Céard a chiallaíonn ‘Teic’ duitse…

Siún Ní Dhuinn Tá Siún Ní Dhuinn ag cur fúithi i mBaile Átha Cliath agus go mór faoi thionchar ag Dolly Parton. Is as Dún Dealgan, Contae Lú ó dhúchas di. (Siún, ní Dolly)

Bhunaigh sí suíomh gréasáin As an Nua bliain ó shin chun spás a chruthú don spéis a bhí aici sa scríbhneoireacht chomhaimseartha. Is suíomh dátheangach atá ann, chun na rudaí is ansa léi sa saol a cheiliúradh, le aird a tharraingt ar mhná spéisiúla agus deiseanna nua a aimsiú don Ghaeilge.

D’iarr Teic na nGael ar Siún – Céard a chiallaíonn ‘Teic’ duitse?

“Teic is ea pobal agus foghlaim domsa, thar aon rud eile. Thug an teicneolaíocht deiseanna dochreidte dom foghlaim faoi chultúir, faoi pholaitíocht agus faoi thuairimí dhaoine nach mbeadh cloiste agam futhu murach an teicneolaíocht. Dár ndóigh, tá go leor, leor ama curtha amú agam ar na meáin shóisialta ach má chuirim an t-am a cuireadh amú i gcomparáid lena bhfuil faighte agus foghlamtha agam uaidh, measaim gur mó a fuair mé ná mar a thóg mé ón teicneolaíocht thar na blianta.”

“Teic is ea pobal agus foghlaim domsa, thar aon rud eile.”

“Dár ndóigh, tharla rudaí uafásacha mar gheall ar fhorbairt na teicneolaíochta freisin. Smaoiním ar theacht ‘revenge porn’, ar an gcáineadh géar a fhaigheann mná a nochtann tuairimí láidre i gcompáraid le fir a dhéanann amhlaidh ar líne. Ar an drochuair, ní fheicim anseo ach gné eile den méid a thiteann amach sa saol laethúil, ‘sé sin go bhfuil slat tomhais i bhfad níos déine in úsaid le mná ná le fir. Is dócha go bhfeictear é ar bhealach i bhfad níos sofheicthe ar líne ná in aon áit eile.”

“Tá aithne curtha agam ar chairde tríd an teicneolaíocht, daoine nach dtiocfainn orthu murach an teicneolaíocht. Is áis iontach é an t-idirlíon le teacht ar dhaoine a chuireann spéis sna caithimh aimsirí a shíl tú nach raibh ag éinne eile, seachas tú féin! Twitter agus Instagram is mó atá úsáideach chun teacht ar ghuthanna nua nó ar scéalta nach scaipfí sna meáin thraidisiúnta ach anois atá le cloisteáil. Ba mhór an steangadh a bhain #blacklivesmatter asam, gluaiseacht a chaith solas ar an gcaoi a chaitheann póilíní Mheiriceá le daoine gorma na tíre agus ar an taobh eile, ardú meanman a bhí in #hometovote, a thug guth dóibh siúd a tháinig abhaile go hÉirinn lena vótaí a chaitheamh le tacú leis an reifreann ar chomhionannas pósadh.”

“Dár ndóigh, tá pobal na Gaeilge le haithint anois ar líne freisin ach tá easnaimh mhóra ann sa dioscúrsa agus sa díospóireacht a dhéantar i nGaeilge go fóill. Sin an chúis gur bhunaigh mé mo shuíomh gréasáin féin, As an Nua anuraidh, mar nach raibh a leithéid ann; spás a raibh tosaíocht ag mná i nGaeilge, go príomha ach ní i nGaeilge amháin ach oiread.”

“tá easnaimh mhóra ann sa dioscúrsa agus sa díospóireacht a dhéantar i nGaeilge go fóill. Sin an chúis gur bhunaigh mé mo shuíomh gréasáin féin, As an Nua anuraidh”

“D’fhéadfá a rá gurb é mo shuíomh gréasáin féin a chabhraigh liom mo phost reatha a fháil agus dár ndóigh, ná mbeadh mo phost ann in aon chor, gan an teicneolaíocht féin, is mé atá buíoch di!”

Agus tá muidne buíoch do Shiún as ucht a gcuid ama agus méid seo thuas.

Siún Ní Dhuinn
Siún Ní Dhuinn, Comhordaitheoir Digiteach Gaeilge, RTÉ agus bunaitheoir As an Nua.