iPhone nua

Níos lú agus níos saoire

D’fhógair Apple inniu go bhfuil siad ag eisiúint iPhone nua, an ceann is saoire a bheidh ar an margadh acu.

Beidh an iPhone SE ar fáil le nordú ó Dé hAoine 17 Aibreán ar €499 nó $399 ó suíomh gréasáin Apple.

iPhone dathanna, dubh, bán agus dearg

Beidh 3 dhath ar fáil; dubh, bán nó dearg agus tá rogha stóras freisin, ach íocfaidh tú níos mó as na GB breise. Is 64 GB stóras atá i gceist nó leagan 128 GB nó 256 GB a roghnú.

Sna toise fisiceach, roimhe seo ba é an iPhone 11 Pro, an ceann is lú i measc na cinn nua a bhí ar fháil leis an scáileán 5.8 horlaí. Tá scáileán 4.7 horlaí ag an SE, ag cur iPhone níos sine 6, 6S, 7 agus 8 i gcuimhne.

Is leagan nua é den iPhone SE a d’eisigh siad i 2016 agus glacfaidh an ceann seo áit an iPhone 8 a bheidh anois ar scor acu. Cosúil freisin leis an iPhone 8 tá an cnaipe baile agus aitheantas tadhaill, níl aghaidh-aithint mar a bhí ar na iPhone nua go léir go dtí seo.

Níl ach lionsa amháin leathanuilleach ag an ceamara 12-meigiphicteilín. Is 7-meigiphicteilín an ceamara éadain atá mód portráide ar fáil freisin, rud nach raibh leis an iPhone 8.

Tá port tintrí agus níl aon seac cluasán. Seolfaidh Apple amach na iPhone nua SE seo ón 24 Aibreán 2020 ar aghaidh.

Beidh iTunes á scriosadh

Tar éis 18 bliana ar an bhfód, d’fhógar Apple go mbeidh iTunes á scriosadh acu sa chéad uasdátú córas oibriúchán eile. Tháinig an scéal amach ag Comhdháil bhliantúil Apple (WWDC 2019) in San Jose, California, Meiriceá.

Craig Federighi ag wwdc2019

Tiocfaidh an córas oibriúchán macOSCatalina isteach agus scriosfar an iTunes ón Mac, ina áit, beidh na aipeanna seo:
– Apple Music
– Apple TV
– Apple Podcasts

Beidh aon ceol agus seinnliostaí a bhí agat, ar fáil go uathoibríoch ar an Aip ‘Apple Music’, beidh do chuid podchraoltaí ar ‘Apple Podcasts’ agus beidh na físeán agus scannáin ar fad ar ‘Apple TV’.

Ní hé iTunes (mar ní bheidh sé ann) ná aon ceann de na aipeanna seo a dhéanfaidh an cúltaca nó sionc leis an iPhone duit, mar a rinneadh roimhe seo. Beidh an rogha seo le fáil sa Finder.

Beidh an córas oibriúcháin nua; macOS Catalina, ar fáil, go forleathan, san Fhómhar. Mura bhfuil fonn ort fanacht go dtí Meán Fómhar, is féidir teacht ar roimhe sin – Beidh leagan beta ar fáil go poiblí an mhí seo chugainn, Mí Iúil 2019. Cláraigh anois, agus nuair a bheidh an leagan seo ar fáil duit cuirfear ar an eolas thú.

Is féidir triail a bhaint as níos túisce ná sin fiú:

Anois díreach, is féidir le forbróirí Apple, macOS Catalina (agus iOS 13) a úsáid. (Mholainn gan do phríomh gaireas a úsáid más féidir, leis an leagan beta beidh neart fabhtanna ar ndóigh.) Ní gá ach $99 a íoc le clárú mar forbróir.

Más PC atá in úsáid agat, ní bheidh aon athrú ar an iTunes seo agus fanfaidh rudaí mar an gcéanna.

5 giuirléide

An chéad rogha atá déanta againn sa tsraith seo, beidh samplaí eile ag teacht, de giuirléidí a d’fhéadfá a cheannacht i gcóir bronntanas Nollag.

1. Callaire Cliste

Echo nó Google Home

Roinnt bliant ó shin, ba táirge Amazon, an Echo a bhí i bhfad chun tosaigh ar aon callaire cliste eile ach anois tá táirge Google, an GoogleHome tagha suas leis agus san iomaíocht.

