WhatsApp Gaeilge

Dea-scéala eile an tseachtain seo, buíochas leis An Ríomhacadamh – na daoine atá ag obair go dian chun táirgí a aistriú go Gaeilge. Tá Gmail, Twitter, Firefox déanta agus tá aistriúchán WhatsApp ar bun.

Tá an leagan Gaeilge de WhatsApp ar fáil ar an gcóras iOS anois agus beidh leagan Android den aip le teacht go luath.

Tá an teachtaire ar fáil i 75 teanga, na leaganacha seo déanta tríd slua-aistriú – translate.whatsapp.com.

Baineann daoine níos mó úsáid as aipeanna teachtaire anois ar nós LINE, Kik, WeChat, WhatsApp, Facebook, Slack. Taispeánann WeChat go háirithe na féidearthachtaí atá ag aip teachtaire. Bíonn daoine ag ceannach ar líne agus i siopaí, ag aistriú airgead, scanadh QR agus imirt cluichí.

Baineann ós cionn 1 billiún duine úsáid as WhatsApp i níos mó ná 180 tír ar fud an domhain.

Céard a chiallaíonn ‘Teic’ duitse…

Siún Ní Dhuinn Tá Siún Ní Dhuinn ag cur fúithi i mBaile Átha Cliath agus go mór faoi thionchar ag Dolly Parton. Is as Dún Dealgan, Contae Lú ó dhúchas di. (Siún, ní Dolly)

Bhunaigh sí suíomh gréasáin As an Nua bliain ó shin chun spás a chruthú don spéis a bhí aici sa scríbhneoireacht chomhaimseartha. Is suíomh dátheangach atá ann, chun na rudaí is ansa léi sa saol a cheiliúradh, le aird a tharraingt ar mhná spéisiúla agus deiseanna nua a aimsiú don Ghaeilge.

D’iarr Teic na nGael ar Siún – Céard a chiallaíonn ‘Teic’ duitse?

“Teic is ea pobal agus foghlaim domsa, thar aon rud eile. Thug an teicneolaíocht deiseanna dochreidte dom foghlaim faoi chultúir, faoi pholaitíocht agus faoi thuairimí dhaoine nach mbeadh cloiste agam futhu murach an teicneolaíocht. Dár ndóigh, tá go leor, leor ama curtha amú agam ar na meáin shóisialta ach má chuirim an t-am a cuireadh amú i gcomparáid lena bhfuil faighte agus foghlamtha agam uaidh, measaim gur mó a fuair mé ná mar a thóg mé ón teicneolaíocht thar na blianta.”

“Teic is ea pobal agus foghlaim domsa, thar aon rud eile.”

“Dár ndóigh, tharla rudaí uafásacha mar gheall ar fhorbairt na teicneolaíochta freisin. Smaoiním ar theacht ‘revenge porn’, ar an gcáineadh géar a fhaigheann mná a nochtann tuairimí láidre i gcompáraid le fir a dhéanann amhlaidh ar líne. Ar an drochuair, ní fheicim anseo ach gné eile den méid a thiteann amach sa saol laethúil, ‘sé sin go bhfuil slat tomhais i bhfad níos déine in úsaid le mná ná le fir. Is dócha go bhfeictear é ar bhealach i bhfad níos sofheicthe ar líne ná in aon áit eile.”

“Tá aithne curtha agam ar chairde tríd an teicneolaíocht, daoine nach dtiocfainn orthu murach an teicneolaíocht. Is áis iontach é an t-idirlíon le teacht ar dhaoine a chuireann spéis sna caithimh aimsirí a shíl tú nach raibh ag éinne eile, seachas tú féin! Twitter agus Instagram is mó atá úsáideach chun teacht ar ghuthanna nua nó ar scéalta nach scaipfí sna meáin thraidisiúnta ach anois atá le cloisteáil. Ba mhór an steangadh a bhain #blacklivesmatter asam, gluaiseacht a chaith solas ar an gcaoi a chaitheann póilíní Mheiriceá le daoine gorma na tíre agus ar an taobh eile, ardú meanman a bhí in #hometovote, a thug guth dóibh siúd a tháinig abhaile go hÉirinn lena vótaí a chaitheamh le tacú leis an reifreann ar chomhionannas pósadh.”

“Dár ndóigh, tá pobal na Gaeilge le haithint anois ar líne freisin ach tá easnaimh mhóra ann sa dioscúrsa agus sa díospóireacht a dhéantar i nGaeilge go fóill. Sin an chúis gur bhunaigh mé mo shuíomh gréasáin féin, As an Nua anuraidh, mar nach raibh a leithéid ann; spás a raibh tosaíocht ag mná i nGaeilge, go príomha ach ní i nGaeilge amháin ach oiread.”

“tá easnaimh mhóra ann sa dioscúrsa agus sa díospóireacht a dhéantar i nGaeilge go fóill. Sin an chúis gur bhunaigh mé mo shuíomh gréasáin féin, As an Nua anuraidh”

“D’fhéadfá a rá gurb é mo shuíomh gréasáin féin a chabhraigh liom mo phost reatha a fháil agus dár ndóigh, ná mbeadh mo phost ann in aon chor, gan an teicneolaíocht féin, is mé atá buíoch di!”

Agus tá muidne buíoch do Shiún as ucht a gcuid ama agus méid seo thuas.

Siún Ní Dhuinn
Siún Ní Dhuinn, Comhordaitheoir Digiteach Gaeilge, RTÉ agus bunaitheoir As an Nua.

Kevin Scannell

Tá Kevin Scannell luaite againn cheana agus ní iontas go bhfuil, cinnte beidh sé luaite arís agus arís eile! Cén fáth? Mar is iontach an obair atá déanta agus á dhéanamh aige ar son na teicneolaíochta agus ar son na Gaeilge go háirithe. Is buíochas le Kevin Scannell agus a chairde, An Riomhacadamh / An tAcadamh um Logánú, go bhfuil rudaí ar fáil dúinn, na Gael ar fad, trí ár dteanga. Cosúil le Mozilla Firefox, LibraOffice, Twitter, Skype agus níos mó, mar a chur Nascanna.com ar an eolas muid faoi. Baineann muid an-úsáid as An Gramadóir agus an Litreoir Gaeilge mar shampla!

Kevin Scannell – Cé hé?
Is Meiriceánach é Kevin a rugadh i mBostún, Massachusetts, de bhunadh Éireannach ar an dá thaobh. Dá bharr sin bhí cultúr na hÉireann an-tábhachtach i measc a mhuintire. Bhí cúpla focal Gaeilge aige nuair a bhí sé óg agus shocraigh sé í a fhoghlaim nuair a bhí sé níos sine. Rinne sé staidéar ar mhatamaitic in Institiúid Teicneolaíochta Massachusetts (MIT), áit a bronnadh BS ar i 1991. Fuair sé céim dhochtúireachta ó ollscoil California, Los Angeles, san matamaitic chomh maith.
An Ollamh Kevin ScannellCé go raibh sé sáite sa mhatamaitic, bhí suim aige sa Ghaeilge i gcónaí, agus go luath sa bhliain 2000 chinn sé ar iarracht a dhéanamh bun-uirlisí ríomhaireachta a fhorbairt don Ghaeilge. Ba chaitheamh aimsire é dó ag an am sin, ach atá níos mó cosúil le obair lánaimseartha anois agus an méid forbairt agus aistriúchán a bhíonn ar bun aige ó lá go lá.

Labhair muid leis an Ollamh Kevin Scannell ar Skype agus seo cuid den comhrá a bhí againn:

Buíochas le Kevin as labhairt linn ó Saint Louis, Missouri, áit atá sé ina Ollamh matamaitic agus ríomheolaíocht san Ollscoil ansin ó 1998.

Ní hí an Ghaeilge an teanga amháin a bhíonn sé ag obair uirthi – tá acmhainní á fhorbairt aige ar son mionteangacha ar fud an domhain, go háirithe na teangacha Ceilteacha eile, teangacha Bantúcha san Afraic agus teangacha Polainéiseacha.

