MoJoCon 2017

An triú bliain de MoJoCon agus i mbliana thug RTÉ an comhdháil go Cathair na Gaillimhe. Tar éis dhá bhliain rathúil acu i mBaile Átha Cliath, i mbliana tá lá breise agus daoine bailithe in Iarthar na tíre as gach cearn den domhan.
Déardaoin 4ú Bealtaine go dtí Dé Sathairn 6ú Bealtaine in Óstán an Radisson agus le roinnt imeachtaí eile timpeall an Cathair.
Teic na nGael ag MoJoCon 2017 i nGaillimh
Is comhdháil bhliantúil MoJoCon ag díriú ar iriseoireacht mhóibíleach agus na teicneolaíochtaí ar fad a ghabhann le iriseoireacht na linne seo.

Go leor caint ar 5G.. VR.. 360.. Tá an áit lán le seastán, soilse, micreafón, aon saghas crua-earraí a bhféadfá smaoineamh orthu agus na bogearraí ar fad.

Ní gaireas agus giuirléidí amháin atá i mbéal an phobail (agus is breá linn iad!) freisin tá béim á chur ar an scéalaíocht, an luach agus an iriseoireacht féin.

Bhí díospóireacht agus plé faoi ‘bás na hiriseoireachta’ agus níor iontas dúinn go raibh ‘bréagnuacht’ luaite uair nó dhó.
Michael Rosenblum ag rá go bhfuil iriseoireacht marbh ag MoJoCon 2017

Cé go raibh Michael Rosenblum go láidir (agus glórach) i bhfabhar, go bhfuil an iriseoireacht marbh, is léir ón méid caint eile go gceapann formhóir againn go bhfuil tréithe marbh (thart) ach go bhfuil iriseoireacht féin linn agus fiúntas ann i gcónaí.

D’fhreastail gach saghas duine ar MoJoCon chomh maith, iriseoir móibíleach, teagascóir, díoltóir táirge, fiontraí…. srl. srl. agus tá teangacha éagsúla le chloisteáil i ngach áit, thug muid an Ghaeilge faoi deara go háirithe.

Bhí roinnt tuairisciú Gaeilge á dhéanamh ag RTÉ MoJoCon féin freisin.

Táimid ag tnúth go mór leis an méid atá fós le theacht ó Glen Mulcahy agus foireann MoJoCon ar fad. Ár mbuíochas leo.