An Aip is fearr liom…

Emma Ní Chearúil – Cé hí?

Emma Ní Chearúil Oifigeach Forbartha Gaeilge - Gael-Fhorbairt na Gaillimhe Teo.
Grianghraf le Sita O’Driscoll

Is Oifigeach Forbartha le Gael-Fhorbairt na Gaillimhe í Emma Ní Chearúil, arbh as Maigh Nuad i gContae Chill Dara ó dhúchais í. Bíonn sí ag obair le grúpaí pobail – leithéidí Club na nÓg, Brunch le Gaeilge, Gaeil na Gaillimhe agus Raidió na dTreabh.

Tá sí ina bainisteoir ar an stáisiún pobail Raidió na dTreabh i gCathair na Gaillimhe, agus ar RG Lurgan, atá ar fáil mar aip (ar AndroidApple) agus a chasann popcheol Gaeilge 24/7.

D’iarr Teic na nGael ar Emma – Cén Aip is fearr leat?

“Faoi láthair agus le déanaí tá iarracht á dhéanamh agam aipeanna a sheachaint agus níos lú ama a chaitheamh le fón i mo lámha, agus mar sin níl ach cúpla ceann fágtha agam.”

“tá iarracht á dhéanamh agam le déanaí níos lú ama a chaitheamh le fón i mo lámha”

Is léir go n-aithníonn Emma an gá le smacht a bheith againn orainn féin ó thaobh an teicneolaíochta dhe. Tuigeann muid anseo ag Teic na nGael go bhfuil sé i bhfad ró-éasca a bheith sánaithe faire ar scáileáin chuile nóiméad den lá!

“Ní fhéadfainn maireachtáil gan na cuide seo áfach!”

Is fearr cinnte an mheasarthacht a dhéanamh. Tá dúil anois againn a chloisteáil céard iad na ceanna atá fanta ina saol. Sé Instagram an chéad aip a luann sí agus mar is eol do dhuine ar bith a bhíonn í leanúint, is breá léi é.

“Twitter ceann eile lena bhfuil mé gafa fós, cé nach bhfuil sé ar m’fhón agam a thuilleadh!”

“Is féidir am a chur amú ag scrolláil ar aip shóisialta ar bith, ar ndóigh, ach más féidir staonadh uaidh sin, sílim go bhfuil buntáistí eile ag Instagram.”

“Seachas d’aird a tharraingt ón saol mór agus a dhíriú isteach ar an scáileán beag, sílim go spreagann Instagram mé níos mó airde a thabhairt ar na rudaí áille atá thart timpeall orainn. Stopann daoine le bheith ag breathnú ar spéir dheas nó rudaí fánacha aisteacha ar na sráideanna dá bharr agus sílim gur álainn an rud é sin!”

“Is breá liom Instagram, sílim go spreagann Instagram mé níos mó airde a thabhairt ar na rudaí áille atá thart timpeall orainn.”

Ní hiad Instagram agus Twitter amháin atá fágtha i saol Emma Ní Chearúil. Ar ndóigh, cuireann sí an-suim sa cheol.

“Ceann eile nach bhféadfainn maireachtáil gan é ná Spotify, agus sílim gurb é an €9 is fearr a chaithim chuile mhí – spreagann sé mé agus mé ag rith, cuireann sé ar mo shuaimhneas mé agus is maith liom éisteacht leis ar an mbus, ag ligint orm fhéin go bhfuil fuaimrian á chasadh do scannán mo shaoil. Tá sé cosúil le iTunes gan limistéar a bheith agat!

“sílim gurb é an €9 is fearr a chaithim chuile mhí ná Spotify”

“Tá GarageBand agam freisin, atá iontach le dréachtaí ar chaighdeán maith a thaifead d’amhráin más ceoltóir thú!”

Seachas an Aip atá 4.99 le cheannacht, tá Garageband mar cuid den phacáiste iLife atá saor in aisce ar aon Mac nua (chomh maith le iMovie agus Photos) Ach ní gach duine a bhíonn ar an t-idirlíon ar ríomhairí a thuilleadh, mar a mheabhraíonn Emma dúinn – a chuireann iontas orainn mar nach bhfuil ríomhaire glúine aici! (Níl fhios agam an bhféadfadh muidne maireachtáil gan é)

“Faoi láthair níl teilifís ná ríomhaire glúine agam agus mar thoradh ar sin táim gafa ag podchraoltaí agus raidió – cláir faisnéise, cláir chainte, cláir cheoil, rud ar bith i ndáiríre! Tá Podcasts iontach mar gur féidir podchraoltaí ó shuíomhanna agus stáisiúin éagsúla (Raidió na dTreabh ina measc!) a roghnú agus fógra a fháil nuair a bhíonn cláir nua ar fáil!”