Amazon Echo (Alexa)

Cosúil le Siri an Apple nó Cortana, Microsoft tá ainm tugtha ag Amazon don ghlór a chabhraíonn linn agus muid ag úsáid an callaire cliste seo – Alexa. Tosaíonn Alexa nuair a labhraíonn muid an t-ainm ‘Alexa’ agus leantar leis an ordú nó an cheist atá againn.

GoogleHome (‘Assistant’)

Difríocht ollmhór le ‘Assistant’ nó an cúntóir / glór an GoogleHome seachas cinn eile, níl aon pearsantacht nó ainm tugtha dóibh don ghlór céanna. Úsáidtear na focail ‘Ok Google’ nó ‘Hey, Google’ chun an cúntóir seo a thosú.

Amazon Echo Products
Echo €99.99 / £79.99

Má tá callaire níos lú uait (agus costas níos lú) Echo Dot €49.99 / £29.99. Más ceol atá uait, b’fhéidir go mbeadh callaire ar chaighdeán níos fearr ag teastáil. Is féidir Bluetooth nó an seac fuaime 3.5mm a úsáid chun callairí níos fearr a shocrú suas.

Más teach cliste atá uait, tagann an Echo Plus €149.99 / £140), le Zigbee hub ionsuite chun gléasanna a rialú, mar shampla bolgán Philips Hue. Smaoineamh maith ach an bhfuil an ceann seo réidh i gcóir na tithe ar fad os rud nach bhfuil na gléasanna ar fad againn, seans nach bhfuil.

Tá scáileán tadhaill san áireamh leis an Echo Show, €229.99 / £200 mar sin tá an idirghníomhú leis an chúntóir go hiomlán difriúil, is féidir ábhar físeach mar shampla fotha ó ceamara slándála a fheiceáil.

San iomaíocht le táirgí Amazon luaite, tá táirgí ag Google.
Google Home Products
Home an príomh táirge €99 / £89 in iomaíocht an Echo.
Google Home Mini €59/ €39, in iomaíocht an Echo Dot agus tá sé sách saor chun a scaipeadh tríd do theach. Níl aon aschur fuaime faraor, mar sin ní féidir é a cheangailt go héasca le córas Hi-Fi seachtrach. (Seachas an haic seo a rinneadh duine agus a roinn ar líne seac fuaime 3.5mm a chur leis)
Google Home Max, is callaire dírithe ar ceol.
Google Home Hub le scáileáin cliste san iomaíocht leis an Echo Show.

Ba bhreá linn cloisteáil uait má tá aon ceann de na táirgí seo in úsáid agat. Céard a cheapann tusa?

Giuirléid 2017

Na giuirléidí is mó a díoladh anuraidh

5. Nintendo Switch – 15M aonaid
nintendo switch console

4. Uaireadóir Apple – 20M aonaid
Apple Watch
Táirge réasúnta nua, gan ar an margadh ach ó 2015, tháinig an 3ú sraith amach i 2017 agus is léir ón díolacháin nach bhfuil am na uaireadóirí cliste caite.

3. Amazon Echo Dot – 24M aonaid
Amazon Echo
2014 thug Amazon amach Echo ar dtús. Anois tá sí níos lú. An bhfuil callaire cliste guthghníomhachtaithe agat fhéin sa bhaile?

2. Samsung Galaxy – 33M aonaid
Samsung Galaxy
Tháinig Samsung Galaxy S8 & Samsung Galaxy Note 8 amach gan ceachtar acu pléascadh.

1. iPhone Apple – 223M aonaid
 iPhone 8, iPhone 8 Plus
iPhone X
Bhí 3 iPhone éagsúil amuigh ag Apple na bliana seo caite. iPhone 8, iPhone 8 Plus agus iPhone X. Níl iontas mar sin gurb iad an giuirléid is mó a díoladh.

Figiúirí de réir anailísí ‘GBH Insights’ Daniel Ives a chuir le chéile ar son USA TODAY.

Ach, an raibh giuirléidí eile nach raibh ar an liosta seo? Céard a cheannaigh tusa i 2017? Mar de ghnáth ba bhreá linn cloisteáil uaibh! Táimid ag tnúth go mór le bhur smaointe a fháil i 2018.

MoJoCon 2017

An triú bliain de MoJoCon agus i mbliana thug RTÉ an comhdháil go Cathair na Gaillimhe. Tar éis dhá bhliain rathúil acu i mBaile Átha Cliath, i mbliana tá lá breise agus daoine bailithe in Iarthar na tíre as gach cearn den domhan.
Déardaoin 4ú Bealtaine go dtí Dé Sathairn 6ú Bealtaine in Óstán an Radisson agus le roinnt imeachtaí eile timpeall an Cathair.
Teic na nGael ag MoJoCon 2017 i nGaillimh
Is comhdháil bhliantúil MoJoCon ag díriú ar iriseoireacht mhóibíleach agus na teicneolaíochtaí ar fad a ghabhann le iriseoireacht na linne seo.

