Lá na Meán Sóisialta i Facebook

Inniu bhí imeacht do dhéagóirí i gCeanncheathrú Facebook i mBaile Átha Cliath mar chuid de Lá na Meán Sóisialta…

Daltaí Scoile ag imeacht #LNMS17 i gCeanncheathrú Facebook i mBaile Átha Cliath
Pictiúr: Conor McCabe Photography

Tá Lá na Meán Sóisialta ar siúl inniu (Déardaoin, 16 Márta) mar chuid de Sheachtain na Gaeilge le Energia 2017.

Is í aidhm Lá na Meán Sóisialta úsáid na Gaeilge ar na meáin shóisialta a mhéadú thar cuimse sa dara lá deireanach de Sheachtain na Gaeilge le Energia 2017 agus í ag druidim i dtreo cheiliúradh mór na Féile Pádraig. Tá Seachtain na Gaeilge le Energia ag súil leis an oiread daoine, scoileanna, eagraíochtaí agus grúpaí agus is féidir a spreagadh chun Gaeilge agus an haischlib #LNMS17 a úsáid ar na meáin shóisialta ar an lá.

Niamh Ní Chróinín, Raidió Rí-Rá; Edel Ní Bhraonáin, Na Gaeil Óga; Cormac Breathnach, Foclóir.ie
Mar chuid de Lá na Meán Sóisialta, bhí ócáid ar siúl do dhaltaí meánscoile in oifigí Facebook i mBaile Átha Cliath. Bhí beirt ambasadóirí de Sheachtain na Gaeilge le Energia 2017 i láthair; Miriam O’Callaghan a bhí ina bean an tí, agus Micheál Ó Ciaraidh a bhí ar an bpainéal cainteoirí, in éineacht le Cara Nig Fhearraigh ó Facebook, Cormac Breathnach ón bhFoclóir Nua, Niamh Ní Chróinín ó Raidió Rí-Rá agus Edel Ní Bhraonáin ó CLG Na Gaeil Óga.

Cormac Breathnach ag taispeáint dúinn na focail nua ar focloir.ie ag #LNMS17
Is féidir leat fós páirt a ghlacadh i Lá na Meán Sóisialta trí phostáil as Gaeilge ar leithéidí Facebook, Twitter, Instagram agus Snapchat agus an haischlib #LNMS17 a úsáid.

121 Digital . ie

Céard é 121 Digital.ie ?

Ceachtanna idirlíne d’fhoghlaimeoirí ar bith, tosaitheoirí go leor acu sin ach ní gá ach oiread. Cuma más tosaitheoirí nó ar leibhéal idirmheánach – daoine ábalta idirlíon a úsáid ach ceisteanna acu nó spéis acu rudaí a fhoghlaim. Bíonn na ceachtanna saor in aisce dóibh agus téann na teagascóirí agus na ceachtanna ar aghaidh ar comhchéim leis an bhfoghlaimeoir.

Tá ós cionn 70 ionad foghlamtha ar fud na tíre, idir gnólachtaí, scoileanna, ollscoileanna agus Coláistí IT ina measc iad siúd atá á reachtáil.

Tarraingíonn 121 Digital pobal le chéile, go minic idirghlúine a bhíonn i gceist agus is féidir le daoine fásta teicneolaíocht agus cúrsaí idirlíne a fhoghlaim ó duine óg atá ag tabhairt a gcuid ama go dheonach chun na scileanna atá acu a roinnt.

121 Digital project in Galway City organised by Galway2020 Volunteers

Cé go mbíonn go leor difríochtaí idir ghlúnta éagsúla, trí 121 Digital tá na glúine ag foghlaim óna chéile.

Go dtí seo níor thriall ach ionad foghlamtha amháin an tionscnamh rathúil seo a reachtáil trí Ghaeilge, agus b’shin buíochas le Pádraig Ó Dubhaigh an múinteoir Fraincíse agus teicneolaíocht faisnéise i bPobalscoil Corca Dhuibhne sa Daingean i gContae Chiarraí.

