Beidh iTunes á scriosadh

Tar éis 18 bliana ar an bhfód, d’fhógar Apple go mbeidh iTunes á scriosadh acu sa chéad uasdátú córas oibriúchán eile. Tháinig an scéal amach ag Comhdháil bhliantúil Apple (WWDC 2019) in San Jose, California, Meiriceá.

Craig Federighi ag wwdc2019

Tiocfaidh an córas oibriúchán macOSCatalina isteach agus scriosfar an iTunes ón Mac, ina áit, beidh na aipeanna seo:
– Apple Music
– Apple TV
– Apple Podcasts

Beidh aon ceol agus seinnliostaí a bhí agat, ar fáil go uathoibríoch ar an Aip ‘Apple Music’, beidh do chuid podchraoltaí ar ‘Apple Podcasts’ agus beidh na físeán agus scannáin ar fad ar ‘Apple TV’.

Ní hé iTunes (mar ní bheidh sé ann) ná aon ceann de na aipeanna seo a dhéanfaidh an cúltaca nó sionc leis an iPhone duit, mar a rinneadh roimhe seo. Beidh an rogha seo le fáil sa Finder.

Beidh an córas oibriúcháin nua; macOS Catalina, ar fáil, go forleathan, san Fhómhar. Mura bhfuil fonn ort fanacht go dtí Meán Fómhar, is féidir teacht ar roimhe sin – Beidh leagan beta ar fáil go poiblí an mhí seo chugainn, Mí Iúil 2019. Cláraigh anois, agus nuair a bheidh an leagan seo ar fáil duit cuirfear ar an eolas thú.

Is féidir triail a bhaint as níos túisce ná sin fiú:

Anois díreach, is féidir le forbróirí Apple, macOS Catalina (agus iOS 13) a úsáid. (Mholainn gan do phríomh gaireas a úsáid más féidir, leis an leagan beta beidh neart fabhtanna ar ndóigh.) Ní gá ach $99 a íoc le clárú mar forbróir.

Más PC atá in úsáid agat, ní bheidh aon athrú ar an iTunes seo agus fanfaidh rudaí mar an gcéanna.

WhatsApp Gaeilge

Dea-scéala eile an tseachtain seo, buíochas leis An Ríomhacadamh – na daoine atá ag obair go dian chun táirgí a aistriú go Gaeilge. Tá Gmail, Twitter, Firefox déanta agus tá aistriúchán WhatsApp ar bun.

Tá an leagan Gaeilge de WhatsApp ar fáil ar an gcóras iOS anois agus beidh leagan Android den aip le teacht go luath.

Tá an teachtaire ar fáil i 75 teanga, na leaganacha seo déanta tríd slua-aistriú – translate.whatsapp.com.

Baineann daoine níos mó úsáid as aipeanna teachtaire anois ar nós LINE, Kik, WeChat, WhatsApp, Facebook, Slack. Taispeánann WeChat go háirithe na féidearthachtaí atá ag aip teachtaire. Bíonn daoine ag ceannach ar líne agus i siopaí, ag aistriú airgead, scanadh QR agus imirt cluichí.

Baineann ós cionn 1 billiún duine úsáid as WhatsApp i níos mó ná 180 tír ar fud an domhain.