# Trasna na dTonnta

Cruthaíodh cúntas Twitter nua @Trasna17 i Mí Dheireadh Fómhair 2016.
Trasna na dTonnta Cibear-Ghaeltacht 27 – 31 Márta 2017
Cibear-Ghaeltacht ar líne atá i gceist, ó Dé Luain an 27 Márta go dtí Dé hAoine an 31ú Márta 2017. Feachtas nua agus ócáid ag Gaeil ar fud an domhain chun úsáid a bhaint as an cúpla focal agus an haischlib #TrasnanadTonnta a chur leis.

An aidhm leis seo, ná go mbeidh an oiread daoine agus is féidir, ag tvuíteáil/giolcaireacht agus ag úsáid #TrasnanadTonnta ar líne, chomh minic agus is féidir.

Tá an togra nua seo curtha ar bun ag Fondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada. Tá Fondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada aoinithe ag An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta.

Tuilleadh eolas ar suíomh gréasáin leo trasnanadtonnta.ie

An Aip is fearr liom…

Karina Feirtéar – Cé hí?

Bainisteoir Óige i TG4. Is Ciarraíoch í Karina Feirtéar ó dhúchais. Tá cúlra saibhir san ealaíon aici. D’oibrigh sí mar ealaíontóir grafach le breis agus 10 mbliana. Tar éis sin, bhí sí ag plé le stiúradh agus ag léiriú sraitheanna don lucht féachana óg i TG4. Tá go leor forbairt déanta aici i bhforbairt aipeanna Gaeilge do Cúla4. Tá sí pósta agus beirt páiste aici féin. Faoi láthair, tá sí ag bainistiú ábhar a chuirtear ar fáil ar ardáin digiteach as Gaeilge don lucht féachana óg – cainéal YouTube Cúla4 agus na h-ardáin eile ina mbíonn a cuid tuismitheoirí & múinteoirí ar fáil. Is breá leí gach rud a bhaineann leis na h-ardáin shóisialta.

D’iarr Teic na nGael ar Karina – Cén Aip is fearr leat?

Karina Feirtéar ag úsáid Snapchat“Is breá liom go leor, LEOR aipeanna. Tá gach rud ar fáil ar mo fón póca anois. Gach rud ó mo bhanc, siopaí gur féidir éadach a cheannacht, chomh maith le r-phostanna a sheoladh! Caithim go leor am ar seinnteoirí ar mo fón (tá’s agat.. scáileán an-bheag), chomh maith le YouTube.”

“Ach cad é an ceann is mó a bhainim sásamh as agus go gcaithim formhór de mo chuid ama air? Snapchat! Tá an glúin níos óige sa lá tá inniu againnn ag díriú isteach ar domhan físiúil, níos mó na focail. Is ardán cliste é Snapchat atá tógtha ar an bhunús sin.”

“Is breá liom go leor leor aipeanna. Ach cad é an ceann is mó a bhainim sásamh as agus go gcaithim an chuid is mó de mo chuid ama ar? Snapchat!”

Karina Feirtéar ag úsáid Snapchat Is breá liom é mar nach bhfuil rialacha faoi leith ag baint leis – Bealach iontach físiúil le scéal a chumadh agus thaifeadadh.

Tá neart spraoi ann ag cruthú teachtaireachtaí agus iad a sheoladh chuig do chairde nó “snap scéal” a chumadh dod leantóirí. Is féidir ceol a chur leis nó do chuid graificí / dearadh féin.

Níl Snapchat ach ina thús, beidh neart forbairtí agus réimsí nua ag teacht leis an ardán amach anseo.

 

“Ní h-amháin go maith liom mo chuid snaps féin a chruthú, ach is breá liom roinnt daoine a leanúint chomh maith.”

“Tugann sé léargas mhaith réalaíoch dúinn ar shaol dhaoine- mar shampla daoine cáiliúil- taispeánann sé dúinn an saol atá acu- gan an smide.. nó taobh thiar den cheamara i taifeadadh mór.”

Ár mbuíochas le Karina as ucht a gcuid ama ag freagairt na ceiste seo agus is léir go duine í a bhaineann an-úsáid as Aipeanna! Céard fútsa? Céard iad na Aipeanna is mó a bhaineann tusa taitneamh agus úsáid astu? Má cheapann tú go mbíonn aon duine ag ‘Snapscéalaíocht’ a leanann tú ar Snapchat ar chóir go mbeadh muid ar an eolas fúthu, fáilte romhat teachtaireacht a fhágáil thíos, nó bí i dteagmháil linn.

Dala an scéil, is iontach na áiseanna atá ar fáil ó Cúla4 agus beidh alt eile againn faoi seo go gairid.

TechSpace

TechSpace – as Gaeilge

Is comhfhiontar idir an Roinn Ealaíon, Oidhreachta Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta agus Camara Ireland Ltd. é Techspace as Gaeilge atá á mhaoiniú faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.
tech space logo
Is gréasán náisiúnta de spásanna meáin dhigiteacha é TechSpace atá lonnaithe in ionaid óige agus scoileanna a chabhraíonn le hógánaigh a bheith gníomhach i gcruthú ábhair dhigitigh agus theicneolaíochta.

Foghlaimíonn daoine óga chun scannáin dhigiteacha, dearadh gréasáin, forbairt aipeanna soghluaiste agus róbataic i measc nithe eile a dhéanamh. Faoi stiúir theagascóirí oilte agus mheantóirí, cuireann na hógánaigh lena gcuid inniúlachta ar ríomhairí, féin-mhuinín, scileanna agus soghluaisteacht shóisialta a chuidíonn leo ar feadh a saoil.

Chuir an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta maoiniú ar fáil do Chamara Ireland ag tús 2015 chun ábhar oiliúna ar líne a aistriú go Gaeilge agus cúrsaí traenála a eagrú dóibh siúd a mbeadh suim acu TechSpace as Gaeilge a bhunú.

Anuas air sin, tá deontas uasta de €2,000 ar fáil d’iarratasóirí incháilithe chun trealamh i gcomhair meán digiteach a cheannach agus costais taistil agus chothabhála d’uasmhéid €300 chun freastal ar chúrsaí oiliúna Techspace as Gaeilge a chlúdach. Ag eascairt as na forbairtí seo, tá clár TechSpace ar fáil anois trí mheán na Gaeilge do dhaoine óga ar fud na tíre, daltaí meánscoile san áireamh.

Cuireadh na chéad cúrsaí traenála ar bun le linn Samhradh 2015 i mBaile Átha Cliath agus i Feabhra 2016 a chlúdaigh Cúige Chonnachta a raibh dírithe ar scoileanna dara leibhéil agus ionad óige. Mar thoradh ar seo tá 13 scoil/ionad óige ag rith TechSpace as Gaeilge anois atá maoinithe ag an Roinn.

Tá foirm iarratas agus tuilleadh eolas faoi seo ar suíomh gréasáin na Roinne.

Méarchlár

Tá ríomhairí ar fud an domhan agus mar sin ar ndóigh tá méarchláir éagsúla ar fud na cruinne. Gach tír a bhíonn tú ann, seans mhaith go bhfuil a méarchlár féin acu, leagan amach faoi leith.

An bhfuil méarchlár Éireannach ann? Tá!

Méarchlár an hÉireann

Tá méarchlár seo forbartha ag Dúrud Teoranta a thagann i dtír ar riachtanais pobal na Gaeilge, sé sin teacht éasca ar na litreacha go léir a bhíonn gá againne leo.

Méarchlár an hÉireann

Is gá tiomántán, nó brat, a íosluchtú ónár suíomh chun an méarchlár a chur ag feidhmiú.

Tuilleadh eolas ar www.scríobh.ie

Teic taobh amuigh 

Mar bhí an aimsir go breá an deireadh seachtaine, thug muid teic amach taobh amuigh linn 

Teic taobh amuigh ceamara digiteach
Grianghraf Teic na nGael

Céard fútsa? An raibh deis agat dul amach faoin ngrian nó san aer úr. 

An Aip is fearr liom…

Scott De Buitléir – Cé hé?

Scott De BuitléirIs scríbhneoir agus file é Scott De Buitléir as Cluain Tarbh, Baile Átha Cliath , a bhfuil cónaí air sna laethanta seo i Nottingham Shasana. Tá clú air mar iar-chraoltóir agus iriseoir leis na meáin Ghaeilge, agus mar bhunaitheoir na hirise EILE Magazine. Thóg sé céim siar ó na meáin i ndiaidh an reifreann um Chomhionannas Pósta i 2015.

Díríonn sé a chuid cruthaíochta anois ar an scríbhneoireacht. Seoladh a chéad chnuasach filíochta, ‘Fás | Growth’, an mhí seo, agus tá sé ag obair anois ar a leabhar nua, The Irish Outlander, a bheidh ar fáil i 2018.

D’iarr Teic na nGael ar Scott – Cén Aip is fearr leat?
Bhí Scott ar saoire san Íoslainn le gairid agus seo ceann de na grainghraif álainn a ghlac sé ann ar a lá dheireanach, nuair a bhí sé amach ag siúl:

Griangraif a glac Scott De Buitléir san Íoslainn
Griangraif le Scott De Buitléir

“Nuair a bhíonn an t-am saor agam, déanaim feabhas a chur ar mo scileanna grianghrafadóireachta, mar sin is maith liom Snapseed le Google a úsáid.”

Tá sé ar fáil d’iOS agus d’Android, agus ligeann sé duit do chuid grianghraf a chur in eagar i gceart.

“Déanaim iarracht an grianghraf ceart a thógáil ar mo cheamara, agus ansin cuirim in eagar é trí Snapseed, sula gcuirim ar Instagram é.”

solas_átha_cliath Griangraf le Scott De Buitléir
Griangraf le Scott De Buitléir

“Muna bhfuil mórán eagarthóireachta de dhíth ar an íomhá, bainim triail as VSCO freisin, mar sílim nach bhfuil sé chomh maith le Snapseed do dhaoine nach bhfuil ach ag tosnú amach mar ghrianghrafadóirí.”

rothar_reicivic Grianghraf le Scott De Buitléir
Grianghraf le Scott De Buitléir

suíomh gréasáin ag Scott De Buitléar, ann a bhfuil nascanna na suíomhanna gréasáin. Is cinnte go bhfuilimid a leanacht ar Instagram! Grianghrafadóir den scoth. Tá fáil ar Fás | Growth arAmazon agus ar Kobo. a chéad chnuasach filíochta, ann atá ós cionn 50 dán scríofa i mBéarla agus i nGaeilge, foilsithe ag MKB Publishing.

Nascanna . com

Cá as a tháinig Nascanna.com? An áit céanna as a dtáinig dúrud.ie agus scríobh.ie

Labhair Teic na nGael le Ciarán Ó Bréartúin, bunaitheoir an suíomh gréasáin.

Is i 2009 a bhunaigh sé (i bpáirtíocht le Seanán Ó Coistín ag an am) an suíomh gréasáin Nascanna.com

Bhí áiseanna agus acmhainní Gaeilge ar fáil cheana féin ach ní raibh fhios ag daoine fúthu. Bhí an-obair déanta ag Kevin Scannell agus bhí gá an scéal a scaipeadh. Bheartaigh siad an dea-scéal a thairiscint ar suíomh gréasáin tarraingteach.

Nascanna.com Text agus Logo

“Ní raibh daoine ar an eolas.”

Shocraigh Nascanna.com an eolas sin a scaipeadh agus daoine a thabhairt le fios go raibh Windows, Office, OpenOffice, Firefox agus eile ar fáil i nGaeilge. Bhí rogha ann. Tá rogha ann. Rogha Gaeilge agus obair buan ar bun chun cur leis ár gcuid roghanna an t-am ar fad.

D’iarr Teic na nGael ar Chiaráin faoi an tábhacht a bhaineann le teicneolaíocht a bheith ar fáil trí Ghaeilge agus eolas faoi teicneolaíocht a bheith trí Ghaeilge:

“Tá sé tábhachtach go mbeadh gach réimse den eacnamaíocht ag feidhmiú trí Ghaeilge. Seo cuid de.”

Cé gur acmhainn rítábhachtach an suíomh gréasáin seo, áis an-úsáideach agus furasta le húsáid. Faraor, níl aon uasdátú á dhéanamh ar an suíomh Nascanna.com (ná Scríobh.ie) Ach tá eolas luachmhar fós ar fáil orthu seo.

Mar a féidir a léamh ar stádas nascanna.com a scríobhadh mí Mheán Fómhair na bliana seo caite:

“Is dona linn an scéal seo, ach níl sé d’acmhainn againn cúram a dhéanamh díobh i láthair na huaire.”

Sé an trua seo cinnte, go háirithe mar nach raibh a leithéid ann roimhe agus tá éileamh ar an eolas fós. Tá feabhas ar na seirbhísí agus áiseanna Gaeilge atá ar fáil dúinn, ach mura bhfuil a fhios ag daoine fúthu…

“An-chuid oibre ag baint leis, agus easpa ama. An gnáthscéal. Bhí roinnt maoiniú ann ón Fhoras, ach níor mhair sé.”

Fuair na tograí seo roinnt áirithe cúnaimh ó Fhoras na Gaeilge thar na blianta ach ní raibh cúnamh ar bith ar fáil dóibh ó dheireadh 2014.

Theastóidh duine oilte a bheith ag obair (fiú go páirtaimseartha) leis na suíomhanna seo a choinneáil beo agus suas chun dáta. Bheadh an duine seo mar thacaíocht do na dhaoine ag obair go deonach agus bheadh gá le tacaíocht theicniúil. Is cinnte go bhfuil neart obair i gceist leis, ach, is fiú é…. Do bharúil?

 
scríobh.ie logo
www.scríobh.ie
eolas maidir leis na feidhmchláir agus na háiseanna ríomhaireachta eile atá ann do scríbhneoireacht na Gaeilge.

www.nascanna.com
eolas maidir leis na feidhmchláir agus na háiseanna ríomhaireachta ginearálta eile atá ann sa Ghaeilge

www.dúrud.ie
bainistithe ag saineolaithe i réimse na teicneolaíochta agus an aistriúcháin

Hackathon na Gaeilge

***Cuireadh ar athló an imeacht seo agus athrú dáta go dtí Dé Céadaoin 11 Aibreán 2017***

Tá Cumann Gaelach an Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath ag súil le níos mó ná 50 duine a bheith páirteach san Hackathon atá á eagrú acu ar campas na hollscoile (dáta nua) 11 Aibreán 2017.

Hackathon na Gaeilge postaer nua le dáta nua 11 Aibreán
Is comórtas é an Haiceatón, daoine ag cruinniú le chéile chun teacht ar réiteach ar fhadhb. Tá sé mar aidhm go mbeidh tuilleadh seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge agus a bheadh úsáideach i gnáth shaol muintir na Gaeilge. Beidh cúigear ar chaon foireann agus is féidir do thicéad a cheannacht anois.

€10 an ticéad, atá ar fáil ar Eventbrite (Beidh bia ann ar an lá san áireamh chomh maith.

Tá leathanach Facebook ag na himeachta seo le breis eolas agus comhrá faoi.

Beimid ag tnúth go mór níos mó a chloisteáil faoi an lá spreagúil seo, áit a bheidh an teicneolaíocht fite fuaite tríd na tionscnaimh.

An Aip is fearr liom…

Emma Ní Chearúil – Cé hí?

Emma Ní Chearúil Oifigeach Forbartha Gaeilge - Gael-Fhorbairt na Gaillimhe Teo.
Grianghraf le Sita O’Driscoll

Is Oifigeach Forbartha le Gael-Fhorbairt na Gaillimhe í Emma Ní Chearúil, arbh as Maigh Nuad i gContae Chill Dara ó dhúchais í. Bíonn sí ag obair le grúpaí pobail – leithéidí Club na nÓg, Brunch le Gaeilge, Gaeil na Gaillimhe agus Raidió na dTreabh.

Tá sí ina bainisteoir ar an stáisiún pobail Raidió na dTreabh i gCathair na Gaillimhe, agus ar RG Lurgan, atá ar fáil mar aip (ar AndroidApple) agus a chasann popcheol Gaeilge 24/7.

D’iarr Teic na nGael ar Emma – Cén Aip is fearr leat?

“Faoi láthair agus le déanaí tá iarracht á dhéanamh agam aipeanna a sheachaint agus níos lú ama a chaitheamh le fón i mo lámha, agus mar sin níl ach cúpla ceann fágtha agam.”

“tá iarracht á dhéanamh agam le déanaí níos lú ama a chaitheamh le fón i mo lámha”

Is léir go n-aithníonn Emma an gá le smacht a bheith againn orainn féin ó thaobh an teicneolaíochta dhe. Tuigeann muid anseo ag Teic na nGael go bhfuil sé i bhfad ró-éasca a bheith sánaithe faire ar scáileáin chuile nóiméad den lá!

“Ní fhéadfainn maireachtáil gan na cuide seo áfach!”

Is fearr cinnte an mheasarthacht a dhéanamh. Tá dúil anois againn a chloisteáil céard iad na ceanna atá fanta ina saol. Sé Instagram an chéad aip a luann sí agus mar is eol do dhuine ar bith a bhíonn í leanúint, is breá léi é.

“Twitter ceann eile lena bhfuil mé gafa fós, cé nach bhfuil sé ar m’fhón agam a thuilleadh!”

“Is féidir am a chur amú ag scrolláil ar aip shóisialta ar bith, ar ndóigh, ach más féidir staonadh uaidh sin, sílim go bhfuil buntáistí eile ag Instagram.”

“Seachas d’aird a tharraingt ón saol mór agus a dhíriú isteach ar an scáileán beag, sílim go spreagann Instagram mé níos mó airde a thabhairt ar na rudaí áille atá thart timpeall orainn. Stopann daoine le bheith ag breathnú ar spéir dheas nó rudaí fánacha aisteacha ar na sráideanna dá bharr agus sílim gur álainn an rud é sin!”

