An Aip is fearr liom…

Karina Feirtéar – Cé hí?

Bainisteoir Óige i TG4. Is Ciarraíoch í Karina Feirtéar ó dhúchais. Tá cúlra saibhir san ealaíon aici. D’oibrigh sí mar ealaíontóir grafach le breis agus 10 mbliana. Tar éis sin, bhí sí ag plé le stiúradh agus ag léiriú sraitheanna don lucht féachana óg i TG4. Tá go leor forbairt déanta aici i bhforbairt aipeanna Gaeilge do Cúla4. Tá sí pósta agus beirt páiste aici féin. Faoi láthair, tá sí ag bainistiú ábhar a chuirtear ar fáil ar ardáin digiteach as Gaeilge don lucht féachana óg – cainéal YouTube Cúla4 agus na h-ardáin eile ina mbíonn a cuid tuismitheoirí & múinteoirí ar fáil. Is breá leí gach rud a bhaineann leis na h-ardáin shóisialta.

D’iarr Teic na nGael ar Karina – Cén Aip is fearr leat?

Karina Feirtéar ag úsáid Snapchat“Is breá liom go leor, LEOR aipeanna. Tá gach rud ar fáil ar mo fón póca anois. Gach rud ó mo bhanc, siopaí gur féidir éadach a cheannacht, chomh maith le r-phostanna a sheoladh! Caithim go leor am ar seinnteoirí ar mo fón (tá’s agat.. scáileán an-bheag), chomh maith le YouTube.”

“Ach cad é an ceann is mó a bhainim sásamh as agus go gcaithim formhór de mo chuid ama air? Snapchat! Tá an glúin níos óige sa lá tá inniu againnn ag díriú isteach ar domhan físiúil, níos mó na focail. Is ardán cliste é Snapchat atá tógtha ar an bhunús sin.”

“Is breá liom go leor leor aipeanna. Ach cad é an ceann is mó a bhainim sásamh as agus go gcaithim an chuid is mó de mo chuid ama ar? Snapchat!”

Karina Feirtéar ag úsáid Snapchat Is breá liom é mar nach bhfuil rialacha faoi leith ag baint leis – Bealach iontach físiúil le scéal a chumadh agus thaifeadadh.

Tá neart spraoi ann ag cruthú teachtaireachtaí agus iad a sheoladh chuig do chairde nó “snap scéal” a chumadh dod leantóirí. Is féidir ceol a chur leis nó do chuid graificí / dearadh féin.

Níl Snapchat ach ina thús, beidh neart forbairtí agus réimsí nua ag teacht leis an ardán amach anseo.

 

“Ní h-amháin go maith liom mo chuid snaps féin a chruthú, ach is breá liom roinnt daoine a leanúint chomh maith.”

“Tugann sé léargas mhaith réalaíoch dúinn ar shaol dhaoine- mar shampla daoine cáiliúil- taispeánann sé dúinn an saol atá acu- gan an smide.. nó taobh thiar den cheamara i taifeadadh mór.”

Ár mbuíochas le Karina as ucht a gcuid ama ag freagairt na ceiste seo agus is léir go duine í a bhaineann an-úsáid as Aipeanna! Céard fútsa? Céard iad na Aipeanna is mó a bhaineann tusa taitneamh agus úsáid astu? Má cheapann tú go mbíonn aon duine ag ‘Snapscéalaíocht’ a leanann tú ar Snapchat ar chóir go mbeadh muid ar an eolas fúthu, fáilte romhat teachtaireacht a fhágáil thíos, nó bí i dteagmháil linn.

Dala an scéil, is iontach na áiseanna atá ar fáil ó Cúla4 agus beidh alt eile againn faoi seo go gairid.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *