An tAcadamh um Logánú

Táimid ag baint úsáid agus tairbhe as sárobair An tAcadamh um Logánú, b’fhéidir i ngan fhios dúinn féin.. Cé hiad agus céard atá ar bun acu?

An tAcadamh um Logánú

Grúpa daoine ag aistriú bogearraí go Gaeilge. Tá an smaoineamh ag fás le cúpla bliain anois agus tá go leor aistriúchán cheana féin déanta. Tugadh an t-ainm Ríomhacadamh orthu, ó Eanáir 2017 a thosaigh siad go hoifigiúil ag tabhairt “An tAcadamh um Logánú” ar an meitheal seo.

Is iad Kevin Scannell agus Micheál Johnny Ó Meachair a chur tús leis ach is leis an meitheal ar fad an obair.

Labhair Teic na nGael le Micheál Johnny Ó Meachair chun níos mó eolas a fháil…

“Is meitheal daoine atá san Acadamh um Logánú, sin iad na daoine a bhíonn ag tabhairt faoin aistriúchán.”

Cé hiad na daoine atá ina bhall den meitheal seo?

“Daoine a rinne obair ach nach féidir leo obair a dhéanamh faoi láthair agus na daoine gníomhacha. Bíonn roinnt de na daoine gníomhacha sásta bheith ina dtionólaithe ar thionscadail freisin, is é sin, súil a choimeád ar chúrsaí don dtionscadal agus déanamh deimhin de go bhfuil dóthain cabhrach acu an tionscadal a choimeád chun dáta.”

Tá líon na mball fós á bheachtú. Tá tuairim is duine dhéag gníomhach, agus tuairim is cúigear nó seisear eile a d’fhéadfadh tuilleadh oibre a dhéanamh amach anseo.

Spriocanna acu:

  • Daoine a chur ar an eolas maidir le cad is logánú ann. Is é sin: Aistriúchán den chuid is mó; ath-innealtóireacht ar chodanna den chomhéadan; agus comhairleoireacht maidir le hathrú dathanna, pic, físeáin, agus le hábhar an bhogearra, sa chaoi go n-oireann sé do phobal na hÉireann, mar shampla: bhí samplaí cispheile i dtreoir Gmail, ach chuireamar samplaí iomána ina n-áit. Obair leanúnach atá sa logánú – cuirtear teaghráin (píosaí téacs) nua le bogearraí go tráthrialta.
  • Tá sé i gceist againn daoine a earcú. Thabharfaimis traenáil do na daoine seo agus bheadh ardán ann dóibh aitheantas a fháil as a gcuid oibre. D’fhéadfaí breathnú ar an obair mar portfóilió aistriúcháin fiú.
  • Obair logánaithe éagsúla a bhailiú le chéile le go n-aithneoidh eagraíochtaí (a dhiúltaigh dúinn cheana) an obair agus an saineolas atá againn i bpobal na Gaeilge.

Tuigtear dúinn go féidir leis a bheith deacair ar eagraíochtaí an ceangal idir tionscadail éagsúla a fheiceáil, mar sin, simpleoidh sé seo an scéal, go pointe.

  • Táimid ag iarraidh go mbeidh sé soiléir don phobal cé na bogearraí agus suíomhanna logánaithe a dtacaímid leo, agus cé na cinn nach raibh baint ar bith againn leo. Tá sé seo tábhachtach ó thaobh caighdeáin agus leanúnachais.

Bíonn sé deacair go leor ar an ngnáthdhuine earráid a thuiscint gan téarmaí aisteacha éagsúla a bheith sna haon cheann acu. Mar shampla, beimid ag tacú le logánú Mozilla, Twitter, agus Gmail ach ní thugaimid ár séala do Facebook ós rud é go bhfuil cur chuige éagsúil acu.

  • Bhíodh tionscadail logánaithe ag brath ar dhuine amháin, nó ar ghrúpa beag, chun an bun-aistriúchán agus an chothabháil a dhéanamh.

Is éard atá i gceist lena cothabháil ná cúpla míle teaghrán nua a logánú cúpla uair sa bhliain agus nuashonruithe á ndéanamh ar bhogearraí.

Ós rud é gur obair dheonach é seo, ní féidir le daoine tosaíocht a thabhairt don obair i gcónaí agus d’fhéadfaí gur gá do dhuine éigin éirí as an logánú go hiomlán, leis sin, go n-imeodh bogearra Gaeilge ó mhaith. Táimid ag iarraidh an baol seo a laghdú

An mbeadh spéis agaibh cloisteáil ó daoine eile ar mhaith leo cabhrú?

“Cinnte! Anuas ar na pointí sna spriocanna thuas, bíonn sé go deas aiseolas ginearálta a fháil ar an obair a rinneadh agus aiseolas a fháil ar mhianta an phobail. Féadfar aiseolas a sheoladh chugainn ar Twitter (@riomhacadamh) nó trí rphost a sheoladh.”

“Bíonn gach sórt duine ag teastáil!”

  • Daoine a bhfuil caighdeán ard Gaeilge acu agus a úsáideann ríomhaire go laethúil.
  • Daoine le craobhscaoileadh a dhéanamh ar bhogearraí. Bíodh go ndeireann tú le daoine mar gheall ar bhogearraí nó go gcabhraíonn tú le daoine bogearraí a shuiteáil, a shocrú, a úsáid, agus mar sin de, tá na haon ról tábhachtach.
  • Bíonn sé úsáideach scileanna ríomhchlárúcháin a bheith ag daoine, ach ní bhíonn sé riachtanach in aon chor. Déanann innealtóirí na n-eagraíochtaí féin an obair theicniúil go minic.

An mbaineann sibh úsáid as GitHub?

“Baineann baill áirithe den mheitheal úsáid as ach níl sé riachtanach. Bainimid úsáid as cúpla comhéadan aistriúcháin leis an ngnáthobair a dhéanamh, rud a fhágann go bhfuil sé an-éasca an obair a eagrú agus a chur i gcrích. Is iad sin Pootle, GoogleTranslatorToolkit, agus Transifex de ghnáth.”

“Bainimid úsáid as Pootle, GoogleTranslatorToolkit, agus Transifex de ghnáth.”

Ár mbuíochas le Micheál Johnny Ó Meachair as ucht a chuid ama agus saineolas a roinnt linn. Cuireann muid an-spéis san obair seo agus buíochas leo tá Gmail, Mozilla, Twitter agus tuilleadh in úsáid againn trí Ghaeilge. Eolas a bhí bailithe le chéile ag Nascanna.com mar a lua muid ar alt faoi le déanaí.