Deisceart ó thiar theas

Comhdháil & Féilte SXSW – Deisceart ó thiar theas (South by Southwest® Conference & Festivals)

Why Women in Tech Matter? Poster used for Panel Discussion at SXSW 2017Inniu 11 Márta tá cailín óg darbh ainm Niamh Scanlon as Baile Átha Cliath ag labhairt ar painéal ag plé ‘Why Women in Tech Matter’ in Austin, Texas, Meiriceá.

Is ócáid ag ceiliúradh teacht le chéile tionscal na scannán, tionscal an cheoil agus idirgníomhach atá san SXSW (nó DóTT) a bhíonn ar siúl gach bliain ó 1987.

Niamh Scanlon Teic Will i amThosaigh Niamh Scanlon ag códú nuair a bhí sí 9 mbliana d’aois ag Coderdojo in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus bronnadh an teideal Cailín Dhigiteach AE na bliana 2015 uirthi. Tá Will.i.am. le feiceáil in aice léi ina íomhá próifíl Twitter, níl aontas ar bith ‘s an méid daoine atá sí tar éís castáil le agus an méid atá bainte amach cheana féin ag an cailín 14 bliana d’aois óg seo.

– Níl tú ariamh ró-óg a bheith mar dea-shampla, a bheith mar ‘role-model’. (eiseamláir / patrún – nó Gaeilge éicint mar sin ar’role-model’)

Deisceart ó Thiar Theas – SXSW ar siúl Márta 10-19 2017

An Aip is fearr liom…

Conchubhair Mac Lochlainn – Cé hé?

Grianghraf de ConchubhairIs físghrafadóir tráchtála agus sainchomharlaí digiteach agus cumarsáide é Conchubhair Mac Lochlainn, gur leis Acmhainní Teoranta – an t-aon gníomhaireacht digiteach iomlán dhá-theangach sa tír. Muineachánach ó dhúchais, tá sé anois lonnaithe idir Baile Átha Troim agus lár na Cathrach Átha Cliath. Agus rochtain aige ar leathanbhanda réasúnta gasta, is féidir leis feidhmiú ar son réimse leathan cliaint fud fad an domhain ar-líne, gan fiú tír ná teach a fhágáil. Is Cathaoirleach é ar Seachtain na Gaeilge le Energia ar siúl anois.

D’iarr Teic na nGael ar Conchubhair – Cén Aip is fearr leat?

“An aip is fearr liom faoi láthair, agus déarfainn go gcuirfeadh sé seo iontas ar roinnt mhaith daoine, ná feidhmchlár ‘SnaG 2017’ atá ar fáil ar iTunes agus Google Play. Is liosta cuimsitheach ar gach imeacht áitiúl, is cuma cá háit ar domhain, atá ag tarlú don Féile is mó riamh d’ár dteanga dúchais faoi láthair.”

An aip is fearr liom faoi láthair, agus déarfainn go gcuirfeadh sé seo iontas ar roinnt mhaith daoine, ná feidhmchlár ‘SnaG 2017’

“Tá Seachtain na Gaeilge le Energia ag dul ó neart go neart le cúpla blian anuas, a bhuíochas leis an bhfoireann cumasach atá againn, ach is tábhachtach cuimhniú gur bunaithe ar an phobal atá an rath sin, agus ar an pobal céanna a mbraitheann an féile fhéin.”

“Sin an fáth gur go h-uile is go h-iomlán slua-fhoinnsithe atá na sonraí don aip. Ní bheadh muid in ann gach imeacht a chlárú fé mar a tháinig na sonraí chugainn san oifig, agus mar thoradh tá an inneal taobh thiar den aip, a d’fhorbair Pangr dúinn, thar a bheith cliste. Agus na sonraí leagtha amach mar is ceart ar an bhfoirm ar líne, cruthaítear an t-imeacht d’aon ghnó. Ansin, agus é ina luí ar an mbunachar sonraí, níl le déanamh ag an úsáideoir ach rogha a dhéanamh cén saghas imeacht atá uathu, agus cé chomh chongaireach dóibh – is féidir leas a bhaint as an GPS ar an ngléas atá acu imeachtaí a thaispeáint de réir cóngaireacht.”

Níl le déanamh ag an úsáideoir ach rogha a dhéanamh ar cén saghas imeacht atá uait, agus cén fhaid uait – is féidir leas a bhaint as an GPS ar do ghléas chun imeachtaí a thaispeáint de réir cóngaireacht

“Is dócha gurb iad san na smaointí is fearr ó taobh an saol digiteach de: Rudaí thar a bheith simplí ag breathnú, atá rúinín beag d’éirimiúlacht taobh thiar dóibh, agus a dhéanann saol an úsáideora – ach go háirithe dóibh san l’Acmhainní teoranta (boom boom!) – giota beag níos éasca.”

Ár mbuíochas le Conchubhair as ucht labhairt linn (agus as ucht an imeartas focal) Is féidir níos mó eolas a fháil faoi a ghnó ‘‘Achmhainní Teo.’ ar líne

Is féidir Aip Seachtain na Gaeilge a íoslódáil saor in aisce ó iTunesGooglePlay.

