó an obair a bhíonn ar siúl aici.

D’iarr Teic na nGael ar Beatrice – Cén Aip is fearr leat?

“An aip is fearr liom ná aip aimsire ‘Met Office’. Níl sé “cool” ach thosaigh mé ag breathnú ar gach aon lá!”

Baineann Beatrice úsáid as an aip aimsire ‘Met Office’ nuair a bhíonn sí ag obair agus ina cuid am saor.

“Go pearsanta, mar gheall go bhfuil muintir agus cairde liom ina chónaí ar fud an domhan, tá na áiteanna difriúla sábháilte agam san aip agus is aoibhinn liom féachaint orthu sin, samhlaím mo bhaile féin nó áit te cosúil leis an Astráil!”
Met Office Weather App
“I lár an cathair Londain tá fadhb aer glann mar gheall ar truailliú, tá sé dochreidte nach bhfuil níos mó á dheánamh ag an rialtas faoi – tá an eolas seo le fáil san aip agus coinníonn mé súil ar mo shráid féin. Ar an dea-uair táim in aice le páirc ar ard mór ón múch!”

“Nuair atá tú ag obair duit féin caithfidh tú a bheith éifeachtach le do chuid ama ach ní gá fanacht le haghaidh an deireadh seachtaine chun lá deas a caitheamh ar do rothar nó sa linn snámha. Má tá eolas ar fáil ón aip go mbeidh an grian ag scaladh Dé Céadaoin, fágfaidh mé an ríomhaire sa mbaile an tráthnóna sin :)”

Bíonn Beatrice ag obair mar ceamaradóir ach is léiritheoir agus stiúrthóir í freisin, agus insíonn sí dúinn is minic a bhíonn sí ina trí cinn acu sin ag an am céanna! Sin duine cleachtach ag iltascáil cinnte.

“Ó thosaigh mé ag obair dom féin, tugann sé an deis dom tuileadh rogha a bheith agam agus cláir a bhíonn suim agam iontu a roghnú.”

“Is fíor scéalta an cuid is mó den obair agus is aoibhinn liom am a caitheamh i saol daoine eile.”

Cé chomh tábhachtach atá an aimsir nuair a bhíonn taifead ar bun agat taobh amuigh?

“Is féidir seaicéad deas ar cur orm féin agus ar na ceamaraí ach ní maith le láithreoirí an báisteach. Seasann an ‘runner’ le cúpla scáth fearthainne móra; ceann domsa, ceann don ceamara agus bíonn siad féin ag fáil fliuch báite! Téann muid ar lón fada nó tagann muid ar ais lá éigin eile, ach nuair nach mbíonn aon rogha eile ann, déanann muid cinnte go bhfuil pictiúir ann don uisce ar an talamh nó ar fuinneog sa chaoi go bhfuil sé soiléir go bhfuil báisteach ann, mar gheall go minic bíonn sé deacair a fheiceáil i gnáth radharc.”

“Seachas an aimsir, cuireann an aip seo ar an eolas thú faoi cén t-am a bheidh an ghrian ag éirí agus ag dul faoi. Nuair a bhíonn mé ag ullmhú agus ag fáil réitigh i gcóir ‘shoot’ caithfidh mé a bheith ag smaoineamh faoi cé mhéid am a bheidh againn le solas na gréine agus cén uair a athróidh an solas céanna. Úsáideann muid soilse freisin ach caithfidh tú obair leis an ngrian.”

“Bím sásta taobh amuigh faoin aer, ag obair go fisiciúil agus ba mhaith liom tuilleadh a dhéanamh san nádúr, b’fhéidir san fharraige. Bheidh aip na taoidí ag teastáil uaim ansin!”

Ár mbuíochas le Beatrice Ní Bhroin as ucht a gcuid ama agus an eolas fíor spéisiúil a roinnt linn. Is léir go mbaineann sí an-úsáid as an aip aimsire seo go proifisiúnta agus go pearsanta. Tá Met Office ar fáil saor in aisce ar Android agus ar Apple.

Cén Aip is fearr leatsa faoi láthair? An bhfuil aip aimsire agat féin?