An Aip is fearr liom…

Emma Ní Chearúil – Cé hí?

Emma Ní Chearúil Oifigeach Forbartha Gaeilge - Gael-Fhorbairt na Gaillimhe Teo.
Grianghraf le Sita O’Driscoll

Is Oifigeach Forbartha le Gael-Fhorbairt na Gaillimhe í Emma Ní Chearúil, arbh as Maigh Nuad i gContae Chill Dara ó dhúchais í. Bíonn sí ag obair le grúpaí pobail – leithéidí Club na nÓg, Brunch le Gaeilge, Gaeil na Gaillimhe agus Raidió na dTreabh.

Tá sí ina bainisteoir ar an stáisiún pobail Raidió na dTreabh i gCathair na Gaillimhe, agus ar RG Lurgan, atá ar fáil mar aip (ar AndroidApple) agus a chasann popcheol Gaeilge 24/7.

D’iarr Teic na nGael ar Emma – Cén Aip is fearr leat?

“Faoi láthair agus le déanaí tá iarracht á dhéanamh agam aipeanna a sheachaint agus níos lú ama a chaitheamh le fón i mo lámha, agus mar sin níl ach cúpla ceann fágtha agam.”

“tá iarracht á dhéanamh agam le déanaí níos lú ama a chaitheamh le fón i mo lámha”

Is léir go n-aithníonn Emma an gá le smacht a bheith againn orainn féin ó thaobh an teicneolaíochta dhe. Tuigeann muid anseo ag Teic na nGael go bhfuil sé i bhfad ró-éasca a bheith sánaithe faire ar scáileáin chuile nóiméad den lá!

“Ní fhéadfainn maireachtáil gan na cuide seo áfach!”

Is fearr cinnte an mheasarthacht a dhéanamh. Tá dúil anois againn a chloisteáil céard iad na ceanna atá fanta ina saol. Sé Instagram an chéad aip a luann sí agus mar is eol do dhuine ar bith a bhíonn í leanúint, is breá léi é.

“Twitter ceann eile lena bhfuil mé gafa fós, cé nach bhfuil sé ar m’fhón agam a thuilleadh!”

“Is féidir am a chur amú ag scrolláil ar aip shóisialta ar bith, ar ndóigh, ach más féidir staonadh uaidh sin, sílim go bhfuil buntáistí eile ag Instagram.”

“Seachas d’aird a tharraingt ón saol mór agus a dhíriú isteach ar an scáileán beag, sílim go spreagann Instagram mé níos mó airde a thabhairt ar na rudaí áille atá thart timpeall orainn. Stopann daoine le bheith ag breathnú ar spéir dheas nó rudaí fánacha aisteacha ar na sráideanna dá bharr agus sílim gur álainn an rud é sin!”

“Is breá liom Instagram, sílim go spreagann Instagram mé níos mó airde a thabhairt ar na rudaí áille atá thart timpeall orainn.”

Ní hiad Instagram agus Twitter amháin atá fágtha i saol Emma Ní Chearúil. Ar ndóigh, cuireann sí an-suim sa cheol.

“Ceann eile nach bhféadfainn maireachtáil gan é ná Spotify, agus sílim gurb é an €9 is fearr a chaithim chuile mhí – spreagann sé mé agus mé ag rith, cuireann sé ar mo shuaimhneas mé agus is maith liom éisteacht leis ar an mbus, ag ligint orm fhéin go bhfuil fuaimrian á chasadh do scannán mo shaoil. Tá sé cosúil le iTunes gan limistéar a bheith agat!

“sílim gurb é an €9 is fearr a chaithim chuile mhí ná Spotify”

“Tá GarageBand agam freisin, atá iontach le dréachtaí ar chaighdeán maith a thaifead d’amhráin más ceoltóir thú!”