“Creidim go láidir gur féidir an-tairbhe a bhaint as an teicneolaíocht agus as an nGréasán le mionteangacha a chosaint agus a chur chun cinn – agus seo é bunús m’oibre go léir.”

Tuilleadh eolas anseo agus is féidir Kevin @kscanne agus Acadamh Um Logánú @riomhacadamh a leanacht ar Twitter.

An Aip is fearr liom…

Aindriú de Paor – Cé hé?
Is láithreoir raidió agus iriseoir é Aindriú, níos minicí a bhíonn sé féin ag cur na ceiste ach is muide a chur faoi agallamh eisean an babhta seo!

Aindriú de Paor ag cur Art Parkinson faoi agallamhIs as Carraig-na-Siúire i gContae Thiobraid Árann ó dhúchais é. Bíonn sé ar ‘An Seinnliosta’ ar RTÉ Pulse chuile oíche Chéadaoin ag 9 i.n. agus ar an mBricfeasta Blasta ar Raidió na Life gach Luan agus Céadaoin ag 8 r.n. Bíonn Aindriú mar thuairisceoir ag RTÉ Raidió na Gaeltachta i mBaile Átha Cliath freisin.

D’iarr Teic na nGael ar Aindriú – Cén Aip is fearr leat?

“Tá sé deacair aip amháin a roghnú i bhfírinne. Tá cúpla aip ann a úsáidim an-mhinic go laethúil.”

“Bíonn Twitter in úsáid agam (@aindriudepaor) sách minic agus mé ag obair. Tá Twitter fíor-áisiúil d’iriseoirí cosúil liomsa mar bíonn an t-eolas is déanaí ann faoi gach aon scéal nuachta le fáil ann. Daoine ar an láthair, tuairimí, ráflaí, tá siad uile ann agus cuidíonn sé sin go mór.”

“Freisin bainim an-úsáid as Snapchat. Úsáidim é gach aon lá chun caint le mo chairde ar agus bíonn sé iontach chun taispeáint do dhaoine céard a bhíonn ar bun agat!”

Ag labhairt le Aindriú, cuirtear ag smaoineamh muid go bhfuil bealaí chun cumarsáid a dhéanamh anois na laethanta seo níos éasca. Nílimid ag brath ar an litir scríofa amháin mar a bhíodh agus cuma cén áit sa domhain atá an duine ar mhaith linn fanacht i dteagmháil leo. Tá go leor aipeanna agus áiseanna anois againn chun seo a dhéanamh. Mar a lúann Aindriú faoi Snapchat mar shampla..

“Bíonn sé an-suimiúil uaireanta, tá cara liom sa tSín faoi láthair agus bíonn a chuid stuiff ar snapchat dochreidte uaireanta! Leanaim cúpla duine atá ag obair sna meáin éagsúla freisin agus is aoibhinn liom a bheith ag féachaint orthu agus iad i mbun oibre. Táim ag iarradh níos mó de sin a dhéanamh le mo chuntas féin (andrewpower95) amach anseo!”

Cé go mbaineann Aindriú úsáid as Twitter agus Snapchat go laethúil, cén aip a roghnóidh sé dúinn..

“Ach dá mba rud é go raibh orm aip amháin a roghnú (agus tá, b’shin an pointe leis an alt seo) bheadh sé thar a bheith deacair orm gan Spotify a roghnú.

“Ach dá mba rud é go raibh orm aip amháin a roghnú, bheadh sé thar a bheith deacair orm gan Spotify a roghnú.”

“Tá an-dúil agam i gcúrsaí ceoil, (cé nach mbeinn in ann coirneáil a chasadh, ná bac le hamhrán!) agus bíonn Spotify iontach chun an ceol is fearr agus is nua a aimsiú. Agus mé ag láithriú cláir ceoil ar RTÉ Pulse, is aoibhinn liom ceol nua a chur amach ansin.”

“Bím ag éisteacht leis an ‘Release Radar’ a bhíonn ar Spotify chuile Aoine agus bíonn neart seod ceoil ann chuile sheachtain!”

