Faduda

Tá an haischlib #FADUDA le feiceáil ar líne le Mí anuas agus físeán YouTube beomhar bríomhar ag dul leis.

Is sraith vlaganna é Faduda do BBC Gaeilge curtha le chéile ag an chomhlacht léiriúcháin ‘Paper Owl Films‘.

Tá vlagálaithe óga spleodracha ag déanamh taifid ar fhíseáin iad féin don sraith. Tá go leor le rá agus go leor le tairiscint acu, ag cur ábhar úr digiteach ar líne do dhaoine atá 18-30 bliain d’aois.

Bíonn siad ag caint ar achan rud ó bhia go taisteal go smideadh go yoga. Ní sna 6 chondae amháin atá na físbhlagalaithe lonnaithe ach i gCeanada, sa Spáinn agus ar fud na cruinne.

Faigh amach mar a thagann Ian MacGabhann chun réitigh leis an sneachta i gCeanada agus bí ag coimhéad ar Amy Ní Cholgáin ag giollacht bia veigeánach óna hárasán sa Spáinn.

Is duine de na físbhlagalaí í Caoimhe Ní Chathail agus tá físeáin in airde aici faoi a céad turas i dtacsaí dubh, nodanna chun tú féin a choinneáil sásta agus cén dóigh sailéid ghasta a dhéanamh don obair.

 

Deir Karen Kirby, Léiritheoir Feidhmiúcháin, BBC Gaeilge, go bhfuil an fhoireann ar fad ar bís go bhfuil said “ag tabhairt deis do Ghaeilgeoirí óga dul i gceann agus i bpáirt le hábhar a bhaineann leo féin, ina dteanga féin agus é ar líne go heisiach.

“tá súil againn go spreagfaidh sé Gaeilgeoirí óga, díograiseacha eile a bheith páirteach ann.”

Is féidir teacht ar Faduda fríd an haischlib #FADUDA, bbc.co.uk/gaeilge ar leathanach Facebook BBC Gaeilge agus ar liosta BBC Gaeilge ar chainéal YouTube BBC TÉ.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *