# Trasna na dTonnta

Cruthaíodh cúntas Twitter nua @Trasna17 i Mí Dheireadh Fómhair 2016.
Trasna na dTonnta Cibear-Ghaeltacht 27 – 31 Márta 2017
Cibear-Ghaeltacht ar líne atá i gceist, ó Dé Luain an 27 Márta go dtí Dé hAoine an 31ú Márta 2017. Feachtas nua agus ócáid ag Gaeil ar fud an domhain chun úsáid a bhaint as an cúpla focal agus an haischlib #TrasnanadTonnta a chur leis.

An aidhm leis seo, ná go mbeidh an oiread daoine agus is féidir, ag tvuíteáil/giolcaireacht agus ag úsáid #TrasnanadTonnta ar líne, chomh minic agus is féidir.

Tá an togra nua seo curtha ar bun ag Fondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada. Tá Fondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada aoinithe ag An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta.

Tuilleadh eolas ar suíomh gréasáin leo trasnanadtonnta.ie

Teic taobh amuigh 

Mar bhí an aimsir go breá an deireadh seachtaine, thug muid teic amach taobh amuigh linn 

Teic taobh amuigh ceamara digiteach
Grianghraf Teic na nGael

Céard fútsa? An raibh deis agat dul amach faoin ngrian nó san aer úr. 

Comhdháil Cluichire

San Ionad Comhdhála Bhaile Átha Cliath thar dhá lá a bhí GamerCon ar siúl. Comhdháil do chluichirí agus lucht leanúna gach aon aois. Bhí cluichí le n-imirt agus deis castáil le YouTubers.
GamerCon i mBaile Átha Cliath Éire Márta 2017 Logo
Ach níor chinnte ticéid ceannaithe go mbeadh tú ábalta freastáil ar in aon chor. Cé nach bhfuil ach spás ag an Ionad Comhdháil i gcóir 9,400 duine ar a mhéid, díoladh 12,000 ticéad i gcóir chaon lá den GamerCon. Rud a chiall go raibh na sluaite fágtha taobh amuigh, go leor acu sin le gasúr óga agus níor éirigh leo dul isteach.

Scuainí fada taobh amuigh den Ionad Comhdhála ag GamerCon Bhaile Átha Cliath
Grianghraf buíochas le John Kelly
Dúirt bunaitheoir agus eagraí imeachta GamerCon Ferdi Roberts nach raibh súil acu go bhfanfadh daoine ag an ócáid ar feadh an lae agus bhí an-dul amú orthu ar an mheastóireacht a bhí déanta ar sruth na ndaoine. Ghabh sé leithscéal agus duine ar bith nár éirigh leo dul isteach, bhí aisíocaíocht á thairiscint dóibh.

Cé go raibh ós cionn 9,000 duine a d’fhreastáil ar GamerCon, is óna ndaoine nár éirigh leo dul isteach agus daoine ag gearáin is mó atá le feiceáil ar líne ag caint ar an imeacht.

Ba bhreá linn tuairimí na nGael a d’fhreastáil ar a fháil amach. Ar cheap tú gur ‘Game On’ nó ‘Game Over’ a bhí san GamerCon? Is cinnte go raibh eagraithe de na ócáidí cosúil leis go dtí seo sa tír ag labhairt amach agus ag meabhrú do dhaoine nach raibh aon baint acu san leis an ceann seo. Mhol siad do dhaoine freastáil a dhéanamh ar na ceanna a bhíonn eagraithe ‘ i gceart ‘. Bhí ímní orthu go dtarnóidh an ceann seo droch-cháil orthu ar fad.
Game Over!

121 Digital . ie

Céard é 121 Digital.ie ?

Ceachtanna idirlíne d’fhoghlaimeoirí ar bith, tosaitheoirí go leor acu sin ach ní gá ach oiread. Cuma más tosaitheoirí nó ar leibhéal idirmheánach – daoine ábalta idirlíon a úsáid ach ceisteanna acu nó spéis acu rudaí a fhoghlaim. Bíonn na ceachtanna saor in aisce dóibh agus téann na teagascóirí agus na ceachtanna ar aghaidh ar comhchéim leis an bhfoghlaimeoir.

Tá ós cionn 70 ionad foghlamtha ar fud na tíre, idir gnólachtaí, scoileanna, ollscoileanna agus Coláistí IT ina measc iad siúd atá á reachtáil.

