An Aip is fearr liom…

Conchubhair Mac Lochlainn – Cé hé?

Grianghraf de ConchubhairIs físghrafadóir tráchtála agus sainchomharlaí digiteach agus cumarsáide é Conchubhair Mac Lochlainn, gur leis Acmhainní Teoranta – an t-aon gníomhaireacht digiteach iomlán dhá-theangach sa tír. Muineachánach ó dhúchais, tá sé anois lonnaithe idir Baile Átha Troim agus lár na Cathrach Átha Cliath. Agus rochtain aige ar leathanbhanda réasúnta gasta, is féidir leis feidhmiú ar son réimse leathan cliaint fud fad an domhain ar-líne, gan fiú tír ná teach a fhágáil. Is Cathaoirleach é ar Seachtain na Gaeilge le Energia ar siúl anois.

D’iarr Teic na nGael ar Conchubhair – Cén Aip is fearr leat?

“An aip is fearr liom faoi láthair, agus déarfainn go gcuirfeadh sé seo iontas ar roinnt mhaith daoine, ná feidhmchlár ‘SnaG 2017’ atá ar fáil ar iTunes agus Google Play. Is liosta cuimsitheach ar gach imeacht áitiúl, is cuma cá háit ar domhain, atá ag tarlú don Féile is mó riamh d’ár dteanga dúchais faoi láthair.”

An aip is fearr liom faoi láthair, agus déarfainn go gcuirfeadh sé seo iontas ar roinnt mhaith daoine, ná feidhmchlár ‘SnaG 2017’

“Tá Seachtain na Gaeilge le Energia ag dul ó neart go neart le cúpla blian anuas, a bhuíochas leis an bhfoireann cumasach atá againn, ach is tábhachtach cuimhniú gur bunaithe ar an phobal atá an rath sin, agus ar an pobal céanna a mbraitheann an féile fhéin.”

“Sin an fáth gur go h-uile is go h-iomlán slua-fhoinnsithe atá na sonraí don aip. Ní bheadh muid in ann gach imeacht a chlárú fé mar a tháinig na sonraí chugainn san oifig, agus mar thoradh tá an inneal taobh thiar den aip, a d’fhorbair Pangr dúinn, thar a bheith cliste. Agus na sonraí leagtha amach mar is ceart ar an bhfoirm ar líne, cruthaítear an t-imeacht d’aon ghnó. Ansin, agus é ina luí ar an mbunachar sonraí, níl le déanamh ag an úsáideoir ach rogha a dhéanamh cén saghas imeacht atá uathu, agus cé chomh chongaireach dóibh – is féidir leas a bhaint as an GPS ar an ngléas atá acu imeachtaí a thaispeáint de réir cóngaireacht.”

Níl le déanamh ag an úsáideoir ach rogha a dhéanamh ar cén saghas imeacht atá uait, agus cén fhaid uait – is féidir leas a bhaint as an GPS ar do ghléas chun imeachtaí a thaispeáint de réir cóngaireacht

“Is dócha gurb iad san na smaointí is fearr ó taobh an saol digiteach de: Rudaí thar a bheith simplí ag breathnú, atá rúinín beag d’éirimiúlacht taobh thiar dóibh, agus a dhéanann saol an úsáideora – ach go háirithe dóibh san l’Acmhainní teoranta (boom boom!) – giota beag níos éasca.”

Ár mbuíochas le Conchubhair as ucht labhairt linn (agus as ucht an imeartas focal) Is féidir níos mó eolas a fháil faoi a ghnó ‘‘Achmhainní Teo.’ ar líne

Is féidir Aip Seachtain na Gaeilge a íoslódáil saor in aisce ó iTunesGooglePlay.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *