Beidh iTunes á scriosadh

Tar éis 18 bliana ar an bhfód, d’fhógar Apple go mbeidh iTunes á scriosadh acu sa chéad uasdátú córas oibriúchán eile. Tháinig an scéal amach ag Comhdháil bhliantúil Apple (WWDC 2019) in San Jose, California, Meiriceá.

Craig Federighi ag wwdc2019

Tiocfaidh an córas oibriúchán macOSCatalina isteach agus scriosfar an iTunes ón Mac, ina áit, beidh na aipeanna seo:
– Apple Music
– Apple TV
– Apple Podcasts

Beidh aon ceol agus seinnliostaí a bhí agat, ar fáil go uathoibríoch ar an Aip ‘Apple Music’, beidh do chuid podchraoltaí ar ‘Apple Podcasts’ agus beidh na físeán agus scannáin ar fad ar ‘Apple TV’.

Ní hé iTunes (mar ní bheidh sé ann) ná aon ceann de na aipeanna seo a dhéanfaidh an cúltaca nó sionc leis an iPhone duit, mar a rinneadh roimhe seo. Beidh an rogha seo le fáil sa Finder.

Beidh an córas oibriúcháin nua; macOS Catalina, ar fáil, go forleathan, san Fhómhar. Mura bhfuil fonn ort fanacht go dtí Meán Fómhar, is féidir teacht ar roimhe sin – Beidh leagan beta ar fáil go poiblí an mhí seo chugainn, Mí Iúil 2019. Cláraigh anois, agus nuair a bheidh an leagan seo ar fáil duit cuirfear ar an eolas thú.

Is féidir triail a bhaint as níos túisce ná sin fiú:

Anois díreach, is féidir le forbróirí Apple, macOS Catalina (agus iOS 13) a úsáid. (Mholainn gan do phríomh gaireas a úsáid más féidir, leis an leagan beta beidh neart fabhtanna ar ndóigh.) Ní gá ach $99 a íoc le clárú mar forbróir.

Más PC atá in úsáid agat, ní bheidh aon athrú ar an iTunes seo agus fanfaidh rudaí mar an gcéanna.

CoderDojo (as Gaeilge)

Céard é CoderDojo?

Togra a thosaigh in Éireann (as Béarla) ach tá anois ar fud an domhain á reáchtáil i dteangacha éagsúla agus trí chultúir éagsúla ach leis an bunphrionsabal céanna.

Ba James Whelton, a bhí ina dhéagóir agus i gCorcaigh ag an am, a chur tús le club ríomhaireachta ina scoil, a thug faoi deara go raibh bearna ann do dhaoine óga a raibh suim acu i códú. D’aimsigh sé infheisteoir aingil, fiontraí Astrálach Bill Liao, a chabhraigh leis méadú scála a dhéanamh ar a chlub. Trí bliana ina dhiaidh sin, bhí níos mó ná 100 Club CoderDojo in Éireann, 360 ar fud an domhan agus an cuid is fearr den scéal ná go raibh seo ar fad saor in aisce agus á reáchtáil ag oibrithe deonach.
CoderDojo Logo
CoderDojo as Gaeilge

Tá Club láidir CoderDojo i nGaoth Dobhair ag feidhmiú trí Ghaeilge go leanúnach. D’iarr Teic na nGael ar Andy Caomhanach, a bhíonn i mbun an chlub seo, cén saghas rudaí a bhíonn ar siúl acu.

“I mbliana tá muid ag obair ar roinnt tograí spéisiúl. I measc na nithe sin ná “Arcade Machine” déanta as sean teilifís, raspberry pi zero agus neart mdf. Tá muid ag iarraidh raspberry pi a chur suas chuig an stratosphere.”

Tá siad freisin ag déanamh cluiche iOS/Android agus súil acu go mbeidh seo ar fáil go poiblí i Mí Meitheamh.

Tá Andy ag obair le Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaoth Dobhair, chomh maith le CoderDojo bíonn sé freisin ag déanamh ranganna códáil leis na bunscoileanna áitiúil.

An bhfuil aon CoderDojo eile ag feidhmiú trí Ghaeilge? Ba bhreá linn cloisteáil uaibh.

Nó, an mbeadh spéis agat ina leithéid? Scríobh teachtaireacht thíos nó seol ríomhphost chugainn.

Buíochas le Kevin Scannell, tá code.org ar fáil trí Ghaeilge.

Cluasraon.ie

Tá suíomh gréasáin cluasraon.ie beo ar líne ón chéad lá mí Márta 2017. Cuireadh tús leis an togra ag tús na bliana agus is Críostóir Ó Faoláin agus a bhean chéile Natália atá taobh thiar dhe.

Labhair Teic na nGael le Críostóir chun níos mó eolas a fháil..

“Cathaim an t-úafás ama ar líne, ar Facebook/Twitter, ag léamh scéalta nuachta, ag breathnú ar físeán YouTube agus ag éisteacht le podchraoltaí.”

D’inis Críostóir dúinn gur thug sé faoi deara gur Béarla is mó a bhí san ábhar YouTube a bhí sé ag feachaint air agus an scéal céanna le na podchraoltaí a bhí sé ag eisteacht leo.

“Mhothaigh mé go raibh easnamh ann ó thaobh ábhar físeán agus fuaime ar líne.”

“Chuaigh mé ag lorg ábhar den tsaghas sin i nGaelainn, ach is fíor bheagán de a bhí ar fáil. D’fhéadfá na cainéil YouTube a chuireann ábhar Gaelainn ar fáil go rialta a áireamh ar aon lámh amháin.”

Shocraigh siad beirt sraith físeán a chur amach agus sraith a chur muide go leor spéise ann ach go háirithe ná na sraithe darbh ainm ‘Fios’ ina bhfuil cúrsaí eolaíochta agus teicneolaíochta á phlé.

Cuireadh an céad ceann amach le déanaí ag plé an Nintendo Switch a seoladh tús na míosa.

“Tá uainn ábhar nua a chur ar fáil i nGaelainn ar YouTube. Ó thaobh na podchraoltaí de, seachas ábhar d’fhoghlaimeoirí amháin, agus ábhar na stáisiún raidió, déanaim amach nach raibh ach ceann amháin ar fáil i nGaeilge. Bím ag éisteacht leis an t-úafás podchraoltaí Béarla agus tá uaim go mbeidh níos mó ar fáil i nGaelainn.”

cluasraon.ie

Ardán d’ábhar digiteach ar ardchaighdéan is ea cluasraon.ie ar féidir a leanacht ar na meáin shóisialta chomh maith ar Twitter, Facebook agus Instagram.

Ná dearmad an cainéal YouTube. Guímid gach rath orthu!