Duine óga ag cabhrú le duine fásta 121 Digital trí Ghaeilge Pobalscoil Corca Dhuibhne

Tá na cáipéisí agus an leagan nua de na ceachtanna 121 Digital anois ar fad á aistriú go Gaeilge agus beidh Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua i gConamara Contae na Gaeillimhe ag tabhairt faoi an togra trí Ghaeilge an tseachtain seo chugainn.

Lá na Meán Sóisialta

Amárach, Déardaoin 16 Márta 2017 is Lá na Meán Sóisialta a bheas ann. Cosúil le aon imeacht eile ar líne, cuma cá bhfuil tú lonnaithe ar domhan, is féidir linn ar fad páirt a ghlacadh. Níl orainn ach an haischlib #LNMS17 a úsáid agus beidh an haischlib céanna á núsáid ar na meáin shóisialta ar fad.

#LNMS17 Lá na Meán Sóisialta 2017Bheartaigh foireann Sheachtain na Gaeilge céiliúradh a dhéanamh ar an méid Gaeilge a úsáidtear ar líne, atá ag fás in aghaidh an lae. Ar ndóigh tá an ceiliúradh seo á dhéanamh le linn Sheachtain na Gaeilge le Energia. Tá Facebook agus comhlachtaí idirnáisiúnta teicneolaíochta eile ag obair seasta leis an teanga a chur chun cinn agus bíonn na mílte ag baint úsáid as a gcuid Gaeilge ar na meáin shóisialta.

Deis atá anseo chun daoine fud fad an domhain a spreagadh le níos mó Gaeilge a úsáid ar an lá seo ach go háirithe. Is í an Ghaeilge ceann de na 100 teangacha is gníomhaí ar líne. Is léir an t-éileamh atá uirthi ó na seirbhisí atá ar fáil anois trí Ghaeilge; téacsáil réamhaithriseach, aipeanna agus na céadta suíomhanna idirlíne.

logo Conradh an Gaeilge agus Seachtain na Gaeilge le Energia Tá imeachtaí ar fad Seachtain an Gaeilge ar an suíomh gréasáin agus ar an Aip atá ar fáil saor in aisce ar GooglePlay agus Apple.

Cluasraon.ie

Tá suíomh gréasáin cluasraon.ie beo ar líne ón chéad lá mí Márta 2017. Cuireadh tús leis an togra ag tús na bliana agus is Críostóir Ó Faoláin agus a bhean chéile Natália atá taobh thiar dhe.

Labhair Teic na nGael le Críostóir chun níos mó eolas a fháil..

“Cathaim an t-úafás ama ar líne, ar Facebook/Twitter, ag léamh scéalta nuachta, ag breathnú ar físeán YouTube agus ag éisteacht le podchraoltaí.”

D’inis Críostóir dúinn gur thug sé faoi deara gur Béarla is mó a bhí san ábhar YouTube a bhí sé ag feachaint air agus an scéal céanna le na podchraoltaí a bhí sé ag eisteacht leo.

“Mhothaigh mé go raibh easnamh ann ó thaobh ábhar físeán agus fuaime ar líne.”

“Chuaigh mé ag lorg ábhar den tsaghas sin i nGaelainn, ach is fíor bheagán de a bhí ar fáil. D’fhéadfá na cainéil YouTube a chuireann ábhar Gaelainn ar fáil go rialta a áireamh ar aon lámh amháin.”

Shocraigh siad beirt sraith físeán a chur amach agus sraith a chur muide go leor spéise ann ach go háirithe ná na sraithe darbh ainm ‘Fios’ ina bhfuil cúrsaí eolaíochta agus teicneolaíochta á phlé.

Cuireadh an céad ceann amach le déanaí ag plé an Nintendo Switch a seoladh tús na míosa.

“Tá uainn ábhar nua a chur ar fáil i nGaelainn ar YouTube. Ó thaobh na podchraoltaí de, seachas ábhar d’fhoghlaimeoirí amháin, agus ábhar na stáisiún raidió, déanaim amach nach raibh ach ceann amháin ar fáil i nGaeilge. Bím ag éisteacht leis an t-úafás podchraoltaí Béarla agus tá uaim go mbeidh níos mó ar fáil i nGaelainn.”

cluasraon.ie

Ardán d’ábhar digiteach ar ardchaighdéan is ea cluasraon.ie ar féidir a leanacht ar na meáin shóisialta chomh maith ar Twitter, Facebook agus Instagram.