“Ceapaim gur iontach an rud é go bhfuil an ceol is fearr ó ar fud an domhain le fáil ar aip amháin agus go bhfuil sé saor in aisce mura bhfuil fonn ort ballraíocht a íoc! Cé go n-íocaim féin an bhallraíocht mhíosúil, níl difríocht mhór ann idir an leagan saor in aisce agus an leagan atá agam féin. An t-aon difríocht in ndáiríre ná go bhfuil tú in ann éisteacht le do cheol gan cheangail idirlín nuair a íocann tú as.”

Is féidir linn a dheimhniú (mar nach bhfuilimid ag íoc an ballraíocht seo faoi láthair) go mbíonn go leor fógraíocht ar an ceann saor in aisce! Aon difríochta eile ar féidir leat a chur leis seo?

“Mura bhfuil Spotify ar d’fhón agat cheanna féin, mholfainn go mór daoibh dul agus é a íoslódáil láithreach!”

Ár mbuíochas le Aindriú de Paor as ucht an ábhar spéisiúil seo agus is minic atá Spotify ag teacht arais chugainn mar rogha Aip is Fearr. Sin ceann a roghnaigh Emma Ní Chearúil chomh maith. Cén Aip is Fearr leatsa faoi láthair na huaire?

Bíonn Aindriú le clos ar RTÉ Pulse chuile Chéadaoin ag 9 i.n. agus ar Raidió na Life gach Luan agus Céadaoin ar maidin ag 8 r.n.

Is féidir éisteacht leis an agallamh a chur sé orainn faoi Teic na nGael .com tar éis dúinn an suíomh gréasáin seo a thosnú a bhí ar Cormac @ 5 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. (Áit a gheall sé dúinn go scríobhadh alt 😉 agus sin déanta! GRMA Aindriú)

Más mian leat Aindriú a leanacht ar Snapchat: andrewpower95 Twitter: @aindriudepaor Soundcloud: aindriudep Instagram: aindriudepaor agus, ar ndóigh, tá sé ar Spotify.

Tandem

Aip Teanga Tandem Logo
Céard é?
Is Aip saor in aisce í Tandem atá ar fáil ó AppleGooglePlay ar féidir cleachtadh a dhéanamh ar (beagnach) teanga ar bith, Gaeilge san áireamh.

Labhair Teic na nGael le oifigeach caidrimh phoiblí agus teagmhála Tandem, Susanna, a thug gach eolas dúinn faoi. Ár mbuíochas léi as ucht a cuid ama agus as teagmháil a dhéanamh linn.

Úsáidtear an Aip chun teagmháil ‘one-on-one’ Tandem a bheith ag duine chun go múinfear teanga dhúchais saor in aisce, trí comhrá teacs, fuaim agus físeán.

Tá tuairim is 5,000 úsaideoir sa phobal Gaeilge tandem, idir Gaeilgeoirí agus foghlaimeoirí, ag cleachtadh na teanga. Tá an Aip seo áisiúil go háirithe do dhaoine taobh amuigh d’Éireann agus tugtar deis dóibh an teanga a labhairt agus a chloisteáil.

EOLAS:
1.       Is aip móibíleach saor in aisce í Tandem le tuairim is 150 teanga ar fáíl faoi láthair na huaire chun malartú
2.       Á fhorbairt ó 2015 le níos mó ná 1.8 milliún íoslódálacha domhanda
3.       Ar an aip, cuirtear beirt baill le chéile mar páirtnéirí teanga bunaithe ar suimeanna comónta, teangach líofa labhartha agus na teangacha ar mhaith leo a fhoghlaim
4.       Bíonn gach duine a dhéanann iarratais ar an aip measartha, ag cinntiú go bhfanann an pobal fáiltiúil agus cáirdiúil, agus díríthe ar foghlaim teanga
5.       Cuireann Tandem ceachtanna ar fáíl le teagascóirí deimhnithe. Is féidir le foghlaimeoirí coinne a dhéanamh, ceachtanna a fháil agus íoctar go huathoibríoch ar seo tríd an aip.

