MoJoCon 2017

An triú bliain de MoJoCon agus i mbliana thug RTÉ an comhdháil go Cathair na Gaillimhe. Tar éis dhá bhliain rathúil acu i mBaile Átha Cliath, i mbliana tá lá breise agus daoine bailithe in Iarthar na tíre as gach cearn den domhan.
Déardaoin 4ú Bealtaine go dtí Dé Sathairn 6ú Bealtaine in Óstán an Radisson agus le roinnt imeachtaí eile timpeall an Cathair.
Teic na nGael ag MoJoCon 2017 i nGaillimh
Is comhdháil bhliantúil MoJoCon ag díriú ar iriseoireacht mhóibíleach agus na teicneolaíochtaí ar fad a ghabhann le iriseoireacht na linne seo.

Go leor caint ar 5G.. VR.. 360.. Tá an áit lán le seastán, soilse, micreafón, aon saghas crua-earraí a bhféadfá smaoineamh orthu agus na bogearraí ar fad.

Ní gaireas agus giuirléidí amháin atá i mbéal an phobail (agus is breá linn iad!) freisin tá béim á chur ar an scéalaíocht, an luach agus an iriseoireacht féin.

Bhí díospóireacht agus plé faoi ‘bás na hiriseoireachta’ agus níor iontas dúinn go raibh ‘bréagnuacht’ luaite uair nó dhó.
Michael Rosenblum ag rá go bhfuil iriseoireacht marbh ag MoJoCon 2017

Cé go raibh Michael Rosenblum go láidir (agus glórach) i bhfabhar, go bhfuil an iriseoireacht marbh, is léir ón méid caint eile go gceapann formhóir againn go bhfuil tréithe marbh (thart) ach go bhfuil iriseoireacht féin linn agus fiúntas ann i gcónaí.

D’fhreastail gach saghas duine ar MoJoCon chomh maith, iriseoir móibíleach, teagascóir, díoltóir táirge, fiontraí…. srl. srl. agus tá teangacha éagsúla le chloisteáil i ngach áit, thug muid an Ghaeilge faoi deara go háirithe.

Bhí roinnt tuairisciú Gaeilge á dhéanamh ag RTÉ MoJoCon féin freisin.

Táimid ag tnúth go mór leis an méid atá fós le theacht ó Glen Mulcahy agus foireann MoJoCon ar fad. Ár mbuíochas leo.

F8

Bhí comhdháil bliantúil Facebook d’fhorbróirí ar siúl inné agus inniu i San Jose, California in Ionad Comhdhála McEnery (18 agus 19 Aibreán 2017.)

Ba é an 10ú bhliain den F8, mar a ghlaoightear ar, (www.fbf8.com) agus ar ndóigh bhí gach duine ag fanacht agus ag tnúth leis an méid a bhí le rá ag POF Mark Zuckerberg.

Na bliana seo caite, d’fhoilsigh siad an mapa seo i gcóir bóthar Facebook na 10 mbliana.
Facebook 10 year Roadmap 2016
Chonaic muid seo i Mí Aibreán 2016 agus le gairid chonaic muid scéalta ‘Snapscéal-cosúlachta’ ar Instagram agus Facebook.

Rinne Zuckerberg arís go leor cainte ar réaltacht bhreisithe. Mar chuid dá plean chun méadú a dhéanamh ar réaltacht bhreisithe, thaispeán POF Facebook an t-ardán maisíochtaí ceamara. Is uirlisí atá ann do fhorbróirí lasmuigh a úsáid chun aipeanna réaltacht bhreisithe a thógáil ar féidir theacht orthu trí ceamara atá ann ag aip Facebook. Seans go nosclaíonn seo na doirse go féidireachtaí Facebook, ábhar cosúil le ‘Pokémon Go’ nó rud éigin dá leithéidí.

Tá fhios againn le roinnt blianta anuas, agus feictear go soiléar ar an mapa 10 mbliana, nach suíomh meáin shóisialta amháin atá i Facebook. Is mó comórtas díreacht a bhíonn acu le gnóthaí Google nó Apple.

Is léir go bhfuil Facebook ag cinntiú go gcoinneoidh siad rudaí suimiúil ní amháin don ghnáth úsaideoir, ach tá siad freisin ag smaoineamh ar na forbróirí seasta, agus ábhar suimiúil ann dóibh le go leanfaidh siad orthu ag cruthú aipeanna agus a leithead taobh istigh do Facebook.