Tarraingíonn 121 Digital pobal le chéile, go minic idirghlúine a bhíonn i gceist agus is féidir le daoine fásta teicneolaíocht agus cúrsaí idirlíne a fhoghlaim ó duine óg atá ag tabhairt a gcuid ama go dheonach chun na scileanna atá acu a roinnt.

121 Digital project in Galway City organised by Galway2020 Volunteers

Cé go mbíonn go leor difríochtaí idir ghlúnta éagsúla, trí 121 Digital tá na glúine ag foghlaim óna chéile.

Go dtí seo níor thriall ach ionad foghlamtha amháin an tionscnamh rathúil seo a reachtáil trí Ghaeilge, agus b’shin buíochas le Pádraig Ó Dubhaigh an múinteoir Fraincíse agus teicneolaíocht faisnéise i bPobalscoil Corca Dhuibhne sa Daingean i gContae Chiarraí.

Duine óga ag cabhrú le duine fásta 121 Digital trí Ghaeilge Pobalscoil Corca Dhuibhne

Tá na cáipéisí agus an leagan nua de na ceachtanna 121 Digital anois ar fad á aistriú go Gaeilge agus beidh Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua i gConamara Contae na Gaeillimhe ag tabhairt faoi an togra trí Ghaeilge an tseachtain seo chugainn.

Deisceart ó thiar theas

Comhdháil & Féilte SXSW – Deisceart ó thiar theas (South by Southwest® Conference & Festivals)

Why Women in Tech Matter? Poster used for Panel Discussion at SXSW 2017Inniu 11 Márta tá cailín óg darbh ainm Niamh Scanlon as Baile Átha Cliath ag labhairt ar painéal ag plé ‘Why Women in Tech Matter’ in Austin, Texas, Meiriceá.

Is ócáid ag ceiliúradh teacht le chéile tionscal na scannán, tionscal an cheoil agus idirgníomhach atá san SXSW (nó DóTT) a bhíonn ar siúl gach bliain ó 1987.

Niamh Scanlon Teic Will i amThosaigh Niamh Scanlon ag códú nuair a bhí sí 9 mbliana d’aois ag Coderdojo in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus bronnadh an teideal Cailín Dhigiteach AE na bliana 2015 uirthi. Tá Will.i.am. le feiceáil in aice léi ina íomhá próifíl Twitter, níl aontas ar bith ‘s an méid daoine atá sí tar éís castáil le agus an méid atá bainte amach cheana féin ag an cailín 14 bliana d’aois óg seo.

– Níl tú ariamh ró-óg a bheith mar dea-shampla, a bheith mar ‘role-model’. (eiseamláir / patrún – nó Gaeilge éicint mar sin ar’role-model’)

Deisceart ó Thiar Theas – SXSW ar siúl Márta 10-19 2017

Cé hé Gary Vay?

‘I lár scamall agus salachar’ a bhíonn Gary Vaynerchuk, nó Gary Vee mar is fearr aithne air.

Ó shiúl mé isteach doras an Ionad Comhdhála ag Tionól Teic Bhaile Átha Cliath, is é a chuala mé gach duine ag caint ar.

Ní raibh fhios agam cé é fhéin.

Bhain mé úsáid as Google ó shin chun níos mó eolas a fháil faoi. Is gnó-eagraí Meiriceánach, údar agus pearsanta aitheanta ar líne é. Bhí luach $3 milliún ar gnó a mhuintir ach d’ardaigh seisean an luach sin chomh hard le $60 milliún.

Bhí a cur i láthair ag an Tionól Teic spéisiúil. Thaithin an béim a chur sé ar an bhfhírinne go mór liom chomh maith le obair crua.

RoboThespian

Is robot duiniúil ar cóimhéid an RoboThespian deartha i gcóir idirghníomhú dhaonna i timpeallacht poiblí.

RoboThespian at Dublin Tech Summit

Cén teanga a labhraíonn sé? Labhair Béarla ag an Tionól Teic ach is féidir labhairt teanga ar bith a bhíonn sé ríomhchláraithe. (Gaeilge san áireamh) Is féidir ceann a fháil ar cíos. Sin a léigh mé ar suíomh gréasáin RoboThespian.