Ná dearmad an cainéal YouTube. Guímid gach rath orthu!

An Aip is fearr liom…

Micheál Ó Ciaraidh – Cé hé?

Micheál O Ciaraidh TG4 Teic na nGaelIs láithreoir teilifíse é Micheál Ó Ciaraidh ar Cúla4 (rannóg na ndaoine óga) TG4 agus oibríonn sé ar cúntais na meáin shóisialta TG4 chomh maith! #Teic

Nuair nach mbíonn Micheál ag snapáil nó ag déanamh míreanna beo ar Facebook agus meáin shóisialta eile, seineann sé an fidil le banna ceoil darbh ainm Spats Colombo. Táimid ar fad ag tnúth go mór le iad a fheiceáil ag an Electric Picnic arís i mbliana agus tá EP le Spats Colombo ‘Caught in a Bind’ ar fáil le híoslódáil. D’aithneá ó chanúint bhreá Micheál gurb as Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall dó.

D’iarr Teic na nGael ar Micheál – Cén Aip is fearr leat?

“Bímse gafa le mo fón agus mar sin de, tá mé ag ceapadh go bhfuil na haipeanna ar fad agam faoin am seo! Is iad na cinn a úsáidim don chuid is mó ná Facebook agus Twitter le bheith ionraic, ach ‘s an aip is fearr liom ar domhan ná ‘Soundhound’.

 “na cinn a úsáidim don chuid is mó nó Facebook agus Twitter, ach an aip is fearr liom ar domhan ná Soundhound”

“Ní aip nua atá inti ach fos féin ceapaim go bhfuil cumhachtaí osnádúrtha aici! Tá sí iontach cosúil le ‘Shazam’ san doigh ‘s gur féidir leis an aip seo ceol a aithint ó a bheith ag ‘éisteacht’ le píosa gairid uaidh.

“Mar cheoltóir, tá sé seo iontach mar is minic an am a thagann corr-séis istigh i mo cheann agus déanaim iarracht é a chanadh amach – le fáil amach go díreach cén t-amhrán atá ann. É sin ráite, agus tá mé i ndáiríre faoi seo, tá aip nua den scoth foilsithe ag Foras na Gaeilge an tseachtain seo.

“tá aip nua den scoth foilsithe ag Foras na Gaeilge an tseachtain seo le téarmaí nua ar nós ‘selfie stick’, ‘marriage equality’ agus ‘eejit’ ann”

“Sé ‘Foclóir’ Béarla – Gaeilge atá inti ach tá i bhfad níos mó ná seo amháin i gceist leis. Mar shampla, tá stóir focail nua aige le téarmaí nua ar nós ‘selfie stick’, ‘marriage equality’ agus ‘eejit’ ann. Ach ‘s an rud is glic faoi ná tá samplaí fuaime ann le ngach aon focail agus is féidir an bhealach a ndeirtear iad sna canúintí ar fad a chloisteáil. Samhlaigh dá mbeadh a leithéid ann nuair a bhí mé féin ar scoil ‘s ag iarraidh ullmhúcháin a dhéanamh don Ardteist. ‘Fá dtaobh de’ ABÚ!!!!!”

Ár mbuíochas le Micheál as ucht labhairt linn, tá sé freisin gnóthach faoi láthair mar duine de ambassadóirí Seachtain na Gaeilge na bliana seo. Bíonn sé freisin ag láithriú clár raidió ar stáisiún pobail Gaeilge Cathair na Gaillimhe Raidió na dTreabh.

An Aip is fearr liom…

Conchubhair Mac Lochlainn – Cé hé?

