Tá Kevin Scannell luaite againn cheana agus ní iontas go bhfuil, cinnte beidh sé luaite arís agus arís eile! Cén fáth? Mar is iontach an obair atá déanta agus á dhéanamh aige ar son na teicneolaíochta agus ar son na Gaeilge go háirithe. Is buíochas le Kevin Scannell agus a chairde, An Riomhacadamh / An tAcadamh um Logánú, go bhfuil rudaí ar fáil dúinn, na Gael ar fad, trí ár dteanga. Cosúil le Mozilla Firefox, LibraOffice, Twitter, Skype agus níos mó, mar a chur Nascanna.com ar an eolas muid faoi. Baineann muid an-úsáid as An Gramadóir agus an Litreoir Gaeilge mar shampla!
Kevin Scannell – Cé hé?
Is Meiriceánach é Kevin a rugadh i mBostún, Massachusetts, de bhunadh Éireannach ar an dá thaobh. Dá bharr sin bhí cultúr na hÉireann an-tábhachtach i measc a mhuintire. Bhí cúpla focal Gaeilge aige nuair a bhí sé óg agus shocraigh sé í a fhoghlaim nuair a bhí sé níos sine. Rinne sé staidéar ar mhatamaitic in Institiúid Teicneolaíochta Massachusetts (MIT), áit a bronnadh BS ar i 1991. Fuair sé céim dhochtúireachta ó ollscoil California, Los Angeles, san matamaitic chomh maith.
Cé go raibh sé sáite sa mhatamaitic, bhí suim aige sa Ghaeilge i gcónaí, agus go luath sa bhliain 2000 chinn sé ar iarracht a dhéanamh bun-uirlisí ríomhaireachta a fhorbairt don Ghaeilge. Ba chaitheamh aimsire é dó ag an am sin, ach atá níos mó cosúil le obair lánaimseartha anois agus an méid forbairt agus aistriúchán a bhíonn ar bun aige ó lá go lá.
Labhair muid leis an Ollamh Kevin Scannell ar Skype agus seo cuid den comhrá a bhí againn:
Buíochas le Kevin as labhairt linn ó Saint Louis, Missouri, áit atá sé ina Ollamh matamaitic agus ríomheolaíocht san Ollscoil ansin ó 1998.
Ní hí an Ghaeilge an teanga amháin a bhíonn sé ag obair uirthi – tá acmhainní á fhorbairt aige ar son mionteangacha ar fud an domhain, go háirithe na teangacha Ceilteacha eile, teangacha Bantúcha san Afraic agus teangacha Polainéiseacha.
“Creidim go láidir gur féidir an-tairbhe a bhaint as an teicneolaíocht agus as an nGréasán le mionteangacha a chosaint agus a chur chun cinn – agus seo é bunús m’oibre go léir.”
Tuilleadh eolas anseo agus is féidir Kevin @kscanne agus Acadamh Um Logánú @riomhacadamh a leanacht ar Twitter.