Seachas an Aip atá 4.99 le cheannacht, tá Garageband mar cuid den phacáiste iLife atá saor in aisce ar aon Mac nua (chomh maith le iMovie agus Photos) Ach ní gach duine a bhíonn ar an t-idirlíon ar ríomhairí a thuilleadh, mar a mheabhraíonn Emma dúinn – a chuireann iontas orainn mar nach bhfuil ríomhaire glúine aici! (Níl fhios agam an bhféadfadh muidne maireachtáil gan é)

“Faoi láthair níl teilifís ná ríomhaire glúine agam agus mar thoradh ar sin táim gafa ag podchraoltaí agus raidió – cláir faisnéise, cláir chainte, cláir cheoil, rud ar bith i ndáiríre! Tá Podcasts iontach mar gur féidir podchraoltaí ó shuíomhanna agus stáisiúin éagsúla (Raidió na dTreabh ina measc!) a roghnú agus fógra a fháil nuair a bhíonn cláir nua ar fáil!”

Ár mbuíochas le Emma Ní Chearúil, ar féidir a leanacht ar Instagram agus ar Twitter. Freisin, tá Podchraoltaí Raidió na dTreabh ar iTunes

An Aip is fearr liom…

Micheál Ó Ciaraidh – Cé hé?

Micheál O Ciaraidh TG4 Teic na nGaelIs láithreoir teilifíse é Micheál Ó Ciaraidh ar Cúla4 (rannóg na ndaoine óga) TG4 agus oibríonn sé ar cúntais na meáin shóisialta TG4 chomh maith! #Teic

Nuair nach mbíonn Micheál ag snapáil nó ag déanamh míreanna beo ar Facebook agus meáin shóisialta eile, seineann sé an fidil le banna ceoil darbh ainm Spats Colombo. Táimid ar fad ag tnúth go mór le iad a fheiceáil ag an Electric Picnic arís i mbliana agus tá EP le Spats Colombo ‘Caught in a Bind’ ar fáil le híoslódáil. D’aithneá ó chanúint bhreá Micheál gurb as Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall dó.

D’iarr Teic na nGael ar Micheál – Cén Aip is fearr leat?

“Bímse gafa le mo fón agus mar sin de, tá mé ag ceapadh go bhfuil na haipeanna ar fad agam faoin am seo! Is iad na cinn a úsáidim don chuid is mó ná Facebook agus Twitter le bheith ionraic, ach ‘s an aip is fearr liom ar domhan ná ‘Soundhound’.

 “na cinn a úsáidim don chuid is mó nó Facebook agus Twitter, ach an aip is fearr liom ar domhan ná Soundhound”

“Ní aip nua atá inti ach fos féin ceapaim go bhfuil cumhachtaí osnádúrtha aici! Tá sí iontach cosúil le ‘Shazam’ san doigh ‘s gur féidir leis an aip seo ceol a aithint ó a bheith ag ‘éisteacht’ le píosa gairid uaidh.

“Mar cheoltóir, tá sé seo iontach mar is minic an am a thagann corr-séis istigh i mo cheann agus déanaim iarracht é a chanadh amach – le fáil amach go díreach cén t-amhrán atá ann. É sin ráite, agus tá mé i ndáiríre faoi seo, tá aip nua den scoth foilsithe ag Foras na Gaeilge an tseachtain seo.

“tá aip nua den scoth foilsithe ag Foras na Gaeilge an tseachtain seo le téarmaí nua ar nós ‘selfie stick’, ‘marriage equality’ agus ‘eejit’ ann”

“Sé ‘Foclóir’ Béarla – Gaeilge atá inti ach tá i bhfad níos mó ná seo amháin i gceist leis. Mar shampla, tá stóir focail nua aige le téarmaí nua ar nós ‘selfie stick’, ‘marriage equality’ agus ‘eejit’ ann. Ach ‘s an rud is glic faoi ná tá samplaí fuaime ann le ngach aon focail agus is féidir an bhealach a ndeirtear iad sna canúintí ar fad a chloisteáil. Samhlaigh dá mbeadh a leithéid ann nuair a bhí mé féin ar scoil ‘s ag iarraidh ullmhúcháin a dhéanamh don Ardteist. ‘Fá dtaobh de’ ABÚ!!!!!”

Ár mbuíochas le Micheál as ucht labhairt linn, tá sé freisin gnóthach faoi láthair mar duine de ambassadóirí Seachtain na Gaeilge na bliana seo. Bíonn sé freisin ag láithriú clár raidió ar stáisiún pobail Gaeilge Cathair na Gaillimhe Raidió na dTreabh.