Íoslódáilte níos mó ná 1.8 milliúin uair ar fud na cruinne agus tá 148 teanga anois ar fáil trí pobal, Gaeilge, Béarla, Fraincís, Mongolian, Dothraki agus fiú 11 teanga chomharthaíochta.

Ar bhain tusa triall as Tandem go fóill? Ba bhreá linn bhur gcuid tuairimí faoi a chloisteáil.

CoderDojo (as Gaeilge)

Céard é CoderDojo?

Togra a thosaigh in Éireann (as Béarla) ach tá anois ar fud an domhain á reáchtáil i dteangacha éagsúla agus trí chultúir éagsúla ach leis an bunphrionsabal céanna.

Ba James Whelton, a bhí ina dhéagóir agus i gCorcaigh ag an am, a chur tús le club ríomhaireachta ina scoil, a thug faoi deara go raibh bearna ann do dhaoine óga a raibh suim acu i códú. D’aimsigh sé infheisteoir aingil, fiontraí Astrálach Bill Liao, a chabhraigh leis méadú scála a dhéanamh ar a chlub. Trí bliana ina dhiaidh sin, bhí níos mó ná 100 Club CoderDojo in Éireann, 360 ar fud an domhan agus an cuid is fearr den scéal ná go raibh seo ar fad saor in aisce agus á reáchtáil ag oibrithe deonach.
CoderDojo Logo
CoderDojo as Gaeilge

Tá Club láidir CoderDojo i nGaoth Dobhair ag feidhmiú trí Ghaeilge go leanúnach. D’iarr Teic na nGael ar Andy Caomhanach, a bhíonn i mbun an chlub seo, cén saghas rudaí a bhíonn ar siúl acu.

“I mbliana tá muid ag obair ar roinnt tograí spéisiúl. I measc na nithe sin ná “Arcade Machine” déanta as sean teilifís, raspberry pi zero agus neart mdf. Tá muid ag iarraidh raspberry pi a chur suas chuig an stratosphere.”

Tá siad freisin ag déanamh cluiche iOS/Android agus súil acu go mbeidh seo ar fáil go poiblí i Mí Meitheamh.

Tá Andy ag obair le Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaoth Dobhair, chomh maith le CoderDojo bíonn sé freisin ag déanamh ranganna códáil leis na bunscoileanna áitiúil.

An bhfuil aon CoderDojo eile ag feidhmiú trí Ghaeilge? Ba bhreá linn cloisteáil uaibh.

Nó, an mbeadh spéis agat ina leithéid? Scríobh teachtaireacht thíos nó seol ríomhphost chugainn.

Buíochas le Kevin Scannell, tá code.org ar fáil trí Ghaeilge.

# Trasna na dTonnta

Cruthaíodh cúntas Twitter nua @Trasna17 i Mí Dheireadh Fómhair 2016.
Trasna na dTonnta Cibear-Ghaeltacht 27 – 31 Márta 2017
Cibear-Ghaeltacht ar líne atá i gceist, ó Dé Luain an 27 Márta go dtí Dé hAoine an 31ú Márta 2017. Feachtas nua agus ócáid ag Gaeil ar fud an domhain chun úsáid a bhaint as an cúpla focal agus an haischlib #TrasnanadTonnta a chur leis.

An aidhm leis seo, ná go mbeidh an oiread daoine agus is féidir, ag tvuíteáil/giolcaireacht agus ag úsáid #TrasnanadTonnta ar líne, chomh minic agus is féidir.

Tá an togra nua seo curtha ar bun ag Fondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada. Tá Fondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada aoinithe ag An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta.

Tuilleadh eolas ar suíomh gréasáin leo trasnanadtonnta.ie

TechSpace

TechSpace – as Gaeilge

Is comhfhiontar idir an Roinn Ealaíon, Oidhreachta Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta agus Camara Ireland Ltd. é Techspace as Gaeilge atá á mhaoiniú faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.
tech space logo
Is gréasán náisiúnta de spásanna meáin dhigiteacha é TechSpace atá lonnaithe in ionaid óige agus scoileanna a chabhraíonn le hógánaigh a bheith gníomhach i gcruthú ábhair dhigitigh agus theicneolaíochta.