Ár mbuíochas le Emma Ní Chearúil, ar féidir a leanacht ar Instagram agus ar Twitter. Freisin, tá Podchraoltaí Raidió na dTreabh ar iTunes

Lá na Meán Sóisialta i Facebook

Inniu bhí imeacht do dhéagóirí i gCeanncheathrú Facebook i mBaile Átha Cliath mar chuid de Lá na Meán Sóisialta…

Daltaí Scoile ag imeacht #LNMS17 i gCeanncheathrú Facebook i mBaile Átha Cliath
Pictiúr: Conor McCabe Photography

Tá Lá na Meán Sóisialta ar siúl inniu (Déardaoin, 16 Márta) mar chuid de Sheachtain na Gaeilge le Energia 2017.

Is í aidhm Lá na Meán Sóisialta úsáid na Gaeilge ar na meáin shóisialta a mhéadú thar cuimse sa dara lá deireanach de Sheachtain na Gaeilge le Energia 2017 agus í ag druidim i dtreo cheiliúradh mór na Féile Pádraig. Tá Seachtain na Gaeilge le Energia ag súil leis an oiread daoine, scoileanna, eagraíochtaí agus grúpaí agus is féidir a spreagadh chun Gaeilge agus an haischlib #LNMS17 a úsáid ar na meáin shóisialta ar an lá.

Niamh Ní Chróinín, Raidió Rí-Rá; Edel Ní Bhraonáin, Na Gaeil Óga; Cormac Breathnach, Foclóir.ie
Mar chuid de Lá na Meán Sóisialta, bhí ócáid ar siúl do dhaltaí meánscoile in oifigí Facebook i mBaile Átha Cliath. Bhí beirt ambasadóirí de Sheachtain na Gaeilge le Energia 2017 i láthair; Miriam O’Callaghan a bhí ina bean an tí, agus Micheál Ó Ciaraidh a bhí ar an bpainéal cainteoirí, in éineacht le Cara Nig Fhearraigh ó Facebook, Cormac Breathnach ón bhFoclóir Nua, Niamh Ní Chróinín ó Raidió Rí-Rá agus Edel Ní Bhraonáin ó CLG Na Gaeil Óga.

Cormac Breathnach ag taispeáint dúinn na focail nua ar focloir.ie ag #LNMS17
Is féidir leat fós páirt a ghlacadh i Lá na Meán Sóisialta trí phostáil as Gaeilge ar leithéidí Facebook, Twitter, Instagram agus Snapchat agus an haischlib #LNMS17 a úsáid.

Lá na Meán Sóisialta

Amárach, Déardaoin 16 Márta 2017 is Lá na Meán Sóisialta a bheas ann. Cosúil le aon imeacht eile ar líne, cuma cá bhfuil tú lonnaithe ar domhan, is féidir linn ar fad páirt a ghlacadh. Níl orainn ach an haischlib #LNMS17 a úsáid agus beidh an haischlib céanna á núsáid ar na meáin shóisialta ar fad.

#LNMS17 Lá na Meán Sóisialta 2017Bheartaigh foireann Sheachtain na Gaeilge céiliúradh a dhéanamh ar an méid Gaeilge a úsáidtear ar líne, atá ag fás in aghaidh an lae. Ar ndóigh tá an ceiliúradh seo á dhéanamh le linn Sheachtain na Gaeilge le Energia. Tá Facebook agus comhlachtaí idirnáisiúnta teicneolaíochta eile ag obair seasta leis an teanga a chur chun cinn agus bíonn na mílte ag baint úsáid as a gcuid Gaeilge ar na meáin shóisialta.

Deis atá anseo chun daoine fud fad an domhain a spreagadh le níos mó Gaeilge a úsáid ar an lá seo ach go háirithe. Is í an Ghaeilge ceann de na 100 teangacha is gníomhaí ar líne. Is léir an t-éileamh atá uirthi ó na seirbhisí atá ar fáil anois trí Ghaeilge; téacsáil réamhaithriseach, aipeanna agus na céadta suíomhanna idirlíne.

logo Conradh an Gaeilge agus Seachtain na Gaeilge le Energia Tá imeachtaí ar fad Seachtain an Gaeilge ar an suíomh gréasáin agus ar an Aip atá ar fáil saor in aisce ar GooglePlay agus Apple.