#RíomhNaG

Bhí seimineár poiblí ar an ríomhaireacht sa Ghaeilge ar siúl i mBaile Átha Cliath Dé Luain 8ú Bealtaine 2017. Bhailigh daoine ó saol na Gaeilge le chéile ar Champas na Naomh Uile de chuid Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU) i nDroim Conrach. Bhí meascán de mic léinn agus daoine a bhíonn ag obair, iad siúd go háirithe a mbaineann úsáid nuálaíoch as an ríomhaireacht ina gcuid oibre.
Seimineár poiblí ar an ríomhaireacht sa Ghaeilge, Fiontar agus Scoil na Gaeilge, DCU. Seoladh an leabhar An Ríomhaire Ilteangach, foilsithe ag Cois Life, údar: Michal Boleslav Měchura
Tar éis do Mhichal Boleslav Měchura, innealtóir ríomhaireachta agus údar an leabhair ‘An Ríomhaire Ilteangach’, an slua a fháiltiú chur sé eochairchainteoir an Ollamh Kevin P. Scannell i láthair, a thaistil ó Ollscoil Saint Louis i Meiriceá. Rinne Kevin Scannell cur síos ar struchtúr na Gaeilge mar bhuntáiste sa ríomh-theangeolaíocht.

Labhair Éamonn Ó Dónaill ansin faoi Gaelchultúr agus go háirithe an úsáid a mbaineann siad as ríomhaireacht i dteagasc na Gaeilge.

Chur Colm Ó Coisdealbha, ó Oifig an Choimisinéara Teanga, i láthair faoi cearta agus dualgais teanga. na dúshlán agus deacrachtaí a bhíonn acu, na scéimeanna agus eolas leictreonach go háirithe.

Thaispeáin an t-innealltóir Ciarán Ó Bréartúin (nascanna.com & scríobh.ie) an méarchlár d’Éirinn a d’fhorbair sé agus chur síos ar tíortha eile a mbíonn a méarchlár féin acu.

Ní amháin go raibh Ronan Doherty ag déanamh taiféad físeán agus ag cinntiú go raibh an ócáid beo ar Facebook CoisLife, is dearthóir suíomhanna gréasáin é agus rinne cur i láthair spreagúil faoina chuid oibre agus dearadh go ginearálta.

An t-aon bean amháin i measc na cainteoirí Neasa Ní Chiaráin, Coláiste na Tríonóide, a chur síos ar abair.ie agus go leor tograí eile ar bun acu!
Neasa Ní Chiaráin, Coláiste na Tríonóide, abair.ie
Cathal Convery, Foras na Gaeilge, foclóir.ie a meabhrú dúinn na buntáistí a bhaineann le foclóirí leictreonach seachas leabhair mór atá trom a chrochadh timpeall.

Is logánaitheoir bogearraí é Micheál Johnny Ó Meachair agus duine den meitheal ar a ghlaoightear an Ríomhacadamh. Ba iontach cloisteáil faoi an méid obair atá déanta agus ar bun ag an meitheal oibrithe deonach seo, ar son na teanga agus na ríómheolaíochta.

Ar dheiridh labhair Dr. Aodhán Mac Cormaic, Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, ar Plean Digiteach don Ghaeilge: straitéis don todhchaí.

Seoladh leabhar Michal Boleslav Měchura ‘An Ríomhaire Ilteangach’ (foilsithe ag Cois Life) ansin mar chuid den ócáid.
Leabhar Michal Boleslav Měchura. An ríomhaire ilteangach
Is treoirleabhar atá ann don teicneolaíocht teanga atá dírithe ar an léitheoir ginearálta. Léitheoireacht riachtanach do gach duine a láimhseálann breis is teanga amháin ar an ríomhaire. Is féidir níos mó eolas a fháil agus é a cheannacht ó CoisLife.ie

MoJoCon 2017

An triú bliain de MoJoCon agus i mbliana thug RTÉ an comhdháil go Cathair na Gaillimhe. Tar éis dhá bhliain rathúil acu i mBaile Átha Cliath, i mbliana tá lá breise agus daoine bailithe in Iarthar na tíre as gach cearn den domhan.
Déardaoin 4ú Bealtaine go dtí Dé Sathairn 6ú Bealtaine in Óstán an Radisson agus le roinnt imeachtaí eile timpeall an Cathair.
Teic na nGael ag MoJoCon 2017 i nGaillimh
Is comhdháil bhliantúil MoJoCon ag díriú ar iriseoireacht mhóibíleach agus na teicneolaíochtaí ar fad a ghabhann le iriseoireacht na linne seo.

Go leor caint ar 5G.. VR.. 360.. Tá an áit lán le seastán, soilse, micreafón, aon saghas crua-earraí a bhféadfá smaoineamh orthu agus na bogearraí ar fad.

Ní gaireas agus giuirléidí amháin atá i mbéal an phobail (agus is breá linn iad!) freisin tá béim á chur ar an scéalaíocht, an luach agus an iriseoireacht féin.

Bhí díospóireacht agus plé faoi ‘bás na hiriseoireachta’ agus níor iontas dúinn go raibh ‘bréagnuacht’ luaite uair nó dhó.
Michael Rosenblum ag rá go bhfuil iriseoireacht marbh ag MoJoCon 2017

Cé go raibh Michael Rosenblum go láidir (agus glórach) i bhfabhar, go bhfuil an iriseoireacht marbh, is léir ón méid caint eile go gceapann formhóir againn go bhfuil tréithe marbh (thart) ach go bhfuil iriseoireacht féin linn agus fiúntas ann i gcónaí.

D’fhreastail gach saghas duine ar MoJoCon chomh maith, iriseoir móibíleach, teagascóir, díoltóir táirge, fiontraí…. srl. srl. agus tá teangacha éagsúla le chloisteáil i ngach áit, thug muid an Ghaeilge faoi deara go háirithe.

Bhí roinnt tuairisciú Gaeilge á dhéanamh ag RTÉ MoJoCon féin freisin.

Táimid ag tnúth go mór leis an méid atá fós le theacht ó Glen Mulcahy agus foireann MoJoCon ar fad. Ár mbuíochas leo.

Céard a chiallaíonn ‘Teic’ duitse…

Siún Ní Dhuinn Tá Siún Ní Dhuinn ag cur fúithi i mBaile Átha Cliath agus go mór faoi thionchar ag Dolly Parton. Is as Dún Dealgan, Contae Lú ó dhúchas di. (Siún, ní Dolly)

Bhunaigh sí suíomh gréasáin As an Nua bliain ó shin chun spás a chruthú don spéis a bhí aici sa scríbhneoireacht chomhaimseartha. Is suíomh dátheangach atá ann, chun na rudaí is ansa léi sa saol a cheiliúradh, le aird a tharraingt ar mhná spéisiúla agus deiseanna nua a aimsiú don Ghaeilge.

D’iarr Teic na nGael ar Siún – Céard a chiallaíonn ‘Teic’ duitse?

“Teic is ea pobal agus foghlaim domsa, thar aon rud eile. Thug an teicneolaíocht deiseanna dochreidte dom foghlaim faoi chultúir, faoi pholaitíocht agus faoi thuairimí dhaoine nach mbeadh cloiste agam futhu murach an teicneolaíocht. Dár ndóigh, tá go leor, leor ama curtha amú agam ar na meáin shóisialta ach má chuirim an t-am a cuireadh amú i gcomparáid lena bhfuil faighte agus foghlamtha agam uaidh, measaim gur mó a fuair mé ná mar a thóg mé ón teicneolaíocht thar na blianta.”

“Teic is ea pobal agus foghlaim domsa, thar aon rud eile.”

“Dár ndóigh, tharla rudaí uafásacha mar gheall ar fhorbairt na teicneolaíochta freisin. Smaoiním ar theacht ‘revenge porn’, ar an gcáineadh géar a fhaigheann mná a nochtann tuairimí láidre i gcompáraid le fir a dhéanann amhlaidh ar líne. Ar an drochuair, ní fheicim anseo ach gné eile den méid a thiteann amach sa saol laethúil, ‘sé sin go bhfuil slat tomhais i bhfad níos déine in úsaid le mná ná le fir. Is dócha go bhfeictear é ar bhealach i bhfad níos sofheicthe ar líne ná in aon áit eile.”

“Tá aithne curtha agam ar chairde tríd an teicneolaíocht, daoine nach dtiocfainn orthu murach an teicneolaíocht. Is áis iontach é an t-idirlíon le teacht ar dhaoine a chuireann spéis sna caithimh aimsirí a shíl tú nach raibh ag éinne eile, seachas tú féin! Twitter agus Instagram is mó atá úsáideach chun teacht ar ghuthanna nua nó ar scéalta nach scaipfí sna meáin thraidisiúnta ach anois atá le cloisteáil. Ba mhór an steangadh a bhain #blacklivesmatter asam, gluaiseacht a chaith solas ar an gcaoi a chaitheann póilíní Mheiriceá le daoine gorma na tíre agus ar an taobh eile, ardú meanman a bhí in #hometovote, a thug guth dóibh siúd a tháinig abhaile go hÉirinn lena vótaí a chaitheamh le tacú leis an reifreann ar chomhionannas pósadh.”

“Dár ndóigh, tá pobal na Gaeilge le haithint anois ar líne freisin ach tá easnaimh mhóra ann sa dioscúrsa agus sa díospóireacht a dhéantar i nGaeilge go fóill. Sin an chúis gur bhunaigh mé mo shuíomh gréasáin féin, As an Nua anuraidh, mar nach raibh a leithéid ann; spás a raibh tosaíocht ag mná i nGaeilge, go príomha ach ní i nGaeilge amháin ach oiread.”

“tá easnaimh mhóra ann sa dioscúrsa agus sa díospóireacht a dhéantar i nGaeilge go fóill. Sin an chúis gur bhunaigh mé mo shuíomh gréasáin féin, As an Nua anuraidh”

“D’fhéadfá a rá gurb é mo shuíomh gréasáin féin a chabhraigh liom mo phost reatha a fháil agus dár ndóigh, ná mbeadh mo phost ann in aon chor, gan an teicneolaíocht féin, is mé atá buíoch di!”

Agus tá muidne buíoch do Shiún as ucht a gcuid ama agus méid seo thuas.

Siún Ní Dhuinn
Siún Ní Dhuinn, Comhordaitheoir Digiteach Gaeilge, RTÉ agus bunaitheoir As an Nua.