Go leor caint ar 5G.. VR.. 360.. Tá an áit lán le seastán, soilse, micreafón, aon saghas crua-earraí a bhféadfá smaoineamh orthu agus na bogearraí ar fad.

Ní gaireas agus giuirléidí amháin atá i mbéal an phobail (agus is breá linn iad!) freisin tá béim á chur ar an scéalaíocht, an luach agus an iriseoireacht féin.

Bhí díospóireacht agus plé faoi ‘bás na hiriseoireachta’ agus níor iontas dúinn go raibh ‘bréagnuacht’ luaite uair nó dhó.
Michael Rosenblum ag rá go bhfuil iriseoireacht marbh ag MoJoCon 2017

Cé go raibh Michael Rosenblum go láidir (agus glórach) i bhfabhar, go bhfuil an iriseoireacht marbh, is léir ón méid caint eile go gceapann formhóir againn go bhfuil tréithe marbh (thart) ach go bhfuil iriseoireacht féin linn agus fiúntas ann i gcónaí.

D’fhreastail gach saghas duine ar MoJoCon chomh maith, iriseoir móibíleach, teagascóir, díoltóir táirge, fiontraí…. srl. srl. agus tá teangacha éagsúla le chloisteáil i ngach áit, thug muid an Ghaeilge faoi deara go háirithe.

Bhí roinnt tuairisciú Gaeilge á dhéanamh ag RTÉ MoJoCon féin freisin.

Táimid ag tnúth go mór leis an méid atá fós le theacht ó Glen Mulcahy agus foireann MoJoCon ar fad. Ár mbuíochas leo.

121 Digital . ie

Céard é 121 Digital.ie ?

Ceachtanna idirlíne d’fhoghlaimeoirí ar bith, tosaitheoirí go leor acu sin ach ní gá ach oiread. Cuma más tosaitheoirí nó ar leibhéal idirmheánach – daoine ábalta idirlíon a úsáid ach ceisteanna acu nó spéis acu rudaí a fhoghlaim. Bíonn na ceachtanna saor in aisce dóibh agus téann na teagascóirí agus na ceachtanna ar aghaidh ar comhchéim leis an bhfoghlaimeoir.

Tá ós cionn 70 ionad foghlamtha ar fud na tíre, idir gnólachtaí, scoileanna, ollscoileanna agus Coláistí IT ina measc iad siúd atá á reachtáil.

Tarraingíonn 121 Digital pobal le chéile, go minic idirghlúine a bhíonn i gceist agus is féidir le daoine fásta teicneolaíocht agus cúrsaí idirlíne a fhoghlaim ó duine óg atá ag tabhairt a gcuid ama go dheonach chun na scileanna atá acu a roinnt.

121 Digital project in Galway City organised by Galway2020 Volunteers

Cé go mbíonn go leor difríochtaí idir ghlúnta éagsúla, trí 121 Digital tá na glúine ag foghlaim óna chéile.

Go dtí seo níor thriall ach ionad foghlamtha amháin an tionscnamh rathúil seo a reachtáil trí Ghaeilge, agus b’shin buíochas le Pádraig Ó Dubhaigh an múinteoir Fraincíse agus teicneolaíocht faisnéise i bPobalscoil Corca Dhuibhne sa Daingean i gContae Chiarraí.

Duine óga ag cabhrú le duine fásta 121 Digital trí Ghaeilge Pobalscoil Corca Dhuibhne

Tá na cáipéisí agus an leagan nua de na ceachtanna 121 Digital anois ar fad á aistriú go Gaeilge agus beidh Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua i gConamara Contae na Gaeillimhe ag tabhairt faoi an togra trí Ghaeilge an tseachtain seo chugainn.

Lá na Meán Sóisialta

Amárach, Déardaoin 16 Márta 2017 is Lá na Meán Sóisialta a bheas ann. Cosúil le aon imeacht eile ar líne, cuma cá bhfuil tú lonnaithe ar domhan, is féidir linn ar fad páirt a ghlacadh. Níl orainn ach an haischlib #LNMS17 a úsáid agus beidh an haischlib céanna á núsáid ar na meáin shóisialta ar fad.

