Céard a chiallaíonn ‘Teic’ duitse…

Siún Ní Dhuinn Tá Siún Ní Dhuinn ag cur fúithi i mBaile Átha Cliath agus go mór faoi thionchar ag Dolly Parton. Is as Dún Dealgan, Contae Lú ó dhúchas di. (Siún, ní Dolly)

Bhunaigh sí suíomh gréasáin As an Nua bliain ó shin chun spás a chruthú don spéis a bhí aici sa scríbhneoireacht chomhaimseartha. Is suíomh dátheangach atá ann, chun na rudaí is ansa léi sa saol a cheiliúradh, le aird a tharraingt ar mhná spéisiúla agus deiseanna nua a aimsiú don Ghaeilge.

D’iarr Teic na nGael ar Siún – Céard a chiallaíonn ‘Teic’ duitse?

“Teic is ea pobal agus foghlaim domsa, thar aon rud eile. Thug an teicneolaíocht deiseanna dochreidte dom foghlaim faoi chultúir, faoi pholaitíocht agus faoi thuairimí dhaoine nach mbeadh cloiste agam futhu murach an teicneolaíocht. Dár ndóigh, tá go leor, leor ama curtha amú agam ar na meáin shóisialta ach má chuirim an t-am a cuireadh amú i gcomparáid lena bhfuil faighte agus foghlamtha agam uaidh, measaim gur mó a fuair mé ná mar a thóg mé ón teicneolaíocht thar na blianta.”

“Teic is ea pobal agus foghlaim domsa, thar aon rud eile.”

“Dár ndóigh, tharla rudaí uafásacha mar gheall ar fhorbairt na teicneolaíochta freisin. Smaoiním ar theacht ‘revenge porn’, ar an gcáineadh géar a fhaigheann mná a nochtann tuairimí láidre i gcompáraid le fir a dhéanann amhlaidh ar líne. Ar an drochuair, ní fheicim anseo ach gné eile den méid a thiteann amach sa saol laethúil, ‘sé sin go bhfuil slat tomhais i bhfad níos déine in úsaid le mná ná le fir. Is dócha go bhfeictear é ar bhealach i bhfad níos sofheicthe ar líne ná in aon áit eile.”

“Tá aithne curtha agam ar chairde tríd an teicneolaíocht, daoine nach dtiocfainn orthu murach an teicneolaíocht. Is áis iontach é an t-idirlíon le teacht ar dhaoine a chuireann spéis sna caithimh aimsirí a shíl tú nach raibh ag éinne eile, seachas tú féin! Twitter agus Instagram is mó atá úsáideach chun teacht ar ghuthanna nua nó ar scéalta nach scaipfí sna meáin thraidisiúnta ach anois atá le cloisteáil. Ba mhór an steangadh a bhain #blacklivesmatter asam, gluaiseacht a chaith solas ar an gcaoi a chaitheann póilíní Mheiriceá le daoine gorma na tíre agus ar an taobh eile, ardú meanman a bhí in #hometovote, a thug guth dóibh siúd a tháinig abhaile go hÉirinn lena vótaí a chaitheamh le tacú leis an reifreann ar chomhionannas pósadh.”

“Dár ndóigh, tá pobal na Gaeilge le haithint anois ar líne freisin ach tá easnaimh mhóra ann sa dioscúrsa agus sa díospóireacht a dhéantar i nGaeilge go fóill. Sin an chúis gur bhunaigh mé mo shuíomh gréasáin féin, As an Nua anuraidh, mar nach raibh a leithéid ann; spás a raibh tosaíocht ag mná i nGaeilge, go príomha ach ní i nGaeilge amháin ach oiread.”

“tá easnaimh mhóra ann sa dioscúrsa agus sa díospóireacht a dhéantar i nGaeilge go fóill. Sin an chúis gur bhunaigh mé mo shuíomh gréasáin féin, As an Nua anuraidh”

“D’fhéadfá a rá gurb é mo shuíomh gréasáin féin a chabhraigh liom mo phost reatha a fháil agus dár ndóigh, ná mbeadh mo phost ann in aon chor, gan an teicneolaíocht féin, is mé atá buíoch di!”

