iPhone nua

Níos lú agus níos saoire

D’fhógair Apple inniu go bhfuil siad ag eisiúint iPhone nua, an ceann is saoire a bheidh ar an margadh acu.

Beidh an iPhone SE ar fáil le nordú ó Dé hAoine 17 Aibreán ar €499 nó $399 ó suíomh gréasáin Apple.

iPhone dathanna, dubh, bán agus dearg

Beidh 3 dhath ar fáil; dubh, bán nó dearg agus tá rogha stóras freisin, ach íocfaidh tú níos mó as na GB breise. Is 64 GB stóras atá i gceist nó leagan 128 GB nó 256 GB a roghnú.

Sna toise fisiceach, roimhe seo ba é an iPhone 11 Pro, an ceann is lú i measc na cinn nua a bhí ar fháil leis an scáileán 5.8 horlaí. Tá scáileán 4.7 horlaí ag an SE, ag cur iPhone níos sine 6, 6S, 7 agus 8 i gcuimhne.

Is leagan nua é den iPhone SE a d’eisigh siad i 2016 agus glacfaidh an ceann seo áit an iPhone 8 a bheidh anois ar scor acu. Cosúil freisin leis an iPhone 8 tá an cnaipe baile agus aitheantas tadhaill, níl aghaidh-aithint mar a bhí ar na iPhone nua go léir go dtí seo.

Níl ach lionsa amháin leathanuilleach ag an ceamara 12-meigiphicteilín. Is 7-meigiphicteilín an ceamara éadain atá mód portráide ar fáil freisin, rud nach raibh leis an iPhone 8.

Tá port tintrí agus níl aon seac cluasán. Seolfaidh Apple amach na iPhone nua SE seo ón 24 Aibreán 2020 ar aghaidh.

Beidh iTunes á scriosadh

Tar éis 18 bliana ar an bhfód, d’fhógar Apple go mbeidh iTunes á scriosadh acu sa chéad uasdátú córas oibriúchán eile. Tháinig an scéal amach ag Comhdháil bhliantúil Apple (WWDC 2019) in San Jose, California, Meiriceá.

Craig Federighi ag wwdc2019

Tiocfaidh an córas oibriúchán macOSCatalina isteach agus scriosfar an iTunes ón Mac, ina áit, beidh na aipeanna seo:
– Apple Music
– Apple TV
– Apple Podcasts

Beidh aon ceol agus seinnliostaí a bhí agat, ar fáil go uathoibríoch ar an Aip ‘Apple Music’, beidh do chuid podchraoltaí ar ‘Apple Podcasts’ agus beidh na físeán agus scannáin ar fad ar ‘Apple TV’.

Ní hé iTunes (mar ní bheidh sé ann) ná aon ceann de na aipeanna seo a dhéanfaidh an cúltaca nó sionc leis an iPhone duit, mar a rinneadh roimhe seo. Beidh an rogha seo le fáil sa Finder.

Beidh an córas oibriúcháin nua; macOS Catalina, ar fáil, go forleathan, san Fhómhar. Mura bhfuil fonn ort fanacht go dtí Meán Fómhar, is féidir teacht ar roimhe sin – Beidh leagan beta ar fáil go poiblí an mhí seo chugainn, Mí Iúil 2019. Cláraigh anois, agus nuair a bheidh an leagan seo ar fáil duit cuirfear ar an eolas thú.

Is féidir triail a bhaint as níos túisce ná sin fiú:

Anois díreach, is féidir le forbróirí Apple, macOS Catalina (agus iOS 13) a úsáid. (Mholainn gan do phríomh gaireas a úsáid más féidir, leis an leagan beta beidh neart fabhtanna ar ndóigh.) Ní gá ach $99 a íoc le clárú mar forbróir.

Más PC atá in úsáid agat, ní bheidh aon athrú ar an iTunes seo agus fanfaidh rudaí mar an gcéanna.

Giuirléid 2017

Na giuirléidí is mó a díoladh anuraidh

5. Nintendo Switch – 15M aonaid
nintendo switch console

4. Uaireadóir Apple – 20M aonaid
Apple Watch
Táirge réasúnta nua, gan ar an margadh ach ó 2015, tháinig an 3ú sraith amach i 2017 agus is léir ón díolacháin nach bhfuil am na uaireadóirí cliste caite.

3. Amazon Echo Dot – 24M aonaid
Amazon Echo
2014 thug Amazon amach Echo ar dtús. Anois tá sí níos lú. An bhfuil callaire cliste guthghníomhachtaithe agat fhéin sa bhaile?

2. Samsung Galaxy – 33M aonaid
Samsung Galaxy
Tháinig Samsung Galaxy S8 & Samsung Galaxy Note 8 amach gan ceachtar acu pléascadh.

1. iPhone Apple – 223M aonaid
 iPhone 8, iPhone 8 Plus
iPhone X
Bhí 3 iPhone éagsúil amuigh ag Apple na bliana seo caite. iPhone 8, iPhone 8 Plus agus iPhone X. Níl iontas mar sin gurb iad an giuirléid is mó a díoladh.

Figiúirí de réir anailísí ‘GBH Insights’ Daniel Ives a chuir le chéile ar son USA TODAY.

Ach, an raibh giuirléidí eile nach raibh ar an liosta seo? Céard a cheannaigh tusa i 2017? Mar de ghnáth ba bhreá linn cloisteáil uaibh! Táimid ag tnúth go mór le bhur smaointe a fháil i 2018.