Foghlaimíonn daoine óga chun scannáin dhigiteacha, dearadh gréasáin, forbairt aipeanna soghluaiste agus róbataic i measc nithe eile a dhéanamh. Faoi stiúir theagascóirí oilte agus mheantóirí, cuireann na hógánaigh lena gcuid inniúlachta ar ríomhairí, féin-mhuinín, scileanna agus soghluaisteacht shóisialta a chuidíonn leo ar feadh a saoil.

Chuir an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta maoiniú ar fáil do Chamara Ireland ag tús 2015 chun ábhar oiliúna ar líne a aistriú go Gaeilge agus cúrsaí traenála a eagrú dóibh siúd a mbeadh suim acu TechSpace as Gaeilge a bhunú.

Anuas air sin, tá deontas uasta de €2,000 ar fáil d’iarratasóirí incháilithe chun trealamh i gcomhair meán digiteach a cheannach agus costais taistil agus chothabhála d’uasmhéid €300 chun freastal ar chúrsaí oiliúna Techspace as Gaeilge a chlúdach. Ag eascairt as na forbairtí seo, tá clár TechSpace ar fáil anois trí mheán na Gaeilge do dhaoine óga ar fud na tíre, daltaí meánscoile san áireamh.

Cuireadh na chéad cúrsaí traenála ar bun le linn Samhradh 2015 i mBaile Átha Cliath agus i Feabhra 2016 a chlúdaigh Cúige Chonnachta a raibh dírithe ar scoileanna dara leibhéil agus ionad óige. Mar thoradh ar seo tá 13 scoil/ionad óige ag rith TechSpace as Gaeilge anois atá maoinithe ag an Roinn.

Tá foirm iarratas agus tuilleadh eolas faoi seo ar suíomh gréasáin na Roinne.

An Aip is fearr liom…

Scott De Buitléir – Cé hé?

Scott De BuitléirIs scríbhneoir agus file é Scott De Buitléir as Cluain Tarbh, Baile Átha Cliath , a bhfuil cónaí air sna laethanta seo i Nottingham Shasana. Tá clú air mar iar-chraoltóir agus iriseoir leis na meáin Ghaeilge, agus mar bhunaitheoir na hirise EILE Magazine. Thóg sé céim siar ó na meáin i ndiaidh an reifreann um Chomhionannas Pósta i 2015.

Díríonn sé a chuid cruthaíochta anois ar an scríbhneoireacht. Seoladh a chéad chnuasach filíochta, ‘Fás | Growth’, an mhí seo, agus tá sé ag obair anois ar a leabhar nua, The Irish Outlander, a bheidh ar fáil i 2018.

D’iarr Teic na nGael ar Scott – Cén Aip is fearr leat?
Bhí Scott ar saoire san Íoslainn le gairid agus seo ceann de na grainghraif álainn a ghlac sé ann ar a lá dheireanach, nuair a bhí sé amach ag siúl:

Griangraif a glac Scott De Buitléir san Íoslainn
Griangraif le Scott De Buitléir

“Nuair a bhíonn an t-am saor agam, déanaim feabhas a chur ar mo scileanna grianghrafadóireachta, mar sin is maith liom Snapseed le Google a úsáid.”

Tá sé ar fáil d’iOS agus d’Android, agus ligeann sé duit do chuid grianghraf a chur in eagar i gceart.

“Déanaim iarracht an grianghraf ceart a thógáil ar mo cheamara, agus ansin cuirim in eagar é trí Snapseed, sula gcuirim ar Instagram é.”

solas_átha_cliath Griangraf le Scott De Buitléir
Griangraf le Scott De Buitléir

“Muna bhfuil mórán eagarthóireachta de dhíth ar an íomhá, bainim triail as VSCO freisin, mar sílim nach bhfuil sé chomh maith le Snapseed do dhaoine nach bhfuil ach ag tosnú amach mar ghrianghrafadóirí.”

rothar_reicivic Grianghraf le Scott De Buitléir
Grianghraf le Scott De Buitléir

suíomh gréasáin ag Scott De Buitléar, ann a bhfuil nascanna na suíomhanna gréasáin. Is cinnte go bhfuilimid a leanacht ar Instagram! Grianghrafadóir den scoth. Tá fáil ar Fás | Growth arAmazon agus ar Kobo. a chéad chnuasach filíochta, ann atá ós cionn 50 dán scríofa i mBéarla agus i nGaeilge, foilsithe ag MKB Publishing.