Agus tá muidne buíoch do Shiún as ucht a gcuid ama agus méid seo thuas.

Siún Ní Dhuinn
Siún Ní Dhuinn, Comhordaitheoir Digiteach Gaeilge, RTÉ agus bunaitheoir As an Nua.

Céard a chiallaíonn ‘Teic’ duitse…

Is scríbhneoir agus iriseoir as Baile Átha Cliath í Katie McGreal atá cónaí uirthi i mBéal Feirste.
Katie McGreal ós comhair micreafón raidióBhí an bua aici anuraidh ag Féile na Meán Ceilteach, san rannóg don Aip is fearr, i gcóir an áis litríochta Ghaeilge, Léigh Linn, a chruthaigh sí le Declan McGrath. Oibríonn sí le Raidió Fáilte mar iriseoir.

Is múinteoir míúin/machnamh í agus tá comhlacht aici dárbh ainm Solas Relaxation. Tá sí mar bhall den ghrúpa feimineachais Ghaeilge i mBéal Feirste agus is ball den Dream Dearg í freisin, an grúpa atá ag lorg Acht Teanga ó Thuaidh.

D’iarr Teic na nGael ar Katie – Céard a chiallaíonn ‘Teic’ duitse?

1. Rud iontach cabhrach

2. Rud nach féidir liom brath uirthi. D’fhéadfadh mé gan mo shonraisc a chló amach, ach déanaim cinnte go mbíonn cóip crua agam dóibh ar fad chomh maith, ar eagla go gcailleadh mé an cóip digiteach.

3. Is rud í nach bhfuil mé iomlán compordach leis. Tá a fhios agam go bhfuil neart rudaí faoi nach bhfuil ar eolas agam.

4. Rud casta

5. Rud a iarraim ar dhaoine eile cabhrú liom léi.

Ár mbuíochas le Katie McGreal as ucht a gcuid ama agus labhairt linn faoi ‘Teic’ go réalaíoch agus macánta. Aontaíonn muid léi ar an méid thuas! Neart pointí eile go bhféadfá a chur leis. Inis dúinn, ‘Céard a chiallaíonn ‘Teic’ duitse?’

Is féidir Katie a leanacht ar Twitter @KatieMcGreal agus SnapChat: kmcgreal3

Memes na Gaeilge

Ciara Ní ÉanacháinIs í Ciara Ní Éanacháin as Baile Átha Cliath a bhunaigh an leathanach Memes na Gaeilge ar Facebook i 2012.
File agus scríbhneoir iomráiteach, bíonn sí ag scríobh go rialta don iris Nós agus bhunaigh sí an oíche filíochta mhíosúil ‘Reic’, ina mbíonn filíocht, amhráin agus rapcheol trí mheán na Gaeilge.

Cé go bhfuil na mílte daoine ag cuairt ar Memes na Gaeilge ar na meán shóisialta gach lá, níl fhios ag go leor gurb í Ciara Ní Éanacháin a chur tús leis agus taobh thiar den spraoi seo.

“Tá sé greannmhar nuair a bhíonn daoine amuigh sa bhfíorshaol ag caint liom faoi phictiúr éigin a bhí ar Memes na Gaeilge i ngan fhios dóibh gur mise a rinne an pictiúr! Uair nó dhó tá cara liom théis a rá leo ag inseacht “ise a chruthaigh an leathanach!” os mo chomhair – agus cuireann sé ag gáire mé go mbíonn an oiread ionadh ar dhaoine! Ar chúis éigin deirtear nach mé an ‘cineál duine’ lena raibh siad ag súil – níl a fhios agam cén fáth!”

D’inis Ciara dúinn gurb é an rud is tábhachtaí faoi méimeanna ná spraoi agus greann. Ní amháin go féidir úsáid a bhaint as https://imgflip.com chun iad a chruthú, ach Photoshop nó MS Paint, nó rud ar bith. Níl aon rialacha ann.

Cén ceann a thaitin léi le déanaí?

Meme Gaeilge le Hannah Rua
“Seo an ceann is mó a thaitin liom le déanaí. Chum Hannah Rua é tamall ó shin, agus tháinig mé air go fánach ar Twitter. Feicfidh tú nach bhfuil an-chuid likes fáighte aige, ach ní chuirim tábhacht leis na likes.”

“Uaireanta, is gá méim a chruthú a bheidh ró-chasta do dhaoine áirithe. Mar shampla..”

Meme Gaeilge Na hÉireannaigh Vs na francaigh #irfu #coybig #rugbaí

“Ach más iad likes atá uait, seo cúpla leid do mhéimeanna Gaeilge, agus samplaí dóibh in úsáid…”

1) Gaeilge bhreá shoiléir – an chéad rud ná go mbeidh an teanga intuigthe:

Méim Gaeilge Go Tobann Prátaí

2) Jóc breá soiléir – dar ndóigh cailltear daoine le jócanna príobháideacha agus tagairtí rúnda – ach uaireanta fiú le jóc a thuigfeadh gach duine ní scríobhtar soiléir go leor é! M.sh. anseo tá scéal soiléir ann:

Méim Gaeilge Scumbag Aerlingus
3) (éiríonn leis gach uair) imeartas focal – dátheangach (idir Béarla agus Gaeilge), nó le hainmneacha:

Méim Gaeilge Rita Ora Rita Airgeada
4) tagairt do dhán nó amhrán cáiliúil, nó seanfhocal, nó aon rud i nGaeilge atá ar eolas ag muintir na hÉireann:

Méim Gaeilge Céad Míle Fáilte Romhat.. a ÍOSA A ÍOSAAAA

Memes na Gaeilge ar Facebook agus ar Twitter.

D’iarr Teic na nGael ar Ciara Ní É – Céard a chiallaíonn ‘Teic’ duitse?

Cad a chiallaíonn ‘teic’?

Smaoiním ar na ríomhairí uilig inár dtimpeall,
do ghuirléid, mo tháibléad, a guthán, a inneall,
san oifig, sa tsráid, ‘s go deimhin sa teach,
na mílte meaisín díograiseach,
le leabhair a léamh, Skype leis an Astráil,
le ceol a sheinnt, nó ríomhphoist a fháil.

Bíonn an teic ag obair go dian
ach mo chreach, nach orainn a chuireann sé srian?
Freagair mo tvuít!
Lochtaigh d’fhón!
Oscail do ríomhphost!
Glac pic do’d lón!

Daoine ag siúl timpeall gan fiú breathnú suas,
bodhraithe ag ceol ag bladhradh sa dá chluas,
tá ceist amháin ba mhaith liom a chur orthu:
“an leatsa an teic, nó an leis an teic thú?”

Níl aon iontas go roghnaigh Poetry Ireland Ciara Ní Éanacháin le gairid i gcóir a sraith Introductions na bliana seo. Is í duine de 13 roghnaithe chun páirt a ghlacadh i ceardlanna agus a saothar a chur i láthair ag taispeántas i mí Bealtaine ag Féile Idirnáisiúnta Litríochta Bhaile Átha Cliath. Go mbainfidh sí sult as!
Ciara Ní Éanacháin ag suí ar cathaoir déanta as leabhair
Ár mbuíochas le Ciara Ní Éanacháin as a cuid ama agus focail. An é sin an chéad dán faoi teic a léigh tú? Tá an oíche filíochta mhíosúil Reic a eagraíonn Ciara ar Twitter @reic agus ar Facebook @reic.eire

Is féidir teacht ar Ciara Ní É ar Twitter @MiseCiara, ar Facebook, a blag féin, ag láithriú clár raidió seachtainúil gach Céadaoin ar Raidió na Life ag 6 i.n., YouTube agus Instagram!