Grianghraf de ConchubhairIs físghrafadóir tráchtála agus sainchomharlaí digiteach agus cumarsáide é Conchubhair Mac Lochlainn, gur leis Acmhainní Teoranta – an t-aon gníomhaireacht digiteach iomlán dhá-theangach sa tír. Muineachánach ó dhúchais, tá sé anois lonnaithe idir Baile Átha Troim agus lár na Cathrach Átha Cliath. Agus rochtain aige ar leathanbhanda réasúnta gasta, is féidir leis feidhmiú ar son réimse leathan cliaint fud fad an domhain ar-líne, gan fiú tír ná teach a fhágáil. Is Cathaoirleach é ar Seachtain na Gaeilge le Energia ar siúl anois.

D’iarr Teic na nGael ar Conchubhair – Cén Aip is fearr leat?

“An aip is fearr liom faoi láthair, agus déarfainn go gcuirfeadh sé seo iontas ar roinnt mhaith daoine, ná feidhmchlár ‘SnaG 2017’ atá ar fáil ar iTunes agus Google Play. Is liosta cuimsitheach ar gach imeacht áitiúl, is cuma cá háit ar domhain, atá ag tarlú don Féile is mó riamh d’ár dteanga dúchais faoi láthair.”

An aip is fearr liom faoi láthair, agus déarfainn go gcuirfeadh sé seo iontas ar roinnt mhaith daoine, ná feidhmchlár ‘SnaG 2017’

“Tá Seachtain na Gaeilge le Energia ag dul ó neart go neart le cúpla blian anuas, a bhuíochas leis an bhfoireann cumasach atá againn, ach is tábhachtach cuimhniú gur bunaithe ar an phobal atá an rath sin, agus ar an pobal céanna a mbraitheann an féile fhéin.”

“Sin an fáth gur go h-uile is go h-iomlán slua-fhoinnsithe atá na sonraí don aip. Ní bheadh muid in ann gach imeacht a chlárú fé mar a tháinig na sonraí chugainn san oifig, agus mar thoradh tá an inneal taobh thiar den aip, a d’fhorbair Pangr dúinn, thar a bheith cliste. Agus na sonraí leagtha amach mar is ceart ar an bhfoirm ar líne, cruthaítear an t-imeacht d’aon ghnó. Ansin, agus é ina luí ar an mbunachar sonraí, níl le déanamh ag an úsáideoir ach rogha a dhéanamh cén saghas imeacht atá uathu, agus cé chomh chongaireach dóibh – is féidir leas a bhaint as an GPS ar an ngléas atá acu imeachtaí a thaispeáint de réir cóngaireacht.”

Níl le déanamh ag an úsáideoir ach rogha a dhéanamh ar cén saghas imeacht atá uait, agus cén fhaid uait – is féidir leas a bhaint as an GPS ar do ghléas chun imeachtaí a thaispeáint de réir cóngaireacht

“Is dócha gurb iad san na smaointí is fearr ó taobh an saol digiteach de: Rudaí thar a bheith simplí ag breathnú, atá rúinín beag d’éirimiúlacht taobh thiar dóibh, agus a dhéanann saol an úsáideora – ach go háirithe dóibh san l’Acmhainní teoranta (boom boom!) – giota beag níos éasca.”

Ár mbuíochas le Conchubhair as ucht labhairt linn (agus as ucht an imeartas focal) Is féidir níos mó eolas a fháil faoi a ghnó ‘‘Achmhainní Teo.’ ar líne

Is féidir Aip Seachtain na Gaeilge a íoslódáil saor in aisce ó iTunesGooglePlay.

Rogha Gaeilge

Gmail liosta teangacha agus rogha Gaeilge
Is dócha go bhfuil an t-ádh orainn go bhfuil gnólachtaí móra teicneolaíochta in Éireann.. Ceannáras ag a leithéidí Google, Facebook agus Twitter i mBaile Átha Cliath.

Tá rogha Gaeilge ar fáil orthu seo a leanas, an mbaineann tú úsáid as an rogha?

Google / Gmail
Facebook
Twitter
Skype
Firefox / Internet Explorer

Bhí eolas iontach go dtí seo ar an suíomh nascanna.com (ach ní bheidh an suíomh sin á athnuachan)