#LNMS17 Lá na Meán Sóisialta 2017Bheartaigh foireann Sheachtain na Gaeilge céiliúradh a dhéanamh ar an méid Gaeilge a úsáidtear ar líne, atá ag fás in aghaidh an lae. Ar ndóigh tá an ceiliúradh seo á dhéanamh le linn Sheachtain na Gaeilge le Energia. Tá Facebook agus comhlachtaí idirnáisiúnta teicneolaíochta eile ag obair seasta leis an teanga a chur chun cinn agus bíonn na mílte ag baint úsáid as a gcuid Gaeilge ar na meáin shóisialta.

Deis atá anseo chun daoine fud fad an domhain a spreagadh le níos mó Gaeilge a úsáid ar an lá seo ach go háirithe. Is í an Ghaeilge ceann de na 100 teangacha is gníomhaí ar líne. Is léir an t-éileamh atá uirthi ó na seirbhisí atá ar fáil anois trí Ghaeilge; téacsáil réamhaithriseach, aipeanna agus na céadta suíomhanna idirlíne.

logo Conradh an Gaeilge agus Seachtain na Gaeilge le Energia Tá imeachtaí ar fad Seachtain an Gaeilge ar an suíomh gréasáin agus ar an Aip atá ar fáil saor in aisce ar GooglePlay agus Apple.

An Aip is fearr liom…

Micheál Ó Ciaraidh – Cé hé?

Micheál O Ciaraidh TG4 Teic na nGaelIs láithreoir teilifíse é Micheál Ó Ciaraidh ar Cúla4 (rannóg na ndaoine óga) TG4 agus oibríonn sé ar cúntais na meáin shóisialta TG4 chomh maith! #Teic

Nuair nach mbíonn Micheál ag snapáil nó ag déanamh míreanna beo ar Facebook agus meáin shóisialta eile, seineann sé an fidil le banna ceoil darbh ainm Spats Colombo. Táimid ar fad ag tnúth go mór le iad a fheiceáil ag an Electric Picnic arís i mbliana agus tá EP le Spats Colombo ‘Caught in a Bind’ ar fáil le híoslódáil. D’aithneá ó chanúint bhreá Micheál gurb as Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall dó.

D’iarr Teic na nGael ar Micheál – Cén Aip is fearr leat?

“Bímse gafa le mo fón agus mar sin de, tá mé ag ceapadh go bhfuil na haipeanna ar fad agam faoin am seo! Is iad na cinn a úsáidim don chuid is mó ná Facebook agus Twitter le bheith ionraic, ach ‘s an aip is fearr liom ar domhan ná ‘Soundhound’.

 “na cinn a úsáidim don chuid is mó nó Facebook agus Twitter, ach an aip is fearr liom ar domhan ná Soundhound”

“Ní aip nua atá inti ach fos féin ceapaim go bhfuil cumhachtaí osnádúrtha aici! Tá sí iontach cosúil le ‘Shazam’ san doigh ‘s gur féidir leis an aip seo ceol a aithint ó a bheith ag ‘éisteacht’ le píosa gairid uaidh.

“Mar cheoltóir, tá sé seo iontach mar is minic an am a thagann corr-séis istigh i mo cheann agus déanaim iarracht é a chanadh amach – le fáil amach go díreach cén t-amhrán atá ann. É sin ráite, agus tá mé i ndáiríre faoi seo, tá aip nua den scoth foilsithe ag Foras na Gaeilge an tseachtain seo.

“tá aip nua den scoth foilsithe ag Foras na Gaeilge an tseachtain seo le téarmaí nua ar nós ‘selfie stick’, ‘marriage equality’ agus ‘eejit’ ann”

“Sé ‘Foclóir’ Béarla – Gaeilge atá inti ach tá i bhfad níos mó ná seo amháin i gceist leis. Mar shampla, tá stóir focail nua aige le téarmaí nua ar nós ‘selfie stick’, ‘marriage equality’ agus ‘eejit’ ann. Ach ‘s an rud is glic faoi ná tá samplaí fuaime ann le ngach aon focail agus is féidir an bhealach a ndeirtear iad sna canúintí ar fad a chloisteáil. Samhlaigh dá mbeadh a leithéid ann nuair a bhí mé féin ar scoil ‘s ag iarraidh ullmhúcháin a dhéanamh don Ardteist. ‘Fá dtaobh de’ ABÚ!!!!!”

Ár mbuíochas le Micheál as ucht labhairt linn, tá sé freisin gnóthach faoi láthair mar duine de ambassadóirí Seachtain na Gaeilge na bliana seo. Bíonn sé freisin ag láithriú clár raidió ar stáisiún pobail Gaeilge Cathair na Gaillimhe Raidió na dTreabh.