“Is breá liom Instagram, sílim go spreagann Instagram mé níos mó airde a thabhairt ar na rudaí áille atá thart timpeall orainn.”

Ní hiad Instagram agus Twitter amháin atá fágtha i saol Emma Ní Chearúil. Ar ndóigh, cuireann sí an-suim sa cheol.

“Ceann eile nach bhféadfainn maireachtáil gan é ná Spotify, agus sílim gurb é an €9 is fearr a chaithim chuile mhí – spreagann sé mé agus mé ag rith, cuireann sé ar mo shuaimhneas mé agus is maith liom éisteacht leis ar an mbus, ag ligint orm fhéin go bhfuil fuaimrian á chasadh do scannán mo shaoil. Tá sé cosúil le iTunes gan limistéar a bheith agat!

“sílim gurb é an €9 is fearr a chaithim chuile mhí ná Spotify”

“Tá GarageBand agam freisin, atá iontach le dréachtaí ar chaighdeán maith a thaifead d’amhráin más ceoltóir thú!”

Seachas an Aip atá 4.99 le cheannacht, tá Garageband mar cuid den phacáiste iLife atá saor in aisce ar aon Mac nua (chomh maith le iMovie agus Photos) Ach ní gach duine a bhíonn ar an t-idirlíon ar ríomhairí a thuilleadh, mar a mheabhraíonn Emma dúinn – a chuireann iontas orainn mar nach bhfuil ríomhaire glúine aici! (Níl fhios agam an bhféadfadh muidne maireachtáil gan é)

“Faoi láthair níl teilifís ná ríomhaire glúine agam agus mar thoradh ar sin táim gafa ag podchraoltaí agus raidió – cláir faisnéise, cláir chainte, cláir cheoil, rud ar bith i ndáiríre! Tá Podcasts iontach mar gur féidir podchraoltaí ó shuíomhanna agus stáisiúin éagsúla (Raidió na dTreabh ina measc!) a roghnú agus fógra a fháil nuair a bhíonn cláir nua ar fáil!”

Ár mbuíochas le Emma Ní Chearúil, ar féidir a leanacht ar Instagram agus ar Twitter. Freisin, tá Podchraoltaí Raidió na dTreabh ar iTunes

Comhdháil Cluichire

San Ionad Comhdhála Bhaile Átha Cliath thar dhá lá a bhí GamerCon ar siúl. Comhdháil do chluichirí agus lucht leanúna gach aon aois. Bhí cluichí le n-imirt agus deis castáil le YouTubers.
GamerCon i mBaile Átha Cliath Éire Márta 2017 Logo
Ach níor chinnte ticéid ceannaithe go mbeadh tú ábalta freastáil ar in aon chor. Cé nach bhfuil ach spás ag an Ionad Comhdháil i gcóir 9,400 duine ar a mhéid, díoladh 12,000 ticéad i gcóir chaon lá den GamerCon. Rud a chiall go raibh na sluaite fágtha taobh amuigh, go leor acu sin le gasúr óga agus níor éirigh leo dul isteach.

Scuainí fada taobh amuigh den Ionad Comhdhála ag GamerCon Bhaile Átha Cliath
Grianghraf buíochas le John Kelly
Dúirt bunaitheoir agus eagraí imeachta GamerCon Ferdi Roberts nach raibh súil acu go bhfanfadh daoine ag an ócáid ar feadh an lae agus bhí an-dul amú orthu ar an mheastóireacht a bhí déanta ar sruth na ndaoine. Ghabh sé leithscéal agus duine ar bith nár éirigh leo dul isteach, bhí aisíocaíocht á thairiscint dóibh.

Cé go raibh ós cionn 9,000 duine a d’fhreastáil ar GamerCon, is óna ndaoine nár éirigh leo dul isteach agus daoine ag gearáin is mó atá le feiceáil ar líne ag caint ar an imeacht.

Ba bhreá linn tuairimí na nGael a d’fhreastáil ar a fháil amach. Ar cheap tú gur ‘Game On’ nó ‘Game Over’ a bhí san GamerCon? Is cinnte go raibh eagraithe de na ócáidí cosúil leis go dtí seo sa tír ag labhairt amach agus ag meabhrú do dhaoine nach raibh aon baint acu san leis an ceann seo. Mhol siad do dhaoine freastáil a dhéanamh ar na ceanna a bhíonn eagraithe ‘ i gceart ‘. Bhí ímní orthu go dtarnóidh an ceann seo droch-cháil orthu ar fad.
Game Over!