Try Teic

Give Technology through Irish a go for Seachtain na Gaeilge (or/and beyond)

There are quite a number of ways you can choose ‘Teic as Gaeilge’ do you own a Facebook account?

Teic na nGael Facebook Page viewing it as Gaeilge

Socruithe = Settings

Twitter? Tweet = Giolc

Writing a new tweet Gaeilge

Your Google Drive? Tiomántán. Your Gmail can also be used through Irish.

Gmail thorugh Irish

Have you checked if your mobile phone has an Irish language option?

When taking a selfie on my android people see the words ‘aghaidh áille’ and it feels great!

 

 

More info about Seachtain na Gaeilge on their website.

 

Rogha Gaeilge

Gmail liosta teangacha agus rogha Gaeilge
Is dócha go bhfuil an t-ádh orainn go bhfuil gnólachtaí móra teicneolaíochta in Éireann.. Ceannáras ag a leithéidí Google, Facebook agus Twitter i mBaile Átha Cliath.

Tá rogha Gaeilge ar fáil orthu seo a leanas, an mbaineann tú úsáid as an rogha?

Google / Gmail
Facebook
Twitter
Skype
Firefox / Internet Explorer

Bhí eolas iontach go dtí seo ar an suíomh nascanna.com (ach ní bheidh an suíomh sin á athnuachan)

Tionól Teic Bhaile Átha Cliath

Dublin Tech Summit Logo and Dublin backround

Bhí Tionól Teicneolaíocta ar siúl i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo san Ionad Comhdhála.

Ar d’fhreastáil tú ar na hócáide?

Nuair a shiúlamar isteach an doras d’fháiltigh RoboThespian muid agus ar an urlár céanna a bhí neart seastán idir gnólachtaí ar an bhfód le tamaill agus ceanna úrnua, na gnólachtaí nua-thionscanta.

Suas na staighre creasa ansin, bhí tuilleadh gnólachtaí nua-thionscanta ag pitseáil i gcomórtas ós comhair painéal. Bhí ceardlanna d’thosaitheoirí gnó, urlabhraí éagsúla ag cur i láthair agus neart díospóireachtaí phainéal.

Na téamaí a thug mé fhéin faoi deara thar an dá lá, rud a chur mé ann suim ann, bhí an scéalaíocht luaite go mór. Ar ndóigh nuair a labhair Matthew Luhn ó Pixar bheinn ag súil leis sin, ach freisin bhí an scéalaíocht luaite le margaíocht, fiontraí,

Bhí go leor caint ar Alexa, Uber, Slack, WeChat agus Gary Vee.

Brandáil, b’shin téama eile.

Easpa maoiniú a fhaigheann mná, dealú inscne ollmhór ($300 billiún.. rud a chur an oiread sin olc ar Anne Ravanona gur bhunaigh sí Global Invest Her)

Faoi dheireadh, tháinig mé trasna ar duine a chur béim ar cúrsaí slándála, na contúirtí agus fadhbanna príobháideachas a bhaineann le teicneolaíocht agus an idirlín. Rudaí iad seo a dhéantar dearmad orthuró-mhinic agus daoine ag iarriadh an  giuirléid is nua. Is suas ag an ceannatheoirí oideachas a chur orainn féin mar nach bhfuil suim ag an díoltór ach i táirgí a dhíol. Go raibh maith agat Rik Ferguson as ucht na pointí seo a ardú.

agus ós rud go lua mé Matthew Luhn.. an bhfuil teoric Pixar fíor? Tá..

Cé hé Gary Vay?

‘I lár scamall agus salachar’ a bhíonn Gary Vaynerchuk, nó Gary Vee mar is fearr aithne air.

Ó shiúl mé isteach doras an Ionad Comhdhála ag Tionól Teic Bhaile Átha Cliath, is é a chuala mé gach duine ag caint ar.

Ní raibh fhios agam cé é fhéin.

Bhain mé úsáid as Google ó shin chun níos mó eolas a fháil faoi. Is gnó-eagraí Meiriceánach, údar agus pearsanta aitheanta ar líne é. Bhí luach $3 milliún ar gnó a mhuintir ach d’ardaigh seisean an luach sin chomh hard le $60 milliún.

Bhí a cur i láthair ag an Tionól Teic spéisiúil. Thaithin an béim a chur sé ar an bhfhírinne go mór liom chomh maith le obair crua.

RoboThespian

Is robot duiniúil ar cóimhéid an RoboThespian deartha i gcóir idirghníomhú dhaonna i timpeallacht poiblí.

RoboThespian at Dublin Tech Summit

Cén teanga a labhraíonn sé? Labhair Béarla ag an Tionól Teic ach is féidir labhairt teanga ar bith a bhíonn sé ríomhchláraithe. (Gaeilge san áireamh) Is féidir ceann a fháil ar cíos. Sin a léigh mé ar suíomh gréasáin RoboThespian.