Nascanna . com

Cá as a tháinig Nascanna.com? An áit céanna as a dtáinig dúrud.ie agus scríobh.ie

Labhair Teic na nGael le Ciarán Ó Bréartúin, bunaitheoir an suíomh gréasáin.

Is i 2009 a bhunaigh sé (i bpáirtíocht le Seanán Ó Coistín ag an am) an suíomh gréasáin Nascanna.com

Bhí áiseanna agus acmhainní Gaeilge ar fáil cheana féin ach ní raibh fhios ag daoine fúthu. Bhí an-obair déanta ag Kevin Scannell agus bhí gá an scéal a scaipeadh. Bheartaigh siad an dea-scéal a thairiscint ar suíomh gréasáin tarraingteach.

Nascanna.com Text agus Logo

“Ní raibh daoine ar an eolas.”

Shocraigh Nascanna.com an eolas sin a scaipeadh agus daoine a thabhairt le fios go raibh Windows, Office, OpenOffice, Firefox agus eile ar fáil i nGaeilge. Bhí rogha ann. Tá rogha ann. Rogha Gaeilge agus obair buan ar bun chun cur leis ár gcuid roghanna an t-am ar fad.

D’iarr Teic na nGael ar Chiaráin faoi an tábhacht a bhaineann le teicneolaíocht a bheith ar fáil trí Ghaeilge agus eolas faoi teicneolaíocht a bheith trí Ghaeilge:

“Tá sé tábhachtach go mbeadh gach réimse den eacnamaíocht ag feidhmiú trí Ghaeilge. Seo cuid de.”

Cé gur acmhainn rítábhachtach an suíomh gréasáin seo, áis an-úsáideach agus furasta le húsáid. Faraor, níl aon uasdátú á dhéanamh ar an suíomh Nascanna.com (ná Scríobh.ie) Ach tá eolas luachmhar fós ar fáil orthu seo.

Mar a féidir a léamh ar stádas nascanna.com a scríobhadh mí Mheán Fómhair na bliana seo caite:

“Is dona linn an scéal seo, ach níl sé d’acmhainn againn cúram a dhéanamh díobh i láthair na huaire.”

Sé an trua seo cinnte, go háirithe mar nach raibh a leithéid ann roimhe agus tá éileamh ar an eolas fós. Tá feabhas ar na seirbhísí agus áiseanna Gaeilge atá ar fáil dúinn, ach mura bhfuil a fhios ag daoine fúthu…

“An-chuid oibre ag baint leis, agus easpa ama. An gnáthscéal. Bhí roinnt maoiniú ann ón Fhoras, ach níor mhair sé.”

Fuair na tograí seo roinnt áirithe cúnaimh ó Fhoras na Gaeilge thar na blianta ach ní raibh cúnamh ar bith ar fáil dóibh ó dheireadh 2014.

Theastóidh duine oilte a bheith ag obair (fiú go páirtaimseartha) leis na suíomhanna seo a choinneáil beo agus suas chun dáta. Bheadh an duine seo mar thacaíocht do na dhaoine ag obair go deonach agus bheadh gá le tacaíocht theicniúil. Is cinnte go bhfuil neart obair i gceist leis, ach, is fiú é…. Do bharúil?

 
scríobh.ie logo
www.scríobh.ie
eolas maidir leis na feidhmchláir agus na háiseanna ríomhaireachta eile atá ann do scríbhneoireacht na Gaeilge.

www.nascanna.com
eolas maidir leis na feidhmchláir agus na háiseanna ríomhaireachta ginearálta eile atá ann sa Ghaeilge

www.dúrud.ie
bainistithe ag saineolaithe i réimse na teicneolaíochta agus an aistriúcháin