An Aip is fearr liom…

Beatrice Ní Bhroin – Cé hí?

Beatrice Ní BhroinTógadh Beatrice i gConamara ó bhí sí 11 bliain d’aois. Tá sí ina chónaí anois i Londain lena páirtnéir Brian le 6 bliana anuas. Bíonn Beatrice ag obair i léiriúcháin teilifíse ar chláir faisnéise. I 2015, d’fhág sí fostaíocht chun obair di féin. Is fíor scéalta den cuid is mó an obair a bhíonn ar siúl aici.

D’iarr Teic na nGael ar Beatrice – Cén Aip is fearr leat?

“An aip is fearr liom ná aip aimsire ‘Met Office’. Níl sé “cool” ach thosaigh mé ag breathnú ar gach aon lá!”

Baineann Beatrice úsáid as an aip aimsire ‘Met Office’ nuair a bhíonn sí ag obair agus ina cuid am saor.

“Go pearsanta, mar gheall go bhfuil muintir agus cairde liom ina chónaí ar fud an domhan, tá na áiteanna difriúla sábháilte agam san aip agus is aoibhinn liom féachaint orthu sin, samhlaím mo bhaile féin nó áit te cosúil leis an Astráil!”
Met Office Weather App
“I lár an cathair Londain tá fadhb aer glann mar gheall ar truailliú, tá sé dochreidte nach bhfuil níos mó á dheánamh ag an rialtas faoi – tá an eolas seo le fáil san aip agus coinníonn mé súil ar mo shráid féin. Ar an dea-uair táim in aice le páirc ar ard mór ón múch!”

“Nuair atá tú ag obair duit féin caithfidh tú a bheith éifeachtach le do chuid ama ach ní gá fanacht le haghaidh an deireadh seachtaine chun lá deas a caitheamh ar do rothar nó sa linn snámha. Má tá eolas ar fáil ón aip go mbeidh an grian ag scaladh Dé Céadaoin, fágfaidh mé an ríomhaire sa mbaile an tráthnóna sin :)”

Bíonn Beatrice ag obair mar ceamaradóir ach is léiritheoir agus stiúrthóir í freisin, agus insíonn sí dúinn is minic a bhíonn sí ina trí cinn acu sin ag an am céanna! Sin duine cleachtach ag iltascáil cinnte.

“Ó thosaigh mé ag obair dom féin, tugann sé an deis dom tuileadh rogha a bheith agam agus cláir a bhíonn suim agam iontu a roghnú.”

“Is fíor scéalta an cuid is mó den obair agus is aoibhinn liom am a caitheamh i saol daoine eile.”

Cé chomh tábhachtach atá an aimsir nuair a bhíonn taifead ar bun agat taobh amuigh?

“Is féidir seaicéad deas ar cur orm féin agus ar na ceamaraí ach ní maith le láithreoirí an báisteach. Seasann an ‘runner’ le cúpla scáth fearthainne móra; ceann domsa, ceann don ceamara agus bíonn siad féin ag fáil fliuch báite! Téann muid ar lón fada nó tagann muid ar ais lá éigin eile, ach nuair nach mbíonn aon rogha eile ann, déanann muid cinnte go bhfuil pictiúir ann don uisce ar an talamh nó ar fuinneog sa chaoi go bhfuil sé soiléir go bhfuil báisteach ann, mar gheall go minic bíonn sé deacair a fheiceáil i gnáth radharc.”

“Seachas an aimsir, cuireann an aip seo ar an eolas thú faoi cén t-am a bheidh an ghrian ag éirí agus ag dul faoi. Nuair a bhíonn mé ag ullmhú agus ag fáil réitigh i gcóir ‘shoot’ caithfidh mé a bheith ag smaoineamh faoi cé mhéid am a bheidh againn le solas na gréine agus cén uair a athróidh an solas céanna. Úsáideann muid soilse freisin ach caithfidh tú obair leis an ngrian.”

“Bím sásta taobh amuigh faoin aer, ag obair go fisiciúil agus ba mhaith liom tuilleadh a dhéanamh san nádúr, b’fhéidir san fharraige. Bheidh aip na taoidí ag teastáil uaim ansin!”

Ár mbuíochas le Beatrice Ní Bhroin as ucht a gcuid ama agus an eolas fíor spéisiúil a roinnt linn. Is léir go mbaineann sí an-úsáid as an aip aimsire seo go proifisiúnta agus go pearsanta. Tá Met Office ar fáil saor in aisce ar Android agus ar Apple.

Cén Aip is fearr leatsa faoi láthair? An bhfuil aip aimsire agat féin?