Inniu bhí imeacht do dhéagóirí i gCeanncheathrú Facebook i mBaile Átha Cliath mar chuid de Lá na Meán Sóisialta…
![Daltaí Scoile ag imeacht #LNMS17 i gCeanncheathrú Facebook i mBaile Átha Cliath](http://teicnangael.com/wp-content/uploads/2017/03/170316-FB-Event-Pic1.jpg)
Tá Lá na Meán Sóisialta ar siúl inniu (Déardaoin, 16 Márta) mar chuid de Sheachtain na Gaeilge le Energia 2017.
Is í aidhm Lá na Meán Sóisialta úsáid na Gaeilge ar na meáin shóisialta a mhéadú thar cuimse sa dara lá deireanach de Sheachtain na Gaeilge le Energia 2017 agus í ag druidim i dtreo cheiliúradh mór na Féile Pádraig. Tá Seachtain na Gaeilge le Energia ag súil leis an oiread daoine, scoileanna, eagraíochtaí agus grúpaí agus is féidir a spreagadh chun Gaeilge agus an haischlib #LNMS17 a úsáid ar na meáin shóisialta ar an lá.
Mar chuid de Lá na Meán Sóisialta, bhí ócáid ar siúl do dhaltaí meánscoile in oifigí Facebook i mBaile Átha Cliath. Bhí beirt ambasadóirí de Sheachtain na Gaeilge le Energia 2017 i láthair; Miriam O’Callaghan a bhí ina bean an tí, agus Micheál Ó Ciaraidh a bhí ar an bpainéal cainteoirí, in éineacht le Cara Nig Fhearraigh ó Facebook, Cormac Breathnach ón bhFoclóir Nua, Niamh Ní Chróinín ó Raidió Rí-Rá agus Edel Ní Bhraonáin ó CLG Na Gaeil Óga.
Is féidir leat fós páirt a ghlacadh i Lá na Meán Sóisialta trí phostáil as Gaeilge ar leithéidí Facebook, Twitter, Instagram agus Snapchat agus an haischlib #LNMS17 a úsáid.